Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/52

This page has been proofread.

44

“Níl ciall ar biṫ agat,” ar sise. “Ag déanam grinn a ḃíos.”

Do ṗóg sé í, aċt ní duḃairt sé aon rud ar feaḋ tamaill.

Nuair d' ḟág sé slán aici sa deireaḋ ċuaiḋ sí anonn go mall go bruaċ na fairrge, agus do ṡuiḋ sí síos arís. D' ḟan sí i ḃfad annsin, ag féaċaint ṫar an ḃfairrge, agus ag smaoineaḋ ar ċúrsaiḋe a beaṫaḋ agus ar an difriġeaċt a ḃí innte ó casaḋ Caoiṁġín agus ise ar a ċéile an ċéad uair.

“Buḋ h-aoiḃinn liom ḃeiṫ pósta leis,” ar sise léi féin, “aċt, fáiríor, ní ḃéaḋ sé ceart.”


CAIB. a XII.—COGAḊ IDIR CROIḊE AGUS ANAM.

Ar rioċtain Ḃaile Áṫa Cliaṫ do Ċaoiṁġín ċuaiḋ sé isteaċ sa Rotunda. Ḃí na Gaeḋil go gliadraċ ann, aċt ḃí brón 'na gcroiḋe faoi ráḋ a's go raiḃ deire an Oireaċtais ag druideaṁaint leo. Ba ṫruaġ leo gan an t-Oireaċtas a ḃeiṫ ann i gcóṁnuiḋe díreaċ mar ḃí caṫair na Teaṁraċ agus aoiḃneas na Teaṁraċ ann ó ṫús deire na bliaḋna i n-allód. Nárḃ aoiḃinn go Ġaeḋeala an lae indiu ḃeiṫ i n-ann teaċt o'n dtuaiṫ cóṁ minic agus a b' áil leo agus an t-Oireaċtas ḟáġail i mBaile Áṫa Cliaṫ faoi lán-tseol rómpa!

An tráṫnóna céadna ḃí seanċus idir Caoiṁġín agus an t-Aṫair Muiris sa tiġ ósda. Ḃí an t-Aṫair Muiris le dul a ḃaile go Gortrua ar n-a ḃáraċ.

“Tá gaċ aoinne ag casaoid faoi naċ ḃfuil an t-Oireaċtas aca ar feaḋ na bliaḋna,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá dearmad mór déanta aca. Tá an t-Oireaċtas ann i gcoṁnuiḋe. Is ionainn féin atá an t-Oireaċtas.”

“Tá ḟios agam,” ar Caoiṁġín, “agus tá neiṫe i ḃfad níos glórṁaire 'ná an t-Oireaċtas ionainn leis, aċt nílimíd foiġdeaċ go leor agus meisneaṁail go leor ċun iad ḟáġail.”

“Níl aċt aon ċaoi aṁáin ċun iad ḟáġail,” arsan t-Aṫair Muiris. “Caíṫfiḋ sinn béiṫ ullaṁ ċun gaċ rud is maiṫ le n-ár gcroiḋṫe san tsaoġal so do ċailleaṁaint. Ní faġtar go gcailltear. Imṫiġeann dúil ṡaogalta, tigeann