Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/84

This page has not been proofread.

76

XXXIII.

Níor ṡroiċ an dreóilín béal pluaise na leoṁan go ceann ḋá lá. Le heirġe na gréine, ḃí sé n-a ṡeasaṁ ar ḃárr géige ar aġaiḋ na pluaise amaċ agus an oiread gleó ġá ḋéanaṁ aige is ḃéaḋ ag faoileán. Ḃí sé ċoṁ mórċúiseaċ leis an bpéacóig féin gur cuireaḋ ar an teaċtaireaċt sin é. Éan beag mar é ag dul ar ṫeaċtaireaċt ċuig rí cumasaċ na foraoise! Ba ṁór an onóir é. Ḃí sé roinnt ḃeag faiteaċ, aċt ní leigfeaḋ air féin go raiḃ. Ḃí rí na foraoise n-a ainṁiḋe ḟíoċṁar dolabaiḋe agus ní raiḃ ann féin aċt dreóilín d’éan dearóil. D’ḟéadfaḋ an leoṁan é alpaḋ n-a ḃeaṫa! Ċuiṁniġ sé ar a ċéile ḃí sa mbaile san neid ṡeasgair sa tum; ċuiṁniġ sé ar an ál óg agus ṫáinig creaṫaḋ air. Aċt naċ raiḃ treiḃeaċa an aéir faoi ġeasa a ḃás a ḋíoġal dá marḃóċaḋ an leoṁan é? Ba ṁór an misneaċ dó é sin. Ċaiṫeaḋ sé é ċur i gcéill do’n leoṁan i dtosaċ na cainnte. Aċt níor ṁór ḋó ḃeiṫ an-ṁúinte leis an leoṁan. Níor ṁill deáġ-ḃéasa teaċṫaire ariaṁ. Aċt nárḃ ḟada go raiḃ sé ag teaċt ċuige agus é ag glaoḋaċ air le leaṫ-uair?

Nuair naċ raiḃ an leoṁan ag teaċt ċuige, ṫosaiġ sé ag cumaḋ óráide ḃeaḋ feileaṁnaċ do’n ócáid. Ní raiḃ an ċainnt a ḃí san óráid ċoṁ borb is ba ċóir d’óráid dá ṡaġas ḃeiṫ, b’ḟéidir. Aċt maoluiġeann an ṁoill an teasbaċ.

Sa deireaḋ ṫáinig an leoṁan mór uaiḃreaċ. Ṫáinig creaṫaḋ mór ar an dreóilín boċt. Ṡíl sé laḃairt aċt níor ḟan focal aige. Níor ḟéad sé cuiṁneaḋ go mba teaċtaire ó ṫreiḃeaċaiḃ leiteadaċ’ an aéir é. Ḃí sé náiriġṫe go deó na ndeór.

Ċonnaic sé an leoṁan ag déanaṁ air mar ṡíl sé. D’imṫeóċaḋ leis dá ḃféadfaḋ sé, aċt níor ḟead sé sgiaṫán a ṫógḃáil. Ḃí sé greamaigṫe de’n ġéig. Draoiḋeaċt éigin ḃí ag an leoṁan air. Ċeap sé o ḃfeicfeaḋ sé craosaċ dearg an leoṁain ṁilltiġ gaċ