Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/13

This page has been proofread.

5

ag baile, ag obair go moċ, mall, agus ag cuidiuġaḋ le n-a aṫair agus le n-a ṁáṫair no gur imṫiġeadar ar ṡliġiḋ na fírinne. Dá mb'áil leis dul go Minnesóta, áit a raiḃ a ḋearḃráiṫreaċa, ḃéaḋ saoġal compórdaċ roiṁe. Aċt b'ḟearr leis boċtaineas i ndúṫċas a aṫar.

Níorḃ' eol d' aoinne beo an oiread sin gráḋa agus a ḃí aige do Ċaoiṁġín. Do b' aoiḃinn leis clisteaċt agus intleaċt a ṁic, gioḋ nár laḃair sé focal fúṫa le h-aoinne beó ariaṁ. Is minic do ṫug sé buiḋeaċas ó ċroiḋe do Ḋia ar a son; is minic do smaoiniġ sé orṫa, le h-iongnaḋ agus le háṫas, agus é ag obair go ciúin, díṫċeallaċ ar an ḃfeilm ḃig.

Ba ḋeacair dó oibriú an lá sin. Ba hí an ċéad uair i riṫ a ṡaoġail go raiḃ an sgéal mar sin aige.


CAIB. a II.—UAIGNEAS AGUS ÁṪAS.

Níor ċuir croiḋe Ċaoiṁġín an t-uaigneas de ar feaḋ tamaill tar éis teaċt go Baile Áṫa Cliaṫ dó. Ċuir sé faoi i dtiġ Ṡeáin Uí Ṁurċaḋa i nDuṁaċ Tráġa Ṁuirḃṫean, cois Ċuain Áṫa Cliaṫ. Ba ṁór an sásaṁ é sin dó, óir ḃí an teaċ te teolṁar, ḃí croiḋe na féile ann, agus ḃí gaċ rud ar a ċoṁairle féin aige. 'Na ḋiaiḋ sin a's uile ḃí brón ar a ċroiḋe.

“Is ait an feallsaṁnaċ ṫú,” ar Seán, uair aṁáin a ḃí Caoiṁġín ag féaċaint go huaigneaċ. “Baḋ ḋóiġ le duine ort go ḃfuilir imeasg daoine ḃfiaḋáine, i dtír iasaċta éigin, agus gan oiread agus cara i d' ḟoċair. Naċ ḃfuil Baile Áṫa Cliaṫ i n-Éirinn?”

“Tuigim anois rud nár ṫuigeas ariaṁ roiṁe seo,” ar Caoiṁġín. “Is iongantaċ an cóṁ-ċeangal atá idir duine agus gaċ rud a ḃaineas le n-a ḃaile ḋúṫċais. A ċorp, a anam, a intleaċt, an teanga a ḃíos 'gá laḃairt aige, an talaṁ, na bláṫa, na sroṫa, an solus, an drúċt, agus an ċuid eile—tá ceangal agus cáirdeas eatorṫa go léir.”

“Cuir uait le do ċuid filiḋeaċta,” ar Seán. “Tá baint agat le páipéar nuaiḋeaċta anois agus baḋ ċóir duit ciall a ḃeiṫ agat. Ní ḟeicim ceangal ná cosaṁlaċt idir teanga ḃinn agus talaṁ ḟóġanta, ná idir intinn ḋuine agus bláṫa na ngleann aċt an oiread. Ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ