Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/59

This page has been proofread.

51

é sin do ḋéanaṁ, agus iarraċt nua agus cleaċtuġaḋ nua a ḃeiṫ aige sa doṁan. Is léir do'n anam, sul má nglacann sé colainn nua, naċ mbéiḋ 'na “ḃeaṫaiḋ” nua ar an tsaoġal aċt seal beag i gcóiṁṁeas le saoġal na saoġal agus leis an aoiḃneas síorruiḋe atá roiṁe—nó atá aige, baḋ ċeart a ráḋ. Aċt saoileann sinne—“gnáṫ-ḋaoine,” “aisteoirí” i gcruaiḋ-ċluiċe, mar atáimíd—go ḃfuil an saoġal an-ḟada, an-tuirseaċ ar fad. Tá ḟios ag ár n-anamainn—ár ḃfíor-ḋaoine fá ċeilt—naċ aṁlaiḋ atá an sgéal.”

Ḃí an sgéal mar sin ag Caoiṁġín agus Úna ar feaḋ i ḃfad. Sgríoḃadar áḋḃar leaḃair ṁóir i ḃfuirm litreaċa. Aċt ḃí Caoiṁġín ag éirġe go mío-ḟoiġdeaċ, mí-ṡásta, cráiḋte. Uaireannta ní raiḃ sé i n-ann focal de'n leaḃar a sgríoḃaḋ. Ċaill sé an oiḋċe ar fad go minic. Ba ḋeas a ḃeiṫ ag sgríoḃaḋ ċun Úna, ba ḋeacair rud eile do sgríoḃaḋ, nuair a ḃí sé tuirseaċ, agus fonn air a ḃeiṫ ag caint le h-Úna nó ag sgríoḃaḋ ċuiċe. Uaireannta eile ḃí sé tnáiḋte tar éis na h-oibre i gcóir an ṗáipéir, agus na smaointe bríoġṁara a ḃí 'na intinn ar maidin ḃíodar imṫiġṫe glan. Ḃíoḋ sé ag á iarraiḋ ar Úna a h-intinn a ṡocruġaḋ ċun an ṗósta. Dá mbéaḋ sí aige mar ṁnaoi ḃéaḋ an saoġal go h-áluinn, agus ḃéaḋ seisean i n-ann an leaḃar do ċur ċun cinn go breaġ, réiḋ, bríoġṁar, duḃairt sé. Ḃéaḋ sé i n-ann fíor-litriḋeaċt do ċumaḋ ar a ṡuaiṁneas. Fuair sé freagarṫa sultṁara magaṁla ó Úna. Aċt ḃí imniḋe uirṫe.


CAIB. a XIV.—NA SEANDAOINE I gCRUAḊ-ĊÁS.

Do ċruaiḋ an saoġal ar Lorcán Ó Cearnaiġ agus ar a ṁnaoi ar an ḃfeilm ḃig i gCluaintobair. Ḃíoḋ Lorcán ag obair go moċ mall, aċt ḃí sé ag éirġe aosta agus ní raiḃ an sean-ḟuinneaṁ ann ná an tsean-ċlisteaċt aige, agus dá ḃríġ sin níor éiriġ leis leaṫ ċoṁ maiṫ agus d' éiriġ roiṁe sin. Diaiḋ ar ndiaiḋ do ċruaiḋ an saoġal orṫa go mór.

Ċeap an ḃeirt ṁac go mb'ḟearr dóiḃ dul go h-Aimeirioca, agus ċuaḋar. Tamall 'na ḋiaiḋ sin ċuaiḋ an ḃeirt inġean ann mar an gcéadna. Duḃradar ar imṫeaċt dóiḃ