Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/31

This page has been proofread.

23

an-iongnaḋ ar Ċaoiṁġín faoi ċoṁ calma, croiḋeaċ agus a ḃí sí agus a máṫair ar lár ag an éag. Do réir cosaṁlaċta ḃí a h-intinn níḋ ba socaire 'ná mar ḃí sí le linn na breoiḋteaċta. D' éiriġ sí láin-ḃeo. Ḃí a máṫair ar a suaiṁneas síorruiḋe, agus ḃí an tsean-réim caiṫte, an sean-teaċ dúnta go deo. Ḃí sí féin le tosnuġaḋ ar réim agus ar ṡaoġal nua. Ba toil le Dia é, agus ḃí sí sásta.

Ní raiḃ intinn Ċaoiṁġín leaṫ ċóṁ socair. Ċuir an bás ag géar-smaoineaḋ é. Caint an Ċanónaiġ i dtaoiḃ Éireann agus na sóisgéalaiḋṫe a ḃí ag teastáil, ċuir sin ag géarṁaċtnaṁ é mar an gcéadna. An ċaint a ċuala sé i gCumann Erigena ċuir sin corruiġe ṁór 'na anam. Uair aṁáin ḃíoḋ aoiḃneas air fá ṡaoġal an ċiniḋ ḋaonna, uair eile ḃíoḋ iongnaḋ air i n-áit aoiḃneasa, uair eile arís ḃíoḋ sgannraḋ air 'na ṫaoiḃ, agus uaireannta ḃíoḋ iongnaḋ agus sgannraḋ meascṫa le ċéile 'na aigneaḋ. Ċuiṁniġ sé ar na laeṫeannta 'nuair ċeap sé go raiḃ Neaṁ mar ríoġaċt ṁór os cionn na spéire, Naoṁ Pádraig agus a ċáirde ag féaċaint anuas go gráḋṁar ar Éirinn, aingil ag teaċt anuas ċun ruaig a ċur ar an diaḃal . . . Fáiríor! Ba ḟada an lá ó smuainiġ sé aṁlaiḋ. Ċeap a ṡeaċt sinnsear gur mar sin a ḃí an sgéal; ċreid a ḋaoine muinntearḋa an rud céadna fós. I ḃfad uaṫa ḃí seisean ag dul agus ḃí uaigneas air d'á ḃárr.

B'éigin dó dul go hIar-Ċonnaċtaiḃ, Doṁnaċ, ar obair ṫuairisgeora. Ar teaċt air ais dó ċonnaic sé an t-Aṫair Muiris Mac Caṫṁaoil sa traen-ṗort i nGailliṁ. Ḃí an t-Aṫair Muiris ag teaċt cun an Oireaċtais, duḃairt sé, agus ḃí áṫas ar Ċaoiṁġín faoi sin. Ḃí aiṫne aige air le leaṫ-ḃliaḋain, agus b'aoiḃinn le Caoiṁġín a ḃeiṫ ag caint leis.

Ḃí an t-Aṫair Muiris óg fós. Níorḃ ḟada ó ṫáinig sé as Maġ Nuaḋad, agus ḃí sé ag obair mar ṡéiplíneaċ i n-áit ḟiaḋáin i gCúige Ċonnaċt. Fear breaġ caol daṫaṁail a ḃí ann. Ḃí sé árd-intleaċtaċ léiġeannta neaṁ-spleáḋaċ. “Sagart na h-Aoise For-órḋa,” ṫug Caoiṁġín air.

“Ar sgríoḃais aon rud i gcóir an Oireaċtais?” ar Caoiṁġín leis, agus an traen ag dul amaċ as Gailliṁ. “Duḃras go minic gur mór an truaġ naċ gcuireann tú do smaointe i n-úil do'n náisiún. Níl aṁras ná go ndéanfaidís maiṫeas mór do ṁuinntir na h-Éireann.”