Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/45

This page has not been proofread.

37

Ní ḋeárna an t-éan aċt súil ċaoċaḋ leis an luċt fiafraiġṫe agus glam gáiriḋ a sgaoileaḋ uaiḋ. Ní iongantas mór é gur leaṫnaiġ cáil troda an tsean- leoṁain ar fud na foraoise ṫar éis sin.

Ḃí nósa faoi leiṫ ag an sean-leoṁan. Ní ḃíoḋ fonn mór oibre air an lá dob’ óige ḃí sé. Níor ċleaċtaiġ sé fiaḋaċ agus níor ċleaċtaiġ sé coṁrac. Aċt ní raiḃ aon ġaḃaḋ aige a gcleaċtaḋ ó ḃí smaċt maiṫ aige ar a ṁuinntir. Ġníṫeaḋ a ḃean fiaḋaċ ḋó. Ġníṫeaḋ a ċlann ṁac agus a ċlann inġean agus clann a ċloinne troid ḋó. B’ḟéidir gur ċeap sé n-a intinn féin go mbeaḋ sé náireaċ ag seanaṫair mórḋa mar é ainṁiḋe beag boċt a ionnsaiġe nuair naċ gcuirtí ċuige é, aġus is cinnte naċ n-ionnsóċaḋ aon rud beó san ḃforaois eisean, mara ndéanfaḋ sé go fealltaċ é, ḃí cáil ċoṁ mór sin air.

Níor facṫas ag iṫe ariaṁ é; nuair a tugtaoi a ḃéile ċuige isteaċ san bpluais ḃí aige, ḃíoḋ ar a luċt freas- tail imṫeaċt sul a dtosnóċaḋ sé air. Aċt is cinnte naċ raiḃ goile ró-ḋona aige. Ba léir sin o’n gcarnán cnáṁ ḃí fágṫa n-a ḋiaiḋ aige ar urlár na pluaise!

Ní ḟágaḋ sé an ṗluais aċt go hannaṁ. Nuair a ḃíoḋ codlaḋ i ndiaiḋ feóla déanta aige, ḃualaḋ sé amaċ ag glacaḋ an aeir ḋó féin. Aċt ní ḋéanaḋ sé é mara mbeaḋ an aimsir go hoireaṁnaċ. Ar na hocáideaċaiḃ seo, seaḋ is mó cluinṫeá a ġlór, agus mara gcuirfeaḋ a ḋáṫ ná a ṡúile niṁneaċa ná a ṁong lomraċ ná a ṡiuḃal cataṁail imeagla ort is cinnte go gcuirfeaḋ a ġlór. Ní raiḃ aon ḃinneas n-a ġlós. Ag taḃairt duḃsláin dóċra agus ceaṫrċa ḃíoḋ sé ṡilṫeá. Ní raiḃ aon ainṁiḋe sa ḃforaois naċ dtagaḋ creaṫaḋ air, ar ċlos an tseanleoṁain ḋó. An crogal a ḃioḋ go daoiṁin san láib faoi ḃruaċ an tsroṫa, níor ṁór an ṁoill air a ḋul go tóin puill ar ċlos an tóirneaċ uaṫḃásaċ sin dó. An t-iolar ar an áil, an sébra luaimneaċ, an tiger n-a uaċais ḋorċa, an t-ele- fent féin—níor ḃreáġ leó an ceól sin.

Ní iongnaḋ mór é go raiḃ meas agus cáil ar an seanleoṁan buiḋe mongaċ árd-ġlóraċ.