Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/50

This page has not been proofread.

42

Ag déanaṁ cleaṁsáin agus bíodáin ar a ngaoltaiḃ ioldaṫaċa ḃíodar siúd. Má tumaḋ iad-san i dtobar na ndaṫ, is cinnte nár fágaḋ sáṫaċ fada ann iad le aon daṫ faoi leiṫ ḃeiṫ orṫa!

Aċt an seadaire aosta ḃí n-a ṡuiḋe ar a ġogaide leis féin ar imeall an tsluaiġ ṁeiḋriġ! Mara mbéaḋ agat aċt an t-aon ġáiriḋ aṁáin, ċaiṫṫeá é ḋéanaṁ ar a ṫaḃairt faoi deara ḋuit. Ḃí cnáṁ fada raṁar geall n-a ċiotóig aige; ċuireaḋ sé ceann an ċnáṁa seo n-a ḃéal ó am go ham, ċasaḋ sé agus lúbaḋ se agus ċamaḋ sé a ṡean-éadan féasógaċ le gaċ iarraiḋ dá dtugaḋ sé ar an gcnáṁ. Ṡílṫeá go mbaḋ é an fear fídeóige ḃí ag luċt an tsúgraiḋ é, agus naċ raiḃ a ċéird aige aċt go dona. An t-ársaiġ boċt! Ní ceól ḃí sé ag iarraiḋ ḃaint as an gcnáṁ sin aċt smior!

Baineann an ṁaorḋaċt leis an gcloinn leoṁan de réir dúṫċais. Níor facṫas gluaiseaċt ċoṁ maorḋa ná ċoṁ ríoġḋa faoi aon ḃeiṫiḋeaċ ná faoi aon duine ariaṁ is ḃí faoi’n tsean-leoṁan ċumasaċ ar a ḋul isteaċ san doire seo ḋó. Nuair a ṫug luċt an ġrinn faoi deara go raiḃ sé sa láṫair, stadadar agus ḋearcadar air go mí-ċeadṫaċ mar ḃéidís ag fiafruiġe ḋe céard a ṫug ann é. Stadadar de’n sgléip agus de’n ṁeiḋir, aċt níor éaluiġeadar uaiḋ. Na cinn ḃeaga a raiḃ na hiarbaill ḟada roiġne orṫa, ’siad is fuide ṡeas talaṁ. Na cinn ṁóra ċodramánta, naċ raíḃ an aic- liḋeaċt ná an strapadóireaċt aca, ṫugadar siúd do na bonnaiḃ é gan mórán aċair. Aċt ar ḟeiceál dóiḃ naċ raiḃ faoi rí na foraoise géilleaḋ ḋóiḃ órdlaċ, ċuaḋadar i náirde sna crainn le luaṫas do-ċreidṫe, agus iad ag sgigeaḋ agus ag sgréaċġail ar feaḋ an ama.

Ní raiḃ sluaġ siḋe ariaṁ ann d’imṫiġ ċoṁ tapaiḋ ar ṫeaċt an lae is d’imṫiġ an ċlann ṁoncaiġ ar ṫeaċt an tsean-leoṁain.

Aċt mara raiḃ no hainṁiḋṫe droċúinṫe urċoideaċa seo sáṫaċ láidir nó sáṫaċ misneaṁail nó sáṫaċ amaideaċ talaṁ a ṡeasaṁ, ní raḃadar sásta gan mas-