Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/70

This page has not been proofread.

62

Nuair ċonnaic sé an coṁluadar ḃí bailiġṫe timċeall ar an teine, d’osgail sé a ċab mor aṁail is dá mbeaḋ sé ar tí ceann aca a alpaḋ.

Ḃí moncaiġ beag gorm ann. agus ní ṡásóċaḋ aon rud é aċt breiṫ ar ṁaide ḃí ṫrí lasaḋ, agus é ċasad timċeall ar a ċeann go beó tapaiḋ go raiḃ cearcall lasraċ ós a ċionn.

Ṫeangṁaiġ na lasraċa seo le meigeall liaṫ ṗocaide gaḃair aille ḃí i bfogus dó, agus ḃain seisean as ag béiciuġaḋ agus ag sgréaċġail. Céard ġniṫeaḋ an poc aċt aġaiḋ a ṫaḃairt ar ṫum feósaiḋe ḃí i n-aice na háite gur ċuir sé an lusra ṫirm fré ṫeine!

Ċuaiḋ na lasraċa i méid agus i dtréise gan móran aċair. Cuid díoḃ ḃí ag eirġe san aér ar nós teangaċa bána beóḋa, fuaireadar greim ar ġéagaiḃ íoċtaraċa na gcrann lom; cuid eile díoḃ ḃí ag gluaiseaċt leis an talaṁ ḃaineadar rinnce as na hainṁiḋe ar ṫeang- ṁaiġeadar leó!

Ġaḃ aon smaoineaḋ aṁáin an dáil ḃeiṫiġeaċ, agus ḃaineadar as ins na cosaiḃ ’n-áirde agus an uile ċeann díḃ ag sgréaċġail de réir a ċineáil agus a ḋúṫcais féin.

A leiṫéid de ġleó ná cloistear arír ċoidċe!

Gaoiṫ anoir ḃí ann agus séideaḋ an teine go breáġ go raiḃ an roinn sin do’n ḟoraois ḃí ṫiar ndeas o’n aḃainn i n-aon toiteán aṁáin.

Ḃí an suġ ag eirġe i gcuid de na crannaiḃ agus ċuaiḋ sé riġte leis na lasraċaíḃ greim ḟaġail orṫa siúd. Aċt fuair sa deireaḋ, agus is annsin d’ḟeicfiḋe na lasraċa beóḋa ag eirġe sa spéir ós cionn na foraoise agus daṫ faoi leiṫ ar an lasair d’eiriġeaḋ ó gaċ cineál crainn dá raiḃ ann, mar ḃeidís ag iarraiḋ bárráilneaċta ḃreiṫ ó ċéile le éagsaṁlaċt a ndaṫaiḋeaċta.


XXVIII.

Ba ṁór an gar do’n Ḃúrla naċ raiḃ crann ná tom ná críonlaċ idir an teine agus an ḟairrge. Dá mbeaḋ ní saoġal fada ḃeaḋ aige.