Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/62

This page has been proofread.

54

na leaḃra céadna. Agus anois tá mo ṁac dil imṫiġṫe uaim go deo mar ġeall orṫa.”

“Ná h-abair é sin, a Ṁáire,” ar Seán. “Níl Caoiṁġín imṫiġṫe go deo, na imṫiġṫe uait i n-aon ċor, aċt anonn go Baile Áṫa Cliaṫ. Agus tá obair ṁór dá déanaṁ aige. Gan aṁras béiḋ Cluaintobair fá ċlú mar ġeall ar an obair ċéadna.”

Do ċrom Máire a ceann agus níor laḃair sí a ṫuilleaḋ.

Tar éis imṫeaċt do na coṁarsana d' ḟan Lorcán agus Máire 'na suiḋe cois na teineaḋ ar feaḋ i ḃfad, ag cur a's ag cúiteaṁ fá na cruaiḋ-ċeisteanna a ḃí ag déanaṁ buaiḋearṫa dóiḃ. Ḃí fiaċa orṫa le fada agus ḃí imniḋe orṫa i dtaoiḃ an ċíosa. An beagán airgid a ḃí bailiġṫe aca b'éigin dóiḃ í ṫaḃairt do'n ḃeirt inġean i gcóir costais a dtriallta go h-Aimeirioca. Níor ṁaiṫ leo a gcruaḋ-ċás a ċur i n-úil do na coṁarsana, agus buḋ ḋeacair dóiḃ a ċur i n-úil do Ċaoiṁġín—níor sgríoḃ ceaċtar aca oiread agus nóta le daċad bliaḋain. Agus buḋ olc leo a ḃeiṫ ag casaoid.

“Is cóir dúinn beiṫ foiġdeaċ,” ar Máire sa deire. “Is giorra caḃair Dé 'ná an dorus.”


CAIB. a XV.—AN SOCRUĠAḊ.

Ḃí an leaḃar agus ceisteanna a ḃain leis an leaḃar, agus ceisteanna eile naċ iad, ag déanaṁ buaiḋearṫa do Ċaoiṁġín. Aċt ċuir sé roiṁe go minic i riṫ na bliaḋna litir a ċur ag triall ar a aṫair agus a ṁáṫair. Ṫóg sé peann agus páipéar ar uairiḃ agus duḃairt leis féin gur ṁiṫid dó tosnuġaḋ. Aċt ċuir sé ar aṫ-lá é. Níor ṁaiṫ leis sgríoḃaḋ ċuċa gan tráċt fá Úna a ḃeiṫ sa litir, aċt níor ḟéad sé a leiṫéid do déanaṁ go fóill. Níor ṁian leis ċur i n-úil dóiḃ go raiḃ fonn pósta air. Ḃí saġas náire air faoi sin. Duḃairt sé leis féin gurḃ aisteaċ an rud é náire ar biṫ a ḃeiṫ air faoi an sgéal d' innsint dóiḃ, aċt 'na ḋiaiḋ sin a's uile ḃí náire air agus ní raiḃ leiġeas aige air.

Ḃí ḟios aige gurḃ aisteaċ ar fad iad baraṁla sean-daoine i gCluaintobair i dtaoiḃ an ġráḋa agus i dtaoiḃ pósta—pósaḋ na n-ógán go h-áiriṫe. Ċeapadar nár ċeart