Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/77

This page has been proofread.

69

CAIB. a XX.—CAOIṀĠÍN AR IARRAIḊ.

Cailín an-aereaċ a b'eaḋ Úna do réir a carad. Ḃí an tuairim ċéadna ag Caoiṁġín féin ar dtús. Níorḃ eol do mórán aca ċóṁ smuainteaċ, ċóṁ intleaċtaċ, ċóṁ gráḋṁar agus a ḃí sí. Ṫuig Caoiṁġín an sgéal i ḃfad roiṁe seo.

Ag dul ar ais go Baile Áṫa Cliaṫ di baḋ ḋóiġ le duine naċ raiḃ sí aereaċ ná sonasaċ ariaṁ. Ḃí uaigneas ṫar meoḋan uirṫe. Ḃí brón uirṫe um an am so faoi naċ ndeaċaiḋ sí i n-éinḟeaċt le Caoiṁġín go Cluaintobair. Ḃí a croiḋe ag cur ṫar maoil le gráḋ dó, agus ba ḋoiliġ léi iad a ḃeiṫ i ḃfad ó ċéile ar feaḋ aon lae aṁáin.

Níor ṫáinig Caoiṁġín ar ais ar n-a ḃáraċ. Ḃí sí cinnte go mbéaḋ sé ar ais um tráṫnóna, mar duḃairt sé naċ ḃfanfaḋ sé i dtiġ a aṫar aċt ar feaḋ oiḋċe aṁáin agus go ḃfágfaḋ sé Cluaintobair roiṁ an nóin. Aċt ṫáinig an oiḋċe agus ní raiḃ sé le feicsint. Ṡaoil sí annsin gur ṁian leis fanaṁaint sa tsean-áit ar feaḋ oiḋċe eile. B'ḟéidir go raiḃ sé tuirseaċ, nó b'ḟéidir go raiḃ an trioblóid níḋ ba ṁeasa 'ná do ṡaoil sé. Aċt ḃí iongnaḋ uirṫe faoi nár ċuir sé sreang-sgéal ċuiċe. Annsin ċuiṁniġ sí go nduḃairt sé léi go minic go raiḃ Cluaintobair i ḃfad ó ḃaile agus ó ṡráid-ḃaile féin. Ḃí sí cinnte, áṁṫaċ, go ḃfaiġfeaḋ sí litir uaiḋ ar maidín lá ar n-a ḃáraċ.

Ṫáinig an lá, aċt níor ṫáinig litir agus níor ṫáinig Caoiṁġín. D'éiriġ sí uaigneaċ, buaiḋearṫa; aċt ċeap sí go raiḃ sé ar a ḃealaċ agus go mbéaḋ sé i mBaile Áṫa Cliaṫ roiṁ tuitim na h-oiḋċe. Aċt ní raiḃ.

Ṫáinig an tríoṁaḋ lá, aċt ní raiḃ tásg ná tuairisg air. Ṫáinig imniḋe ṁór uirṫe annsin. Ċuaiḋ sí ċun oifige an ṗosta agus ċuir sí sreang-sgéal ċuige, ag fiafruiġe de cionnus mar ḃí an sgéal aige agus cé'n uair a ḃéaḋ sé ar ais.

Ḃí sí ag fanaṁaint go mí-ḟoiġdeaċ le freagra ar feaḋ i ḃfad. Fá ḋeireaḋ ṫáinig sgéal ċuice ó oifig an ṗosta—ní raiḃ an “t-addressee” le fáġail: deirtear go ndeaċaiḋ sé go Baile Áṫa Cliaṫ cúpla lá roiṁe sin!

Ṫáinig iongnaḋ agus eagla uirṫe. Aċt tar éis tamaill di ag smaoineaḋ d'éiriġ sí go h-obann. “An páipéar, ḃ'ḟéidir,” ar sise. Cuireaḋ ar ġnó éigin áiriṫe go minic é. B'ḟéidir go ḃfuair sé sreang-sgéal ón árd-ṫuairisgeoir,