Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/28

This page has been proofread.

20

Tamall 'na ḋiaiḋ sin ṫáinig Úna isteaċ agus sagart léi. An Canónaċ Ó Maoilḃeanna a ḃí ann, fear cráiḃṫeaċ, cineálta, caoin, go raiḃ ard-ṁeas ag Úna agus ag a máṫair air, agus maidir leis féin baḋ ḋóiġ leat air gurḃ iad a ḋeirḃṡiúraċa féin iad. Ṫáinig sé dá ḃféaċaint go minic, go mór-ṁór ó ḃuail an ṁáṫair breoite.

Ċuaiḋ Caoiṁġín agus Úna amaċ, agus d'ḟan an Canónaċ ag an ṁáṫair. Ṫug Caoiṁġín fá deara go raiḃ cosaṁlaċt sóláis agus bróid uirṫe.

“An Canónaċ boċt!” ar Úna, “ḃí sé annso ar maidin indiu, agus is dóċa go mbéiḋ sé ar ais arís um ṫráṫnóna. Ní stadann sé de'n obair ó ṁaidin go hoiḋċe. Naoṁ is eaḋ é. Agus bíonn na daoine—na sean-ṁná go háiriṫe—'gá ḃoḋraḋ i gcoṁnuiḋe, ag iarraiḋ coṁairle air faoi gaċ uile rud beagnaċ. Tá cuid aca agus má's rud é naċ ḃfuil na cearca ag breiṫ téiḋeann siad ċun an Ċanónaiġ le n-a sgéal brónaċ. Agus bíonn fáilte rómpa i gcoṁnuiḋe.”

“Ċualas tráċt air go minic,” ar Caoiṁġín. “Sóisgéalaiḋe na mBoċt is eaḋ é.”

Ḃíodar ag caint air nuair ṫáinig sé amaċ as seomra na máṫar. Ḃí aoiḃneas air fá'n méid síoṫċána agus soilḃéiseaċta a ḃí 'na h-intinn annsin.

Ċuaiḋ Úna ċuice, agus d' ḟan an Canónaċ ag caint le Caoiṁġín.


CAIB. a VI.—AN CANÓNAĊ.

Ḃí guṫ an Ċanónaiġ ċóṁ binn beagnaċ le guṫ Úna ḟéin. Ḃí an guṫ go caoin sollaṁanta leis. Ba ṁaiṫ le Caoiṁġín ḃeiṫ ag éisteaċt leis an nguṫ, gan tráċt ar na smaointe. Fuair sé amaċ gan ṁoill gur smaointe fá leiṫ a ḃí ionta-san.

“Tá áṫas orm, agus tá brón orm faoi go mbaineann do ċuid oibre le páipéar laeṫeaṁail,” adeir sé le Caoiṁġín. “Is mór an ċúṁaċt atá ag na páipéirí anois, na páipéirí laeṫeaṁla go h-áiriṫe. B' ḟearr liom a ḃeiṫ orm aistí a sgríoḃaḋ i bpáipéar laeṫeaṁail ná ḃeiṫ in-ann seanmóirí móra a ṫaḃairt uaim. Aċt tá eagla orm naċ gcuireann na páipéirí Éire ar ṡliġiḋ a leasa.”