Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/56

This page has been proofread.

48

Oireaċtais go raiḃ aṫrú ag teaċt orṫa. Duḃradar go mba ṁaiṫ leo a ḃeiṫ ċóṁ Gaeḋealaċ le n-a sinnsir, agus a ḃeiṫ cosaṁail leo do réir spioraid agus do réir smaointe. Ḃí go maiṫ. De ḃríġ go raiḃ an sgéal mar sin baḋ ċeart a lán eolais ar spiorad agus smaointe na sean-Ġaeḋeal a ṫaḃairt dóiḃ, duḃairt Caoiṁġín leis féin. Ċeap sé mar ṫeideal an leaḃair: “Creideaṁ agus Saoṫar ár Sinnsir,” agus mar ḟó-ṫeideal: “An Ceangal atá idir Diaṁaireaċt agus Fíor-ṡíḃialtaċt.” Do ṫosnuiġ sé ar clár do riaraḋ.

Do sgríoḃ sé ċuig Úna gaċ lá. Ḃí an-tráċt ins na litreaċa fá “An Leaḃar Mór.” Uair aṁáin ḃí sé go h-aereaċ, fileaḋta, uair eile ḃí sé go fuinneaṁail, uair eile arís ḃí sé go brónaċ.

Sgríoḃ sé maidin:

“Is iongantaċ iad na h-imṫeaċta a ḃíos ar siuḃal san ‘ṁór-intinn’ agus an ‘duine’ 'na ċodlaḋ. Oiḋċe aréir ḃíos an-ṫuirseaċ tar éis teaċt a ḃaile ón oifig dom. Rinne mé iarraċt ar leanaṁaint ar an gcaibidil úd i dtaoiḃ ban-déiṫe na sean-Ġaeḋeal, aċt do ṫeip orm glan. Ḃí na smaointe trí n-a ċéile, agus níor ḃ'ḟéidir liom bríġ an sgéil do noċtaḋ ar aon ċor. Do ċailleas an oiḋċe agus ċuaiḋ mé do ċodlaḋ ar a dó a ċlog ċóṁ tnáiḋte, agus ċóṁ mí-ṡásta liom féin a's do ḃí mé riaṁ. Aċt ar ndúiseaċt dom ar maidin ṡaoileas ar feaḋ nóimid go raḃas cois tráġa áilne agus go raiḃ mná sár-ḃinne ag caint i n-aice liom. Saṁluiġeaḋ ḋom gur ḃan-déiṫe a ḃí ionta, nó go raḃadar ag cainnt i dtaoiḃ na mban-déiṫe. An ċéad nóimead eile ḃíos im' lán-ḋúiseaċt, agus ḃí an ‘tráiġ’ agus na ‘mná’ imṫiġṫe. Aċt na neiṫe nár ḃ'ḟéidir liom socruġaḋ aréir ḃíodar go soilléir agam annsin. Táim tar eis cuid ṁaiṫ de'n ċaibidil a sgríoḃaḋ. Aċt fáiríor, is éigin dom stad anois. Caiṫfiḋ mé dul go dtí an oifig—agus ní ḟeadar cia'n obair ṡuaraċ, neaṁ- ṫairḃeaċ atá róṁam. Óċ, a ḃan-déiṫe mo ċroiḋe, ní féidir liom freastal oraiḃ no go dtiocfaiḋ an oiḋċe arís. Tá ‘An t-Sean-ḃean Liaṫ’ ag glaoḋaċ orm.”

Sgríoḃ Úna ar ais ċuige:

“An é sin an saġas ‘staire’ atá d'á sgríoḃaḋ agat?—rudaí a ċualais mná siḋe ag ráḋ cois tráġa draoiḋeaċta ar osgailt dó ṡúl ḋuit ar maidin! Sin é an Forus Feasa dáríriḃ! Ḃfuil an réaṁráḋ sgríoḃṫa ag Clíoḋna fós? An mbéiḋ nótaí agat ón nGobán Saor?”