Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/43

This page has been proofread.

35

'Seaḋ, go deiṁin. Agus an aisteoireaċt a ḃí 'ga déanaṁ ag fir riarṫa ṗáipéir ḃí sí niḋ ba h-amaidiġe 'ná aon aisteoireact eile fá'n ġréin. Ṡaoil Caoiṁġín anois agus arís gur geilteanna neaṁ-ċúinsiġe a ḃí i muinntir na gcaṫraċ go coitċeann, agus gur geilteanna amaċ 's amaċ a ḃí i luċt riarṫa na bpáipéar.

An cruinniú i dtaoiḃ na gCat Fánaċ ḃí sé maiṫ go leor. Ṫug na cainnteoirí beagán ráiméise uaṫa, agus maidir leis an dtruaiġṁéileaċt ar son na gcat fánaċ ḃí sí rud beag díċéilliḋe, aċt do ṫaiṫniġ an ċuid ba ṁó di le Caoiṁġín. Ba ḃoċt é cás na gcat fánaċ, baḋ ċeart do ḋaoiniḃ freastal ar a son. Aċt ḃaḋ ṁór an truaġ nár ċuir na freastalaiḋṫe an oiread sin suime i gcás na mboċt ndaonna. Agus gan truaiġ ċóir do ḋaoiniḃ ní ḃéaḋ truaiġ ḟeileaṁnaċ d' aon níḋ beo ann . . .

Ḃí árd-oiḋċe aca ag cuirm ċeoil an Oireaċtais. Do noċtuiġ an caṫaoirleaċ ainmneaċa na ndaoine a fuair duaiseanna ins na comórtais litearḋa. Ḃí an caṫaoirleaċ go glionndaraċ, greannṁar, agus léiġ sé amaċ le h-áṫas agus le fuinneaṁ gaċ a nduḃairt na moltóirí fá na sgéalta agus fá na h-aistiḋe agus fá'n ḟiliḋeaċt. Duḃairt sé go raiḃ Éire ar ḃealaċ a leasa arís. Ba léir di anois an saiḋḃreas mór a ḃí innte féin. Do réir mar ċuir sí suim 'na tiġ féin, do réir mar ṡaoṫruiġ sí a síḃialtaċt féin ḃí a meaḃair ċinn agus a h-inntleaċt ag dul i dtreise, agus bríġ agus áilneaċt a h-intinne ag méaduġaḋ. Ḃí sí ag fáġail a saoirseaċta intleaċtaiġe arís. Ḃéaḋ sí fós ag Cáit Ní Ḋuiḃir.

Ḃí gáir ṁór ṁolta is ṁaoiḋte ann annsin. Ḃí croiḋe na ndaoine go meiḋreaċ. Baḋ ḋóiġ leat orṫa go raiḃ an Aois Forórḋa tagaiṫe.

Fuair Caoiṁġín an ċéad duais i gcomórtas na n-uirsgéal. Ḃí iongnaḋ air nuair ċuala sé breiṫ na moltóirí. Duḃairt sé leis féin go mbéaḋ áṫas ar Úna Ní Ċuilleannáin ar ċloisint an sgéil di. Is air ba ġearr an ṁoill éalú amaċ agus nóta a ċur ċuice tríd an bpost. Duḃairt sé go raċaḋ sé go Fine Gall maidin lá ar n-a ḃáraċ, dá mb'ḟéidir é, cun í ḟéaċaint. Ḃí sluaiġte na nGaeḋeal ag éirġe níḋ ba ḃródaṁla gaċ oiḋċe, aduḃairt sé, aċt buḋ h-aoiḃinn le n-a ċroiḋe féin a ḃeiṫ i ḃFine Gall i n-aice na fairrge léi.