Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/36

This page has not been proofread.

28

ḃfus gan ionnta láṁ a ċorruġaḋ leis an tart agus leis an ocras mór atá orṫa. Ċím fear beag gan srón n-a ṡeasaṁ ar urlár na luinge duiḃe agus é ag cainnt agus ag síor-ċainnt ar ḟeóil ṁéiṫ agus ar ḟíor-uisge agus gan greim de’n ḟeóil ná braon de’n uisge i ndán dó, ċím é ag fáġail ḃáis leis an tart agus ag iarraiḋ é féin a ċaiṫeaṁ isteaċ sa ḃfairrge aċt naċ ḃféadann sé mar ġeall ar na slaḃraí móra atá ġá ċeangal de ċrann tosaiġ na luinge.... féaċ é! féaċ é agus a ṫeanga ṫirm ċalca ag sileaḋ leis, agus é ag iarraiḋ ar Ḋia fóirṫín air. Aċt níl fóirṫin i ndán ḋó....”

D’ḟéaċ sí ar an gcócaire ċiall a ṡrón. Staon reisean. Ṫosaiġ sé ag déanaṁ coṁarṫa na Croise ar a éadan. Ċeap an ḟuireann go raiḃ sé ar buile.

Lean an ḃean do’n ċainnt.

“Ċím fear árd géagaċ atá ar leaṫ-ċluais ar croċaḋ as ná maidíḃ treasna,” ar sise; “leis an gcrot atá ar is soiléir go ḃfuil sé ar croċaḋ ann le aċar fada, mar níl sgioltar feóla air naċ ḃfuil piocṫa ag éanlaiṫ amplaċa na mara. Ċím a easnaċa loma, ċím realtóga na spéire duiḃe ag lonnraḋ ṫríd an gcaḃail ġránda sin....”

“Buailtear sa ċeann í” arsa Satan, mar ḃí ḟios aige gur ḋó ḟéin ḃí sí ag tagairt.

Bualaḋ. Níor cluineaḋ a ṫuilleaḋ cainnte uaiṫi. Aċt ċuir a cuid cainnte uaṁan ar na mairnéalaiġiḃ, agus duḃairt duine aca le duine eile go mbeaḋ easnaċa an ḟir áird luim sin a ḃí ar leaṫ-ċluais ag dul idir é agus codlaḋ na hoiḋċe go lá a ḃáis.

“Naċ uaṫḃásaċ an rud,” arsa duine, “réaltóga na spéire ḟeiceál ag lonnraḋ ṫrí t’easnaċa loma!”

“Agus éanlaiṫ ocraċa alpaċa dod’ ṗiocaḋ!” arsa duine eile.


XIII.

Is cinnte go gcuirfidís an ḃean agus an ċlann óg ċun báis freisin maraċ go gcualadar an fear faire a ḃí i n-áirde sa gcrannóig ag glaoḋaċ i n-árd a ġoṫa: