Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/65

This page has been proofread.

57

“'Seaḋ,” ar seisean. “Rinne mé dearmad ort-sa. Agus is beag nár imṫiġ an t-anam asam.”

“Is dóċa go gcaiṫfiḋ mé ḃeiṫ leat,” ar sise. “Níl leiġeas air. Is beag nár ḃris mo ċroiḋe ó ṡoin.”

Ḃí gaċ rud socruiġṫe aca i gcóir an ṗósta sul ar ṫángadar ar ais go tiġ an Ċanónaiġ.


CAIB. a XVI.—TÍR NA n-ÓG.

Ċuir Caoiṁġín obair an leaḃair ar leaṫ-taoḃ. D'ḟág an Canónaċ slán ag Fine Gall. Ṫáinig Úna go Baile Áṫa Cliaṫ san am céadna. D'aontuiġ sise agus Caoiṁġín a ḃeiṫ 'na gcoṁnuiḋe i n-aice Ċuain Áṫa Cliaṫ tar éis an ṗósta. Fuaradar tigín deas i nDuṁaċ Ṁuirḃṫean, i ngar do ṫiġ Ṡeáin Uí Ṁurċaḋa, 'na raiḃ Caoiṁġín ag cur faoi ċeana. Ḃí Seán ag fágáil na háite, óir ḃí sé tar éis posta ḟáġail mar eagarṫóir caḃruiġṫe i mBéilfeirsde. Ba ṫruaġ le Caoiṁġín é a ḃeiṫ ag imṫeaċt. Aċt ḃí go leor le déanaṁ aige, agus ṡaoil sé go raiḃ sé ina ċoṁnuiḋe i dTír na nÓg ċeana féin. Socruiġeaḋ go mbéaḋ an pósaḋ ann i dtús a laeṫeannta saoire i gceann míosa.

Tar éis a bpósta ċaiṫeadar seal i ḃFine Gall cois na fairrge, agus 'na ḋiaiḋ sin ḃíodar i ngleann na Bóinne agus i gceanntar na Teaṁraċ ar feaḋ tamaill, agus sa deire ċuadar go dtí an tIarṫar. Tar éis seaċtṁaine ba ḋeacair do Ċaoiṁġín a ċreideaṁain naċ raḃadar pósta le bliaḋanta. An saoġal a ḃí aige roiṁe sin saṁluiġeaḋ dó naċ raiḃ ann aċt rud éigin do léiġ sé i ḃfad ó ṡoin i sean-sgéal—ní raiḃ fíor-ḃeaṫa aige go dtí seo. Ċreid sé go raiḃ dearmad mór déanta ag feallsaṁna i dtaoiḃ pósta. Iad so aduḃairt gur tréigeant árd-nádúire a ḃí ann, ḃíodar ag dul amuġa go mór. Ní raiḃ a anam ċóṁ beoḋa ariaṁ agus do ḃí sé annsin. Ḃí an-tráċt ag na feallsaṁna agus na saoiṫe naoṁṫa faoi “an ḃantraċt”; finn-sgéalaiḋeaċt spriodálta í sin. Fá ḋuḃailceas do ċruṫuiġ an cineaḋ daonna féin do ċuireadar an milleán ar “Ḃean,” díreaċ mar do ċuireadar milleán eile ar an “Diaḃal.” An cineaḋ daonna a ḃí cionntaċ ó ṫús go deire.