Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/15

This page has been proofread.

7

clú atá orṫa i mBaile Áṫa Cliaṫ—mar duḃraḋ faoi an bPápa i bPort an Dúnáin.”

Ċuir Caoiṁġín suim ṁór i saoṫar na ḃfeallsaṁnaċ nÉireannaċ—Erigena, agus ⁊l.—agus is minic aduḃairt sé le Seán gur ṁór an ċailleaṁain gan a sgéal a ḃeiṫ i gcuiṁne na ndaoine agus a gcuid smaointe ag biaḋtú intinne Éireann an lae indiu. Aċt ní mó 'ná go maiṫ do ṫaiṫniġeadar le Seán.

I gan ḟios d'aoinne ḃí Caoiṁġín ag fás 'na ḟile agus 'na ḟeallsaṁnaċ.

Ḃí sé air dul ó áit go háit ar fud na caṫraċ ar lorg tuairisge. Tar eis tamaill do ċonnaic sé na Gaeḋil ag obair ar an iomad sliġe, agus ċuir sé aiṫne ar na hoibriġṫeoirí ba ṁó clú a's cáil. Ḃí aṫrúġaḋ ṡaoġail aige dá ḃárr. Ċuaiḋ sé fá'n dtuaiṫ go minic, mar is gnáṫ le tuairisgeoir, agus do ṫuit sé amaċ go raiḃ a ṫriall ar ḟeiseanna ó am go h-am. Ċuireadar iongnaḋ agus áṫas air gaċ uair. “Moṫuiġeann duine sprid na Teaṁraċ 'na ṫimċeall le linn gaċ feise ḋíoḃ,” aduḃairt sé le Seán. Do ṫráċt feallsaṁna ar árd-ḃeaṫaiḋ fá leiṫ atá i ngaċ duine gan ḟios dó féin. B' ḟéidir, aduḃairt Caoiṁġín, go ḃfuil árd-intinn nó árd-ḃeaṫa fá leiṫ i gcás náisiúin ċóṁ maiṫ céadna—árd-ḃeaṫa ċeilte, ḋoiṁin, a ṫigeas ċun cinn i n-aoisiḃ áiriṫe. Ṡaoil sé go raiḃ sí ag teaċt ċun cinn i n-Éirinn.

Ḃí an rud céadna le ráḋ aige ó am go h-am ag cruinniġṫe Gaeḋealaċa i mBaile Áṫa Cliaṫ. Ní mó 'ná go maiṫ do ṫuig an luċt éisteaċta an méid sin. “Tráċtann sé ar rudaí nár ċuir ár sinsir suim ionta riaṁ,” duḃairt Gaeḋil óga go minic. “Tá an iomarca eolais iasaċta aige. Tá an iomarca feallsaṁnaċta léiġte aige. Sin é an donas. Milleann rudaí de'n tsórd sin an aigne Ġaeḋealaċ.”

Ḃí meas mór aca ar Ċaoiṁġín, agus ḃí brón orṫa faoi naċ raiḃ sé sásta go leor le “sean-sgéalta agus béaloidis na nGaeḋeal” agus faoi gur ṫug sé smaointe “iasaċta”—smaointe Erigena cuir i gcás!—isteaċ sa nGaeḋealtaċt.

Ar ṡliġiḋ ḃí sé 'na ċaogaiḋe aonair i mBaile Áṫa Cliaṫ ar feaḋ i ḃfad. Mar sin féin ḃí áṫas agus árd-aoiḃneas ar a ċroiḋe de ġnáṫ um an am sin.