Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/54

This page has been proofread.

46

Do leanadar ar an díospóireaċt ar feaḋ i ḃfad. Ċuir an t-Aṫair Muiris i gcuiṁne do Ċaoiṁġín cad duḃairt Erigena agus feallsaṁain eile fá ‘la tempérament sensuelle’ agus rudaí a ḃaineas léi. Duḃairt Erigena go raiḃ colann spriodálta ag gaċ aoinne ar dtús. Nuair ṫáinig peacaṁlaċt isteaċ san tsaoġal—cibé caoi ṫáinig sí—ċailleadar an ċolann spriodálta, agus d'éiriġ an nádúir ainṁianaċ agus eidirḋealḃaḋ innscine. Nuair a ḃéas an cineaḋ daonna i n-aoinḟeaċt leis an Aondaċt Ḋiaḋa arís ní ḃéid “fear” nó “bean” ann; béiḋ colann spriodálta ag gaċ aoinne, ag gaċ anam, arís.

“Ní gáḃaḋ ḋam a ráḋ naċ ḃfuil ins an méid sin aċt tuairim—tuairim ḟeallsaṁan ṁóir, áṁṫaċ,” arsan t-Aṫair Muiris. “Mór-ṡompla de smaoineaḋ na saoiṫe fá'n gceist is eaḋ é.”

“Feallsaṁ mór a b' eaḋ Erigena,” ar Caoiṁġín, “aċt ní raiḃ eolas aige ar a lán teagaisg rúnda agus diaṁaireaċt' an t-sean-ṡaoġail—ar ḟeallsaṁnaċt rúnda an Oirṫir go h-áiriṫe. Ba ṁór é a ṁíniuġaḋ, aċt níorḃ é an míniuġaḋ iomlán é. Ḃí Erigena ró-ċruaiḋ ar fad ar na mnáiḃ, sé sin, má ṫuigim i gceart an tráċt fá'n ḃantraċt san ‘De Divisione Naturæ.’ 'Sé mo ṫuairim féin go ḃfuil an ḃantraċt níos spriodálta go mór 'ná atámuid-ne. Agus mar duḃras ċeana, má tá an gráḋ glan, oireaṁnaċ, ní ċreidim go ḃfuil tuitim ná tráġċaint i bpósaḋ—ann féin.”

I n-a ḋiaiḋ sin a's uile, ḃí intinn Ċaoiṁġín ag éirġe neaṁ-ṡuaiṁneaċ. Ḃí eagla air go raiḃ sé 'gá ṁeallaḋ féin, agus go raiḃ an ceart, nó cuid de'n ċeart, ag Úna agus ag an Aṫair Muiris. Ḃí cogaḋ ag bagairt ar a intinn, cogaḋ idir a ċroiḋe agus a anam—an cogaḋ is mó agus is measa atá i gcinneaṁain do ḋuine fá'n ngréin.


CAIB. a XIII.—AN LEAḂAR MÓR.

Nuair a ḃí an t-Oireaċtas ṫart do ṫosnuiġ Caoiṁġín ag smaoineaḋ ar an obair go mbaḋ ċóir dó a ḋéanaṁ. Ḃí sé cinnte go raiḃ neiṫe 'na intinn ba ċeart dó ċur ċun críċe ar son na h-Éireann. Ḃí spiorad nua sa tír, aċt ḃí smaointe ag teasdáil. Ḃí na Gaeḋil ag corruġaḋ, aċt