Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/35

This page has not been proofread.

27

calma cróḋa nár staon ariaṁ; ba tú m’ḟuiseóg le ceól agus le briaṫraiḃ boga binne; ba tú mo ċrann cosanta i ngaċ contaḃairt; ba tú an fear le héisteaċt do b’ḟeárr ḃí ar an saoġal seo ariaṁ; ní raiḃ áileaċt ann gur rugaḋ tú; ní raiḃ calmaċt ann gur tógaḋ ṫú; ní raiḃ láġaċt ann go dtáinig tú ar an saoġal....

“Agus anois atá sé imṫiġṫe uaim; súil ní ḟágfad arís go deó ar a ċeann ṁaiseaċ, ar a ġruaiḋ aoiḃinn, ar a ġuailniḃ láidre, ar a éadan ṡoineanta, ar a ḃéal nár innis bréag ariaṁ, ar na pusa sin ḃeireaḋ póg ḋom go díl agus go díoċraċ, ar a ṡróin ḃreáġ uasail, ar a smig naċ raiḃ beag....

“Naċ truaiġ mé indiu gan mo ġaisgiḋeaċ, gan mo ṡeadaire, gan mo ġiolla uasal, gan an leoṁan dás- aċtaċ a lúbaḋ fir an doṁain ṁóir, gan áilleán bréagṫa na bpáisdí, gan curaḋ meallta na mban, gan an peata a ṫógaḋ an brón de mo ċroiḋe le blas a ṗóige....”

Nuair ba ḃrónaiġe a ṁáṫair ṫosaiġ an Búrla ag gáire agus ag bualaḋ bos, mar níor ṫuig an díleaċta boċt céard a ḃí ar siuḃal nó céard d’éiriġ dá aṫair. Ċeap sé gur cineál cluiċe ḃí ar bun aca, agus ḃí sé ag baint grinn ṁóir as. Rug sé ar ḃinn gúna ar a ṁaṫair, agus ḃíoḋ ag fiafraiġ ḋi cá ndeaċa a aṫair i ḃfolaċ uaṫá, nó an le breiṫ ar iasg i gcoṁair a mbéile ċuaiḋ sé go tóin puill. Aċt ní ḃfuair sé fuasgailt na ceiste sin ó’n ṁnaoi ċráiḋte.

Ḃí sí ag molaḋ a fir go deas fileata nuair ċuir Satan isteaċ uirṫi go sgigeaṁail. Annsin ṫug sí aġaiḋ ar an duine sin.

“A ṁic an diaḃail,” ar sise, agus ṡil sí a cuid iongan a ċur n-a ċuid feóla aċt cuireaḋ cosg léiṫe.

Nuair nár eiriġ léiṫe sin a ḋéanaṁ ċuaiḋ sí ar a ḋá glúin agus rinne sí tairngearaċt ċuis uaṫḃás ar ḟuirinn na Brídeóige.

“Ċím long ḋuḃ.” ar sise agus duṫraċt n-a glór, “ċím long ḟada ḋuḃ ag imṫeaċt ar ḃarr na fairrge gan stiúr gan treóir. An ḟuireann atá ar bord na luinge sin, an méid is beó díoḃ, táid caiṫte ṫall is i