Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/64

This page has been proofread.

56

mboċt, béiḋ tusa ag obair go bríoġṁar ar son na h-Éireann agus ar son do ṁuinntire féin, agus go lá ár mbáis——”

Do stad sí. Níor ḃ'ḟéidir léi a ṫuilleaḋ do ráḋ.

“Ar son do ṁuinntire féin.” Ar gclos na ḃfocal sin do Ċaoiṁġín ċuiṁniġ sé ar a aṫair agus ar a ṁáṫair i gCluaintobair. Ba ḃeag an méid oibre a rinne sé ar a son le déanaiġe. Ba ṁór an náire dó é sin, ar seisean leis féin. Ċuiṁniġ sé ar a ndearnadar i n-aimsir a óige ar a ṡon-san, an t-ualaċ agus an méid ḟulaing a ḃí orṫa, agus ċóṁ foiġdeaċ agus ċóṁ sásta agus do ḃíodar ċóṁ fada agus do ḃí seisean ag fáġail an oideaċais. Aċt an t-am so, agus iad ag éirġe aosta, rinne sé dearmad orṫa! 'Seaḋ. Ḃí an ceart ag Úna. Milleaḋ carṫannaċta a b'eaḋ an gráḋ. Ċuir sé an t-anam ó raṫ. Do ḋíbir sé ċóṁ-ṁoṫú.

Ċuiṁniġ Caoiṁġín ar an méid mór feallsaṁnaċta a ḃí léiġṫe agus sgrúduiġṫe aige ó ṫeaċt go Baile Áṫa Cliaṫ dó. Dá ṁéid é ba ḃeag an maiṫeas dó é, óir ba léir dó go raiḃ sé ag cur an iomarca suime ann féin.

D'éiriġ sé 'na ṡeasaṁ. Do ċrom sé a ċeann agus do ṗóg sé Úna.

“Tá an ceart agat, a Úna, agus bíonn an ceart agat i gcoṁnuiḋe,” ar seisean. “Rinne mé dearmad ar Éirinn agus ar mo ṁuinntir féin, agus ar gaċ rud aċt aṁáin mé féin.”

Ċuaiḋ sé go dtí an áit i raiḃ a roṫar. Do léim sé air, agus súd amaċ é.

Ċuir sé dá ṁíle de'n ḃóṫar de. Annsin do stad sé ċoṁ h-obann sin gur ḃeag nár ṫuit sé ar an talaṁ. Léim sé anuas, agus d' iompuiġ sé an roṫar. I gceann cúpla nóimead ḃí sé ag riṫ ar ais go Fine Gall i mbárr an anama.

Ḃí Úna 'na suiḋe ins an áit ċéadna ar ḃruaċ na fairrge. Níor ṁoṫuiġ sí ag teaċt é no go raiḃ sé le n-a cois. Ḃí rian na ndeor 'na súiliḃ, aċt nuair ċonnaic sí Caoiṁġín do rinne sí mion-ġáire.

“A ndearna tú dearmad ar rud éigin?” ar sise go sáṁ.

“Rinne,” ar seisean. “Rud beag deas—tusa féin.” Agus do ṡuiḋ sé síos le n-a taoiḃ agus do ċuir sé a láṁ le n-a muinéal.