Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/23

This page has been proofread.

15

bríġ na díospóireaċta dóiḃ. Ṫáinig tuilleaḋ súgraċt' i súiliḃ Ḟir an Oireaċtais. Duḃairt sé nár ṁór dó féin colann nua a ḃeiṫ aige féin i gcóir an Oireaċtais. Ḃí gáḃaḋ mór léi.

Níor laḃair Art Aonair oiread agus focal. Do las sé siogáirín; do ċaiṫ sé go réiḋ, ciúin é; d' éist sé go sáṁ leis an díospóireaċt, aċt níor ṫáinig gíog as. Ḃí sé 'na eagarṫóir ar ṗáipéirín seaċtṁaine, agus baḋ ḋóiġ leat ar an bpáipéirín gur ġliaḋaire agus gleo-ḟear a ḃí ann; aċt ag céiliḋ nó cuairdiḋeaċt níor laḃair sé drud nó draḃdam.

“Cé an fáṫ naċ laḃrann sé?” ar Caoiṁġín ós íseal le Taiḋgín.

“Nár ċualais an sgéal?” ar Taiḋgín ós íseal leis. “Is mór an sgéal é. Tá sé fá ġeasaiḃ. Níl cead laḃarṫa aige. Tá sé ag déanaṁ píonóis ar son gaċ béil gan scoṫ atá i n-Éirinn indiu—ar son na ḃfeisirí go h-áiriṫe.”

D' éiriġ sgal-ġáire sa tsiopa.

“An gcloistí?” ar Taiḋgín. “Tá fear a' tiġe—Gruagaċ an Ġrinn—tar éis teaċt a ḃaile. Anois béiḋ spóirt dáríriḃ againn.”

Do léiġ Gruagaċ an Ġrinn an nua-ḟiliḋeaċt a fuair sé i Leaḃar an Staid. Pé olc maiṫ an ḟiliḋeaċt ḃí sgalfairt an Ġruagaiġ go h-iongantaċ le linn a léiġte.

“A Ġruagaiġ,” ar Séamus na Súl Súgraċ, nuair ṫáinig fear a' tiġe isteaċ ċuca, “is mór an truaġ nac mbéiḋ comórtas ġáire ag an Oireaċtas. Ḃéaḋ greann an domain againn dá ḃárr, agus ḃéaḋ an ḃuaiḋ agat-sa go cinnte.”

“Baḋ h-aoiḃinn liom comórtas dá ṡórt,” arsan Gruagaċ, “agus ár gcara Art annso a ḃeiṫ 'na ṁoltóir. Annsin ḃéaḋ gaċ aon rud ṫar bárr.”

Do rinne gaċ aoinne gáire aċt aṁáin Art. Níor ċuir sé cor de, agus níor laḃair sé drud.

D'éiriġ na buaċaillí níḋ ba ġliadraiġe sa tseomra eile. Ċuaiḋ an Gruagaċ amaċ. I gceann tamaillín ṫáinig sé ar ais agus Duḃġlas an Iarṫair le n-a ċois.

“Tigeann gaċ saoi, gaċ draoi, gaċ file, agus gaċ fear ar a ḃfuil clú ar fud na hÉireann go dtí An Stad uair éigin,” arsan Gruagaċ. “Anois tá laoċ an Iarṫair nar measg. Is truaġ nar ċuir sé sreang-sgéal ċugam, a's ḃéaḋ fleaḋ roiṁe.”