Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/32

This page has been proofread.

24

“Táir ag dul amuġa go mór i dtaoiḃ smaointe,” arsan t-Aṫair Muiris. “Ní ċuireann muinntir na h-Éireann aon tsuim gur fiú tráċt uirṫe i smaointe fós. Cuir i gcás muinntir Ḃaile Áṫa Cliaṫ féin. Ní ċuireann siad suim ins an ḃfairrge áluinn atá i n-aice na caṫraċ, ná ins na sléiḃtiḃ atá ṫart timċeall uirṫe, ná ins na réaltaiḃ os a cionn aċt ċóṁ beag. Agus ó's rud é naċ gcuireann ní ċuirfidís suim i smaointe aċt an oiread.”

“Agus naċ uaṫḃásaċ an rud é sin—na mílte duine gan suim aca i n-áilneaċt ná i n-intleaċt?”

“B' ḟéidir gurb eaḋ,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tamaillín ó ṡoin ḃíos cinnte gurḃ eaḋ. Nílim leaṫ ċóṁ cinnte anois—i dtaoiḃ intleaċta. Tá an iomarca léiġinn sa doṁan. Tá sé go maiṫ ar ṡliġṫiḃ, díreaċ mar tá bóiṫre agus bóiṫre iarainn go maiṫ. Aċt nuair atá bóiṫre agus bóiṫre iarainn ag daoiniḃ éiriġeann siad ró-ṡásta agus leisgeaṁail. Téiḋeann siad—cuir i gcás—ó Ġailliṁ go Baile Áṫa Cliaṫ agus ó Ḃaile Áṫa Cliaċ go Gailliṁ gan duaḋ gan deacraċt, ċóṁ minic agus is mian leo. Feiceann siad na rudaí céadna gaċ uair, nó ní ḟeiceann siad aon rud. Naċ mór an méid a ċailleann siad i riṫ bliaḋna! Ní ḟeiceann siad, ní ṁoṫuiġeann siad, ní ḋéineann siad, ní ḟaġann siad amaċ dóiḃ féin aon rud gur fiú a ċur i gcomórtas leis na mílte rud a ṫárla d' ár sinnsir roṁainn—nuair naċ raiḃ na bóiṫre réiḋe le fáġail. San móḋ céadna éiriġeann ár n-aigne ró-ṡásta agus leisgeaṁail de ḃríġ go ḃfuil bóṫar-iarainn Ṫomáis Acuínas, bóṫar-iarainn Hégel, bóṫar-iarainn Göte, bóṫar-iarainn Dairḃen, agus a lán eile naċ iad againn.”

“Is fíor é sin,” ar Caoiṁġín, “aċt naċ dtig linn an dá ṫráiġ do ḟreastal? Is féidir linn foġluim na ḃfeallsaṁ agus spiorad na ndaoine a ḃeiṫ faoi ṁeas againn agus ár n-intinní féin a ṡaoṫruġaḋ san am céadna. Ḋá ṁéid mo ṁeas ar Ġöte agus ar Hégel ní haṁlaiḋ is luġa mo ṁeas ar ṡeanċus Ċluaintobair, agus fásann mo intleaċt féin 'na sliġiḋ féin.”

“B' ḟéidir é,” arsan t-Aṫair Muiris, “aċt saoileann tú, is dóċa, gur rud mór feallsaṁnaċt Hégel agus fóġluim na ḃfeallsaṁ eile, agus gur rud simpliḋe seanċus. Ċluaintobair agus seanċus na tuaiṫe ar fad. Ní ḃeinn ar aon intinn leat faoi sin. Tá an oiread sin iongnaiḋ orm