Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/29

This page has been proofread.

21

“Duḃras an rud céadna liom féin go minic,” ar Caoiṁġín. “Tráċtann siad ró-ṁinic ar na rudaí is suaraiġe sa tír. Ní ċuireann siad morán suime ins na rudaí móra, gráḋṁara, beannuiġṫe.”

Do las na súile ag an gCanónaċ.

“Tá spiorad ceart agus glan-ṫuigsin agat,” ar seisean. “Táim ag smaoineaḋ le fada i dtaoiḃ na bpáipéar, agus do réir mo ṫuairme táid ag dul i n-olcas ó ḃliaḋain go bliaḋain. Agus tá tréiṫe ár sean ag imṫeaċt san am céadna. Ní deirim gur ar na páipéirí atá an loċt ar fad, aċt deirim go ḃfuil siad 'gá ṁéadú. Tá an nádúrṫaċt agus an ċroiḋeaṁlaċt agus an naoṁṫaċt ag imṫeaċt as Éirinn. Is cuiṁin liom Éire mar a ḃí sí breis a's daċad bliaḋain ó ṡoin. Ḃí croiḋe na féile innte. Ḃí gráḋ aici do ḟiliḋeaċt agus sgéaluiḋeaċt agus ceol. Ḃíoḋ an ċuairdiḋeaċt i ngaċ áit ins na h-oiḋċeanna. Ḃí dúil i n-obair, ċóṁ maiṫ le dúil i ngreann, ag na daoiniḃ. Ḃí fáilte roiṁ aos siuḃail. Fuair na boiċt caḃair a's carṫannaċt. Ḃí na pátrúin agus na toibreaċa beannuiġṫe faoi ṁeas. Ḃí síḃialtaċt againn. Ḃí Éire beo fós.”

“Buiḋeaċas le Dia tá sí ag aiṫḃeoḋuġaḋ arís,” ar Caoiṁġín.

“Tá—anois agus arís, annso agus annsúd,” arsan Canónaċ. “Aċt is mall an t-aiṫḃeoḋaḋ é. Agus nuair sgrúduiġim na páipéirí deirim liom féin gur ab iad guṫ na hÉireann iad. Má's eaḋ tá Éire caillte.”

“Ní ḃéiḋ sí caillte go deo, le congnaṁ Dé,” ar Caoiṁġín, “aċt teasduiġeann——”

“Teasduiġeann sóisgéalaiḋṫe agus sóisgéalaiḋeaċt uainn,” arsan Canónaċ. “Tá an iomad sóisgéalaiḋe ag teastáil i ngaċ tír ṫar sóisgéalaiḋṫe diaḋaċta. Sóisgéalaiḋṫe is eaḋ an file, an sgríḃneoir, an stairiḋe náisiúnta, an múinteoir, an daṫadóir, an ceoltóir, an feilmeoir, agus a lán eile naċ iad. Sóisgéalaiḋṫe is eaḋ iad, má tá an spiorad ceart ionta. Níl morán aca i n-Éirinn indiu, agus iad so atá le fáġail tá a spiorad gan éifeaċt. Anois agus arís ceapaim annso i ḃFine Gall naċ ḃfuil sóisgéalaiḋeaċt eile i n-Éirinn ċóṁ maiṫ le sóisgéalaiḋeaċt ṡoluis na maidne, sóisgéalaiḋeaċt na n-éan, agus sóisgéalaiḋeaċt na fairrge móire.”

“Is file ṫú, a Ċanónaiġ,” ar Caoiṁġín.