Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/75

This page has been proofread.

67

eolas agam ar a stáid, agus níor ċuireadar i n-úil dam é——”

“Níor ċuireadar i n-úil d'aoinne é go dtí le déanaiġe,” ar Máirtín. “Ṡaoileamar go raḃadar compórdaċ go leór. Ċeapadar, mar duḃradar liom sa deire, go mbéaḋ aṫrú ar an sgéal ó ṁí go mí. Aċt ḃí fiaċa orṫa, agus ní raḃadar ábalta ar an cíos do ċur le ċéile. Duḃradar liom go raiḃ De Faoite (an tiġearna talṁan) foiġdeaċ go leór; aċt ba léir dóiḃ naċ mbéidís i n-ann sliġe beaṫaḋ d' ḟáġail annso, agus nuair ṫáinig na ‘ticéidí’ ó na cailíní——”

“Go ḃfóiriḋ Dia orṫa,” ar Caoiṁġín de ġuṫ brónaċ. “Tá eagla orm go ḃfuil a gcroiḋe briste. Ḃí gráḋ an doṁain aca do'n ḃfeilm ḃig. 'Sé an mí-áḋ cráiḋte é nár sgríoḃadar ċugam i bfad ó ṡoin. Sin rud naċ dtuigim i n-aon ċor.”

“Ṫáinig an sgéal go Cluaintobair leaṫ-ḃliaḋain ó ṡoin go raiḃ tú ar tí pósaḋ, agus——”

“Ní ḟeadar cé ċuir an sgéal sin go Cluaintobair,” duḃairt Caoiṁġín leis féin. “Seán Ó Murċada, b'ḟéidir. . . . Ḃí an ceart sa sgéal,” ar seisean ós áird, “agus tá bean óg, áluinn agam.”

Ḃíodar ag cainnt i dtaoiḃ Úna ar feaḋ tamaill.

“Tá bród orm faoi an sgéal,” ar Máirtín. “Aċt níl maiṫeas dúinn a ḃeiṫ ag fanaṁaint annso, a Ċaoiṁġín. Táim cinnte go ḃfuil tuirse agus ocras ort ċóṁ maiṫ le brón. Tar liom anois, mar fear maiṫ——”

“A Ṁáirtín, ḃfuil ḟios agat cé'n áit 'na mbéiḋ m'aṫair agus mo ṁáṫair ag fanaṁaint i n-Aimeirioca, nó cá ḃfuil na cailíní nó ná buaċaillí?”

“Ṁuise, go deiṁin, tá,” ar Máirtín. “Is minic do ċualas an seolaḋ céadna. Seo é——”

“Fan nóimid, a Ṁáirtín.”

Ṫóg sé leaḃrán cuiṁne agus peann luaiḋe as a ṗóca, agus annsin ċuaiḋ sé fa ḋéin lóċrainn an roṫair.

“Anois, a Ṁáirtín.”

Ċuir Máirtín an seolaḋ i n-úil dó, agus sgríoḃ sé síos sa leaḃrán ċuiṁne é.

“Go raiḃ míle maiṫ agat, a Ṁáirtín,” ar seisean. “Táim buiḋeaċ ó ċroiḋe ḋuit mar ġeall ar do ċinéaltas. Aċt ní raċaiḋ mé leat anoċt. Ní raċaiḋ mé isteaċ i do ṫiġ, ní raċaiḋ mé trasna táirsiġe i gCluaintobair sul a