Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/73

This page has been proofread.

65

Nuair ṡroiċ sé Cluaintobair d'éiriġ a ċroiḋe. Do ṁoṫuiġ sé arís ċóṁ-ċeangal iongantaċ idir a ċroiḋe agus gaċ rud a ḃain le n-a ḃaile ḋúṫċais. An tsean-áit!—ḃí sí beo, croiḋeaṁuil, ní raiḃ an spiorad céadna i n-aon áit eile.

Ḃí sé beagán déiḋeannaċ, agus níor casaḋ duine air i gCluaintobair féin. Ba ṁaiṫ an rud é sin, do ṡaoil sé. Níor ṁaiṫ leis laḃairt le duine ar ḃiṫ no go mbéaḋ seanċus le n-a aṫair agus a ṁáṫair aige.

Ar teaċt do'n ḃóitrín dó ḃí deireaḋ leis an roṫaireaċt; b'éigin dó ṡiuḃal go dtí an teaċ.

Ní raiḃ solus le feicsint sa tiġ. Ċeap sé go raḃadar 'na gcodlaḋ. Do ḃuail sé ar an doras. Ciúineas! Tost! Do ḃuail sé arís. Do ḃuail sé arís eile. Ní raiḃ freagra ná fuaim le cloisint.

Do ḃuail sé arís, do ḃuail sé go raiḃ tuirse 'na láiṁ. Níorḃ aon ṁaiṫeas dó é. Níor ṫáinig freagra ċuige, níor airiġ sé fuaim aċt fuaim an ḃuailte.

Ṫáinig eagla ṁór ar a ċroiḋe. Do ṡiuḃail sé ṫart timċeall an tiġe. D'féaċ sé ar na fuinneogaiḃ. Do ḃuail sé ar an ndoras arís.

Ṁoṫuiġ sé duine ag teaċt ó'n mbóiṫrín.

“Cé ṫú féin, nó cad tá uait?” arsan duine—Máirtín Gréasaiḋe a ḃí ann. “Naċ ḃfuil ḟios agat——”

“An tusa atá ann, a Ṁáirtín,” ar Caoiṁġín. “Táim ag bualaḋ an dorais le deiċ nóimid. Ní ḟeadar cad tá orṫa istiġ.”

“Go ḃfóiriḋ Dia orainn an oiḋċe ḃeannuiġṫe seo,” ar Máirtín. “Ḃfuilim ag taiḋḃreaḋ, nó an é Caoiṁġín Ó Cearnaiġ féin atá ann?”

“Tá cuid de ann go cinnte,” ar Caoiṁġín, “aċt saoileann sé go ḃfuil cuid dá anam imṫiġṫe.”

“Agus i n-ainm Dé, a Ċaoiṁġín, cé'n fáṫ faoi go dtáinig tú annso an uair seo?”

“Níor ḃ'ḟéidir liom teaċt níḋ ba luaiṫe,” ar Caoiṁġín. “Ḃí sé 'na oiḋċe nuair ṡroiċeamar Baile an t-Síoda Móna——”

“Aċt cé'n fáṫ go dtáinig tú i n-aon ċor?” ar Máirtín.

“Cé'n fáṫ faoi do dtáinig mé i n-aon ċor? Is aisteaċ an ċeist í sin, a Ṁáirtín. Ar maidin indiu fuair mé litir ó mo ṁáṫair——”

“Ar maidin indiu?”

E