Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/34

This page has not been proofread.

26

“Ḃfuil aon niḋ le ráḋ ag an bpríosúnaċ sul a ḃéarfaiḋ mé breiṫ an ḃáis air?” ar seisean.

Níor laḃair an Caiptín Munar laḃair, ṡíl a ḃean. Laḃairt ar a ṡon, aċt níor tugaḋ cead cainnte ḋi.

“Mara ḃfuil aon ċeó le raḋ aige,” arsa Satan, “ḃéarfad mo ḃreiṫ.”

Ċuir sé caipín duḃ ar a ċeann. D’ḟáisg sé an crios iongantaċ a ḃí faoi n-a ċom. Ċaiṫ sé cúpla smugairle uaiḋ ar a ṡean-nós féin, agus d’ḟéaċ go dúr ar an gCaiptín. Níor ṫuig an Búrla boċt cé’n ḟéaċaint ait ḃaineas le fiarṡúil, agus ċeap sé gur air féin ḃí sé ag féaċaint agus ṫosaiġ sé ag sgreadġail.

“Mara ḃfuil aon ċeó le ráḋ aige,” arsa Satan, “siuḃlaḋ sé an clár i gceann ceaṫraṁaḋ uaire”

“Siuḃlaḋ sé an clár! Siuḃlaḋ sé an clár! Tá an bás sin tuillte aige,” ar siad uile go léir d’aon ġuṫ.

Ċuaiḋ an Caiptín ar a ġlúnaiḃ agus duḃairt sé cúpla paidir ós íseal. D’eiriġ sé agus d’ḟág slán agus beannaċt ag a ṁnaoi agus ag a ċlainn. Sacaḋ amaċ clár an ḃáis ós cionn na fairrge. D’eiriġ leis ḋul i n-áirde air gan caḃair gan congnaṁ má ḃí slaḃraí troma féin air. Agus do ṡiuḃail go deas réiḋ go raiḃ ġá ċeann beagnaċ. Annsin caiṫeaḋ suas san aér é, agus síos leis go tóin puill na fairrge.

Ní raiḃ a rian le feiceál i gceann ḋá noiméid aċt na súilíníḃ ḃí ag eirġe aníos go barr an uisge....


XII.

Is annsin d’eiriġ bean an Ċaiptín n-a ceartṡeasaṁ i láṫair na cuideaċtan. Ṫug sí trí léim ar urlár na luinge, agus an ceaṫraṁaḋ léim ḃeaḋ sí ṫar bord agus i n-aon uaiġ leis an ḃfear a ġráḋaiġ sí, maraċ go rug beirt ṁairnéalaċ uirṫi.

Nuair naċ raiḃ sé n-a cumas í féin a ḃáṫaḋ le n-a fear duḃairt sí an ċainnt seo, agus í ag féaċaint síos san ḃfairrge ḋoiṁin mar ar báṫaḋ a céile ionṁuin:

“Ba tú mo laoċ, mo ċuid, mo ċéile; ba tú an curaḋ