Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/50

This page has been proofread.

42

“Mar sin, tá sé ċóṁ maiṫ dúinn fanaṁaint mar atámuid,” ar Úna. “Oibreoċaiḋ mé imeasg na mboċt i n-Áṫ Cliaṫ. Cuirfiḋ tú do ċuid aistí fileaḋta agus do ċuid sgéalta móra ċun cinn go réiḋ, breaġ, slaċtmar, agus déanfaiḋ tú árd-ṁaiṫeas i n-Éirinn——”

“Filiḋeaċt, a Úna! Caiṫfiḋ sinn ḃeiṫ i n-aoinḟeaċt le ċéile i gcoṁnuiḋe. Nuair ḃéiḋmíd pósta——”

“Níl maiṫeas i gcainnt, a Ċaoiṁġín. Támuid an-óg fós, pé sgéal é. Déanaimís ár ndíṫċeall i mBaile Áṫa Cliaṫ, mise imeasg na mboċt, tusa mar uġdar, ag cur síos ar ṡaoġal agus ar spiorad na h-Éireann nua. Déanfamuid aṫsmaoineaḋ ar ċeist an ṗósta i gceann deiċ mbliaḋna.”

Ṁeas Caoiṁġín naċ raiḃ sí dáríriḃ ar fad, aċt ṁeas sé san am céadna naċ raiḃ sí ag déanaṁ grinn. Ḃí sé san gcás céadna go minic agus é ag caint léi. Aċt ba ċuma leis, ḃí sí ċóṁ aoiḃinn sin. Agus nuair d' éiriġ sí ro-ḋeisḃéalaċ do ṗóg sé a béal.

D' ḟanadar mar a raḃadar cois na fairrge áilne ar feaḋ uaire eile, ag caint fá'n tsaoġal, agus fá Ṫír na n-Óg, agus fá ṗósaḋ. Aċt i ndeire na dála níor léir do Ċaoiṁġín cia'n tuairim i dtaoiḃ pósta ḃí i n-aigneaḋ Úna. Ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ ḋó a ḃeiṫ ag cur ceisteanna ar ṡiḋeoig.


CAIB. a XI.—FÁGTAR INTLEAĊT I gCEILT I n-ÉIRINN.

Ar dteaċt ar ais go tiġ an Ċanónaiġ do Ċaoiṁġín agus d' Úna ḃí an Canónaċ ann rómpa. Ċuir sé fáilte a's fiċe roiṁ Caoiṁġín agus d' ḟan sé ag caint leis ar feaḋ tamaill.

“Is aoiḃinn liom a ċloisint, a Ċanónaiġ, go mbéiḋ tú i mBaile Áṫa Cliaṫ súl i ḃfad,” ar Caoiṁġín. “Teasduiġeann fir mar ṫusa go géar ann ċun a spiorad do ḃrostú.”

“Tá súil le Dia agam beagán a ḋéanaṁ imeasg na mboċt,” arsan Canónaċ.

“Tá daoine i mBaile Áṫa Cliaṫ agus ar ṡliġṫiḃ táid níos boiċte 'ná na ‘boiċt,’” ar Caoiṁġín. “Níl smaoineaḋ, ná ċóṁ-ṁoṫuġaḋ, ná dúil anama ionta. Tá morán daoine sa gcaṫair agus ní ṡaoṫruiġeann siad an