Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/30

This page has been proofread.

22

“Sa gceanntar 'na rugaḋ mé ḃí áḋḃar fileaḋ i ngaċ aoinne,” arsan Canónaċ. “I n-Éirinn indiu ní ḟeicim aon ḟiliḋeaċt gur fiú tráċt uirṫe aċt aṁáin i gcroiḋṫe na mboċt.”

Do ṫosnuiġeadar ag caint ar ṫaiḋḃreaḋ ṁáṫar Úna.

“B' an-iongantaċ é,” arsan Canónaċ. “Aċt tá an oiread sin iongnaiḋ ionainn féin, agus i gaċ rud ó ḃláṫanna na ngleann go dtí an spéir 's naċ féidir linn a ráḋ cá ḃfuil teora leis na hiongantasaiḃ. Is mór an rud a duḃairt an spiorad san aisling: ‘Nuair ḃíodar ins an tsaoġal ní raíḃ ċóṁ-ṁoṫuġaḋ dáríriḃ aca le n-a ċéile; ċuireadar an iomarca suime ionta féin.’ Tá corp na fírinne ins an méid sin. 'Sé donas an doṁain é.”

“Duḃairt an spiorad rud iongantaċ eile.” ar Caoiṁġín. “Duḃairt sé ‘Ṫriallas féin an bealaċ ar fad go minic’: 'sé sin le ráḋ, go dtáinig sé ar ais ó Neaṁ agus gur oibriġ sé arís mar ḋuine——”

“Ní ḟeadar an í sin an ḃríġ,” arsan Canónaċ. “Saoilim ar uairiḃ, áṁṫaċ, go mbaḋ ṁaiṫ le spiorada móra teaċt ar ais agus oibriú imeasg na mboċt, aċt is smuaineaḋ saoġalta é sin. Sinne atá 'nár gcoṁnuiḋe ar feaḋ tamaillín ar an bpláinéid ḃeag seo is beag de Ḋliġe na Cruinne atámuid i n-ann a ṫuigsint. Is cóir dúinn ḃeiṫ sásta leis an méid iongantais atá ionainn agus ós ár gcoṁair, agus a ḃeiṫ fíor-ḃuiḋeaċ do Ḋia ar a ṡon.”

Ḃí Caoiṁġín ar tí ceist eile a ċur ar an gCanónaċ, aċt ṫáinig Úna amaċ as an tseomra eile. Ḋuḃairt sí go mbuḋ ṁaiṫ le n-a máṫair Caoiṁġín d' ḟeicsint arís. D'ḟág an Canónaċ slán aca agus d' imṫiġ. Ċuaiḋ Caoiṁġín agus Úna isteaċ i seomra a máṫar.

D' éiriġ sí sa leabaiḋ. Ċuadar ċuice. Do ċuir sí láṁ ḋeas Úna i láiṁ ḋeis Ċaoiṁġín.

“Dia 'ḃur mbeannaċaḋ!” ar sise. “Béiḋ an bás 'na ḃeaṫaiḋ anois. Beaṫa na n-éag a ḃéas agam. Táim sásta le toil an Tiġearna.”

'Na ḋiaiḋ sin do ṫuit a codlaḋ go sáṁ uirṫe.


CAIB. a VII.—FEALLSAṀNAĊT AGUS FEILMEOIREAĊT.

Ḃí máṫair Úna imṫiġṫe ar ṡliġe na fírinne. Ḃí Úna le fanaṁaint ar feaḋ tamaillín i dtiġ an Ċanónaiġ. Ṫáinig