Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/63

This page has not been proofread.

55

cinn eile ḃí ar fud an úrlair ag cruinniuġaḋ timċeall air. Ċoṁair an Búrla deiċ gcinn díḃ ar ṡróin an leoṁain, agus a lóċran féin ag gaċ ceann díḃ.

Ní ċreidfiḋe aċt an solus maiṫ ḃí ag an mBúrla ar ḋúiseaċt ḋó.

Ṫóg sé a ċeann de ḃráġaid an leoṁain go ḃfeiceaḋ sé na hailleáin ḃí ag taḃairt an tsoluis ḋó, agus ḋearc sé isteac i mbéal an tseanleoṁain agus síos n-a sgórnaċ ṁór ḋearg.

Ṫáinig iongantas an doṁain air. Ní raiḃ fiacal i i gceann an leoṁain! Rinne sé srúduġaḋ níos beaiċte ar a ċaraid.

Ní raiḃ iongan ar a ċrubaiḃ aċt oiread!

Ḃí a ġléas coṁraic agus cosanta caillte ag an sean- leoṁan a raiḃ an ċáil ṁór troda air! Ní raiḃ ann troid a ḋéanaṁ dá dtogróċaḋ sé féin é. Ḃéaḋ an beiṫiḋeaċ ba luġa ann i n-ann a ċlaoiḋ dá mbéaḋ ḟios aige é!

Ḃí truaiġ ag an mBúrla dá ċaraid. Ní eisean a sgeiṫeaḋ air. Dá gceaptaoi naċ raiḃ ann é féin a ċosaint ba ġeárr a ré. Ní raiḃ gléas cosanta aige anois aċt a ċáil.

Tuigfear ó’n méid seo cé’n fáṫ naċ ndeárna sé troid leis na ciantaiḃ, tuigfear cé’n fáṫ nár osgail sé a ḃéal ariaṁ i láṫair coṁluadair, tuigfear cé’n fáṫ go mbíoḋ sé ag iṫe agus n-a codlaḋ leis féin i gcuas faoi leiṫ san bpluais, agus bíoḋ an truaiġ ċeadna againn-ne do’n tseanseadaire ċaill a ġléas troda is ḃí ag an mBúrla dó.


XXV.

Ní ċreidṫeá aċt a ṁuinntearḋa is d’eiriġ na gasúir agus na leoṁain ’n-a ḋiaiḋ seo. Ní ḟeicfiḋe an sean- leoṁan (nó Deaideó mar ḃíoḋ ag an mBúrla air) i n-aon áit gan an Búrla féin ḃeiṫ ag sodar n-a ḋiaiḋ ar nós coileáin gaḋair. Ní siuḃal maiṫ ná cainnt ṁaiṫ ḃí ag an mBúrla an lá do b’ḟeárr ḃí sé, agus is iomḋa leadraḋ loineaċáin ġeiḃeaḋ sé ó n-a ṁáṫair