Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/25

This page has not been proofread.

17

i moinḟear ’s ḃeiṫ ag iarraiḋ í ṡeólaḋ ar an muir sin leis an méad feamainne ḃí ann.

Seaċtṁain ḋóiḃ ar an muir sin. Ċeapaḋ duine gur i lár páirce ḃeaḋ sé, ḃí an ḟairrge ċoṁ glas sin. I gceann na seaċtṁaine ḃain mairnéalaċ an tsrón de’n ċócaire le deoċ dá ċuid fola d’ḟaġáil, agus d’imṫig leis ar fud na luinge n-a ġeilt.

Aċt ḃí an Ḃrideóg ag dul le sruṫ ar feaḋ an aċair, agus an t-oċtṁaḋ lá déag agus dá ḟiċid dóiḃ ar ṁuir d’ḟágadar an Saragosaċ n-a ndiaiḋ.

IX.

Má d’ḟágadar an Saragósaċ féin ba ḃeag an baoġal dóiḃ ḃeiṫ ó ċontaḃairt go fóill. Ḃíodar ar ḃeagán biḋ agus ar ġann-ċuid uisge; ḃí áḋmuid na luinge sgoilte le teas mór na gréine ionnós go mb’éigin dóíḃ ḃeiṫ ag caidéal ó ḋuḃ go duḃ. Agus le bárr ar an anró, ḃí Satan agus a ċoṁluċt ag faire agus ag fana- ṁaint go ḃfuiġidís faill ar an gcaiptín agur ar a ṁuinntir. Séard a ḃí uaṫa a marḃuġaḋ agus an long ḃeiṫ faoi n-a riar féin aca.

Ḃíodar uile ar ġann-ċuid uisge mar duḃraḋ, aċt ní ḃíoḋ Máire Ḃán agus an Búrla gan fliuċaḋ béil: na tógtar ar a máṫair gur ċuir sí ceigín beag i dtaisge ḋóiḃ sa gcabán.

Ḋúisiġ Máire Ḃán as a codlaḋ oiḋċe. A ḋul i gcuideaċtain a haṫar a ḃí ag an roṫa stiúrṫa, sin é ḃí uaiṫe; aċt ar eagla go gcuirfeaḋ a máṫair cosg léiṫe, ní suas an staiġre beag ċuaiḋ sí aċt leig sí síos trí poll mór í féin, go raiḃ sí ṡíos i dtóin na luinge. Ċuaiḋ sí ṫríd an bpoll sin cúpla uair ċeana, aċt go raiḃ an lá ann. Ní raiḃ léas soluis le feiceál aice i mbroinn na luinge, agus ġaḃ uaṁan í. Ċáiṫ sí uair a ċluig, nó ós a ċionn, ag láiṁseáil timċeall ag iarraiḋ an bealaċ a ḋéanaṁ sa bpoll duḃ dorċa. Annsin ḃris a gol uirṫi. Ḃí sí cinnte go ḃfaiġeaḋ sí bás gan caḃair

C