Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/39

This page has been proofread.

31

“Ní féidir an nua-ḟocal sin do ṡárú,” ar Caoiṁġín. “Is deas agus is doiṁin é. Agus naċ áluinn dúinn smaoiniú ar na mílte síḋeog ag séideaḋ agus ag seinnm ins na mílte píopaí, agus ag cur bríġe agus sóiġ agus sóláis isteaċ tríd na mílte píopaí ċun na mílte intinn. Agus naċ deas an rud na mílte Gaeḋeala gan gruaim gan buaiḋirt orṫa, aċt ag caiṫeaṁ tobac agus—faoi ċeo draoiḋeaċta an tobac—ag caint go gliadraċ; ag gáiriḋe ó ḃliaḋain go ḃliaḋain agus ó aois go h-aois.”

“Ní cóir do Ġaeḋeala ḃeiṫ ċóṁ leisgeaṁail sin,” ar Taiḋgín.

“Ní leisgeaṁlaċt é,” ar Caoiṁġín. “Ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ ḋuit ḃeiṫ ag ráḋ go ḃfuil drúċt agus solus leisgeaṁail. Tá fuadar éigin faoi gaċ náisiún ar fud na h-Eorpa. Baḋ h-aoiḃinn an rud oileáinín sóiġ agus síoṫċána, oileáinín gáirṫe agus gail tobac a ḃeiṫ againn annso i mbóċna an iarṫair. Ḃéaḋ áṫas orainne agus iongnaḋ ar an doṁan dá ḃárr.”

D'ḟanadar mar sin, ag díospóireaċt agus ag déanaṁ grinn dóiḃ féin no go raiḃ an meaḋón oiḋċe ṫart. Annsin ċuaiḋ cuid aca go dtí teaċ ósda a ḃí i n-aice an Staid—teaċ ósda 'na raiḃ an t-Aṫair Muiris agus Gaeḋil eile ag cur fúṫa. Ḃí greann agus aoiḃneas aca annsin no go raiḃ an ṁaidin ag breacaḋ.


CAIB. a IX.—AISTEOIREAĊT AN TSAOĠAIL.

Casaḋ Caoiṁġín agus an t-Aṫair Muiris ar a ċéile lá ar n-a ḃáraċ i Seomra Cruinn an Rotunda le linn na comórtais ḃeiṫ ar siuḃal. Rinnce a ḃí ann an taca sin. Ḃí morán daoine ag féaċaint ar na rinnceoirí. Ḃí daoine eile ag caint annso agus annsúd. Curfá an Oireaċtais caint, mar duḃairt Gruagaċ an Ġrinn.

“Ḃíos tuirseaċ le teann gáire aréir,” duḃairt Caoiṁġín leis an Aṫair Muiris.

“Ḃí an sgéal céadna agam-sa,” arsan t-Aṫair Muiris. “Ní dóiġ liom go raiḃ an oiread sin grinn imeasg Fileaḋ na Máiġe fad ó agus atá againn-ne le linn oiḋċeannta an Oireaċtais.”

“Ḃí sé go h-aoiḃinn,” ar Caoiṁġín. “Aċt ḃí sé go h-an-aisteaċ ar ṡliġṫiḃ. Ní raḃamar ag caint ar son