Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/68

This page has been proofread.

60

áṫas i n-anam na h-Éireann ḃéaḋ a ṁalairt de sgéal againn.”

“Níor ṡaoileamar féin an oiread sin áṫais a ḃeiṫ ionainn agus atá,” ar Caoiṁġín. “Béiḋ eolus ar a cúṁaċt ṁór ag Éirinn lá éigin, agus annsin cuirfiḋ sí Teaṁair agus neiṫe níos iongantaiġe 'ná Teaṁair ar bun arís.”

“Béiḋmid tar éis ḃáis annsin,” ar Úna, “ní ḟeicfimid-ne Caṫair na Teaṁraċ go deo,”

“Nílim cinnte naċ ḃfeicfimid,” ar Caoiṁġín. “Níl fios ná fáirnis againn ar na turais atá i gcinneaṁain d'ár n-anamainn. Ní ḃéiḋmid marḃ ar aon ċuma. Níl bás dáríriḃ ann aċt aṫrú clóḋa agus aṫrú stáide. Níl Teaṁair caillte aċt aṫruiġṫe.”

“Is iongantaċ an duine ṫú, a Ċaoiṁġín,” ar Úna. “Annso fá uaigneas na Teaṁraċ níl brón ná neiṁ- ṁeisneaċ ar biṫ ort. Ní ċuiṁniġeann tú ar a ḃfuil caillte.”

“Ḃí mór-ṫaoide ḃeaṫaḋ annso uair aṁáin,” ar Caoiṁġín. “D'imṫiġ an taoide agus anois tá an tráiġ go h-uaigneaċ. Aċt tiocfaiḋ an taoide ar ais i n-am 's i dtráṫ. Tá áḋḃar na taoide síṫ-ḃeo.”


CAIB. a XVII.—INS AN IARṪAR.

Ḃí Caoiṁġín agus Úna i n-áit uaigneaċ san Iarṫar, agus ḃí deire na laeṫeannta saoire ag druideaṁaint leo. Sgríoḃ Caoiṁġín do'n árd-ṫuairisgeoir, 'na oifig, ag ráḋ go mbaḋ ṁaiṫ leis cúpla lá eile a ḃeiṫ aige i dtreo go mbéaḋ sé in-ann dul go dtí Feis Ṁór an Iarṫair, agus aiste speisialta a sgríoḃaḋ 'na taoiḃ. Baḋ ṫruaġ leis, duḃairt sé, gan an ḟeis ṁór úd d'ḟeicsint.

Fuair sé freagra gan ṁoill. Ċuir an t-árd-ṫuairisgeoir ċuige fós an uiṁir litearḋa, “uiṁir áiriṫe an tsaṁraiḋ,” a ṫáinig amaċ breis a's seaċtṁain roiṁe sin. Ḃí sgéal i nGaeḋilg innte ó láṁ Ċaoiṁġín féin.

“Teasduiġeann a ṫuilleaḋ laeṫeannta saoire uait, an eaḋ?” duḃairt an t-árd-ṫuairisgeoir. “Duḃairt bean liom go nduḃairt bean léi go ḃfuil bean ṗósta agat anois. Má's fíor é sin ní iongnaḋ go ḃfuil a ṫuilleaḋ laeṫeannta saoire ag teasdáil uait. Ní dóiġ liom gur fíor an sgéal