Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/81

This page has been proofread.

73

Do ċuiṁniġeas ar a lán aduḃrais an lá úd a ḃíomar cois na fairrge i ḃFine Gall. Ḃí tráċt agat ar ḟear óg agus ar ṁnaoi óig a ṫréig a n-árd-nádúir, a ċuir spéis i ngráḋ, i n-aoiḃneas, i ndioṁaointeas, gan suim i n-aon rud aċt aṁáin iad féin——”

“Ná bac leo,” ar Úna. “Ní ḃaineann siad linne. Tuigim a lán rudaí anois nár ṫuigeas i gceart an uair sin. Táim i ḃfad níos ciallṁaire indiu. Bean atá ionam anois. Tréigean na h-árd-nádúire, an eaḋ! A' gceapann tú gur ṫréig sinne ár n-árd-nádúir—an méid atá againn—nuair ṗósamar le ċéile. Má ċeapann tú aṁlaiḋ béiḋ troid eadrainn, a Ċaoiṁġín Uí Ċearnaiġ.

“Ní ċeapaim,” ar Caoiṁġín ag gáire, “aċt sar a ṗós mé ṫú baḋ ċeart dam a ḃeiṫ cinnte go raiḃ teolaiḋeaċt ag m'aṫair agus ag mo ṁáṫair, go raḃadar compórdaċ ar an ḃfeilm ḃig. Rinne mé dearmad mór, agus is beag nár ċaill mé mo ṁeaḃair nuair fuair mé amaċ an ċaoi 'na raḃadar.”

Do ṗóg Úna é.

“Déanfaiḋ sin anois,” ar sise. “Ná bíoḋ ceist ort as so amaċ. Béiḋ gaċ rud socruiġṫe i gceann tamaillín. 'Sí an ḟírinne ġlan a ráḋ go ḃfuil do ċroiḋe ró-ḋoiṁin agus ró-ġráḋmar, agus ní mór duit ḃeiṫ cúramaċ nó béiḋ sé dá ċéasaḋ i gcoṁnuiḋe.”

Maidir leis an imirc do ṡaoil sí go raiḃ an oiread loċta ar an aṫair agus an ṁáṫair agus a ḃí ar Ċaoiṁġín aċt ní duḃairt sí ós áird é.

Ċóṁ luaṫ agus ḃí Caoiṁġín i n-ann sgríoḃaḋ arís ċuir sé litreaċa ċun an aṫar agus na máṫar, agus ċun na mbuaċaillí agus na gcailíní agus ċun an tiġearna talṁan. Ċuir sé airgead ċun an aṫar i gcóir an turais ar ais go hÉirinn. Do ċuir sé rudaí eile ċun cinn. Ní raiḃ a lán airgid fágṫa aige féin sa deireaḋ, aċt ḃí a ċroiḋe agus a aigne sásta.

Sgríoḃ sé ċun an árd-ṫuairisgeora, agus fuair sé freagra go luaṫ.

“Tá buaiḋirt an doṁain orm i do ṫaoiḃ,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir, “aċt tá áṫas mór orm faoi go ḃfuilir ag éirġe láidir. Ná tig ar ais i n-aon ċor no go mbéiḋ tú ċóṁ slán agus do ḃí tú riaṁ. Tá ‘An t-Sean-ḃean Liaṫ’ níos díṫċéilliḋe 'ná do ḃí sí riaṁ. Dar ndóiġ tá mé liaṫ aici.”