Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/17

This page has been proofread.

9

Triallann gaċ duine againn as Éden ar a ṫoil féin. Aċt is féidir linn filleaḋ ar Éden.”

“Ṫar ar ċualas riaṁ,” ar Seán . . .

Ċuir sé litreaċa cun a aṫar agus a ṁáṫar go minic. Ċuir sé airgead cuca, leis, agus ba ṁaiṫ an congnaṁ dóiḃ é sin, óir ḃí an t-aṫair ag éirġe aosta, agus ní raiḃ sé i n-ann oibriú ċóṁ dian agus do ḃí sé roiṁe sin. Ní raiḃ dúil i ḃfeilmeoireaċt ag an mbeirt ṁac eile, agus gan ḟios do ċáċ ḃí fonn orṫa dul go h-Aimeirioca. Ḃí an ḃeirt inġean ar an aigneaḋ ċéadna. Níor ṁinic a fuair Caoiṁġín tuairisg ó aoinne sa mbaile. Ḃí na buaċaillí i ḃfad níḋ ba ċliste ag an gcamán 'ná do ḃíodar ag an bpeann, agus ḃíodar an-ċúṫail. Sgríoḃ na cailíní litir corr-uair, aċt ní raḃadar i n-ann a ḃfíor-smaointe do noċtaḋ. Baḋ ḋeacair do'n aṫair agus do'n ṁáṫair oiread agus nóta do sgríoḃaḋ, ḋá ṁéid é a ngráḋ agus a nádúrṫaċt. Is minic do ḃíoḋ deora i súiliḃ an aṫar agus é ag obair ar an ḃfeilm ḃig, is minic do ḃíoḋ an ṁáṫair ag gol agus an teaċ fúiṫe féin aici, faoi naċ raiḃ sé ar a gcumas a n-intinn agus gráḋ a gcroiḋe a ċur i n-úil do Ċaoiṁġín.

Ḃí Caoiṁġín ċóṁ h-uaigneaċ ar uairiḃ agus do ḃíodar-san, naċ mór. Aċt níor ḃfada go dtáinig aṫrú ar a ṡaoġal.


CAIB. a III.—CUMAN ERIGENA.

Fuair Caoiṁġín amaċ ó ċaraid go raiḃ cumann fá leiṫ i mBaile Áṫa Cliaṫ do rinne stuidéar an-doiṁin ar anam-eolas. Ṫángadar le ċéile dá uair sa tseaċtṁain. Ḃí a n-árus i sráidín i n-aice le Coláisde na Trionóide. Ḃí cuid aca an-ḟóġlumṫa, agus ḃí cáil a's clú ar an ċuid ba ṁó aca ar ṡliġṫe eile. File a b'eaḋ a n-uaċdarán. Rinneadar stuidéar ar gaċ creideaṁ a ḃí is an tsean-ṡaoġal, ar ḋiaṁaireaċt, ar ṡean-ḟeallsaṁnaċt, ar na sean-déiṫe, ar ṡean-ealaḋain, ar ṡean-sgéalaċt ar fad, agus ar ḋiaṁair-ċéill ṡean-teagaisg—ar lorg eolais ar ḃeaṫaiḋ anmann ċóṁ fada siar agus do ḃí ann. Níor ḃacadar leis an gcreideaṁ a ḃí ag aoinne, níor ḃacadar le teagasg an lae indiu ar aon ċuma. Ar lorg eolais anama