87
Ṫosaiġ an cailín beag ag sileaḋ na ndeór. Ṫriomaiġ Satan a súile le n-a ḃois ġairḃ.
“A ṁáṫair! a ṁáṫair! cá ḃfuil tú anois?” arsa Ṁáire.
“Bioḋ foiġid agat agus innseoċad sin duit,” arsa Satan, “aċt taḃair deoċ eile ḋom i dtosaċ.”
Ṫug. Lean Satan dá sgéal:—
“Leagaḋ Bel boċt leis an tsúil gloine mar duḃraḋ, má duḃraḋ, agus munar duḃraḋ féin is fíor, agus nuair a leagaḋ é duḃairt do ṁáṫair de ġuṫ ṁór fearḋa:”
“‘Is mise an ċaiptín feasta.’”
“Nior ċuir neaċ n-a coinne. Níl ḟios a’m ar ariġ- eadar an ġaoiṫ ag eirge agus fionnḟuaraċt ag teaċt san aér”
“‘A ġiolla,’ ar sí leis an ngiolla beag ‘sgar amaċ na séolta tara ar urlár na luinge go ḃfáiġmid uisge le n-ól.’”
“Rinneaḋ aṁlaiḋ.”
“Ṫuit cúpla braon uisge de’n ṁúr beag báistiġe ḃí ag tuitim anuas go leisgeaṁail isteaċ sna séoltaib.
“‘A ċócaire,’” ar sise, “‘gléas biaḋ ḋúinn.’”
“D’ḟéaċ a raiḃ ann uirṫi agus alltaċt orṫa. Is eól duit féin, dá óige ṫú, go n-eiriġeann sgolanna móra de ċineál éisg aníos as an ḃfairrge agus go mbíonn siad ag eiteall ṫríd an aér ṫar éis aimsire na triomaċta sna réagúin teó. Níor ċuiṁniġ an ḟuireann air sin, agus nuar ċonnaiceadar cúpla iasg ag tuitim ar urlár na Brídeóige ṡíleadar gur draoiḋeaċt ḃí ag an mnaoi agus ba ṁór é a n-ómós di.
“‘A Ṡatan,’” ar sise, “‘sín ċugam do ċrios.’”
“B’éigin dom sgaraḋ le mo ċrios iongantaċ sul a marḃoċaiḋe mé.
“Annsin ṫáinig bolg ar gaċ seól ḃí ar na caolċran- naiḃ, ṫáinig braonaċa breáġṫa beannaiġṫe báistiġe anuas as spéirṫiḃ neiṁe gur fliuċaḋ gaċ teanga te, gur báiṫeaḋ gaċ brón, gur ṫóg gaċ fear de ḟuirinn na Brídeóige aon ġáir aitis agus molta, agus ní creidṫeá