Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/75

This page has not been proofread.

67

oċt ag béiciuġrḋ ar feaḋ an aċair! Marar ḃain na í ainṁiḋe allta, ná an toiteán mór, cainnt ná caoineaḋ as an mBúrla, ḃain an portán beag naċ raiḃ ċoṁ mór le píosa leaṫċróineaċ. Nuair a ċonnaic sé an ḟuil, ṡil sé naċ leiġeasóċaiḋe go deó é!

Trí lá agus trí oiḋċe ċuireadar díoḃ san sgailp agus timċeall na tráġa sul ar ḟéadadar filleaḋ aḃaile go pluais na leoṁan le ċoṁ te is ḃí an talaṁ.

Ag filleaḋ aḃaile ḋóiḃ, doba léir ḋóiḃ cé’n sgrios mór ḃí déanta. Ḃí án áit fré ċéile n-a ḃánḟásaċ gan luiḃ gan luis. Ḃí géaga agus duilleaḃar na gcrann uile dóiġte, ní raiḃ aċt corr-ċaḃail crainn n-a ṡeasaṁ ṫall is i ḃfus, n-aġaiḋ na spéire, agus é ċoṁ duḃ leis an ngual. Na míolta coille nár eirig leó na cosa ḃreiṫ leó ó’n ár, ḃí a gcuid cnáṁ sínte ar an ḃfód ṫall is i ḃfus. Ḃí cuid díoḃ ann nár losgaḋ ar fad. Ba ṁór an gar é sin do’n ḃeirt. Is iomḋa béile ṁaiṫ feóla ḃí aca. Go deiṁin do’n té arḃ ḟeárr leis róst ná aṁ, ba ṁór an áise an toiteán ṁillteaċ!

Casaḋ beiṫiḋeaċ beag naċ raiḃ ċoṁ mór le coinín orṫa san tsliġe. Ḃí lorga a ċos le feiceál go soiléir san deannaċ agus san luaiṫre fágaḋ i ndiaiḋ an toi- teáin. Ḃí sé ṫar éis a ṫeaċt ba ċosaṁail, mar ḃí an uile rud n-a ṫimċeall dóiġte. Ṡíl Máire ṫeaċt air i nganḟios agus breiṫ air, aċt ċeap sí naċ ḃféacfaḋ sí leis, ó ḃí sé ag féaċaint idir an dá ṡúil uirṫi agus alltaċt air. Aċt ḃí sé ċoṁ sġannraiġṫe sin nár éalaiġ sé uaiṫi. Nuair rug sí air d’imṫig an t-anam as leis an uaṁan ḃí air.

D’iṫeadar beirt é, agus rinne Máire cranntaḃail as na feiṫeaċaiḃ agus as píosa dá ċraiceann, agus sul ar ṡroiċeadar pluais na leoṁan ḃí sí ċoṁ clisde le haon ḃuaċaill dár ṡeas ariaṁ ar ḋroiċead an Ċladaiġ i nGailliṁ ag caiṫeaṁ cloċ leis na faoileáin.

Ċonnacṫas rian an toiteáin san spéir sna h-oiléain allta i ḃfogus dóiḃ; ċonnacṫas ar bórd na long ḃí ag seólaḋ fairrge é, agus ċuir sé alltaċt ar a lán.