Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/85

This page has been proofread.

77

Do ġaḃ gáire an duine mór.

“Tá sin go maiṫ,” ar seisean. “Aċt is fearr gliocas an tsionnaiġ 'ná fírinne staire i n-Éirinn go fóill. Rud eile. Ní ṫaiṫneoċaḋ an leaḃar leis na Gaeḋeala féin. Na daoine a ḃíos ag innsint sgéal cois na teineaḋ insa nGaeḋealtaċt, ní ḃéaḋ baint aca leis. Is rud fá leiṫ an aigne Ġaeḋealaċ, agus ní dóiġ liom go ḃfuil an diaṁaireaċt agus an ḟeallsaṁnaċt úd oireaṁnaċ di ar aon ċor.”

“Aċt tráċtann sé ar aigneaḋ ár sinnsir róṁann,” ar Caoiṁġín. “Aigne Ġaeḋealaċ a ḃí aca súd! Tá daoine ag tráċt faoi an nGaeḋealtaċt le déanaiġe agus níl eolus aca aċt ar iarsma beag de'n Ġaeḋealtaċt—an t-iarsma beag atá le fáġail indiu: aon lá as milliún beo-laeṫeannta na Gaeḋealtaċta. Is beag an tsuim a ċuireann siad ins an ṁór-Ġaeḋealtaċt ḋo-ḟeicsionaiġ.”

“B'ḟéidir é,” arsan duine mór. “Aċt níl an t-am tagaiṫe fós. Tá aigne na n-Gaeḋeal indiu ċóṁ simpliḋe, creidṁeaċ le h-aigneaḋ leinḃ. 'Seaḋ, go díreaċ. Leanḃ na hEorpa an Gaeḋeal. Ní sgéala na Saoi aċt sgéala na siḋe atá ag teasdáil uaiḋ.”

Ḃí an rud céadna le ráḋ ag daoine móra eile agus ag daoine beaga ċóṁ maiṫ leo. Ní raiḃ foillsiġṫeoir i n-Áṫ Cliaṫ toilteannaċ an leaḃar do ċraoḃsgaoileaḋ. Ṫáinig iongnaḋ orṫa na ṫaoiḃ. Ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ do Ċaoiṁġín iarraiḋ ar Ḟear na Gealaiġe é ḟoillsiú.

Duḃairt a lán naċ raiḃ smaointe ná litriḋeaċt ag teasdáil ó na Gaeḋeala. Duḃraḋ fós naċ raiḃ smaointe ná litriḋeaċt ag teasdáil ó na h-Éireannaiġ naċ raiḃ teanga a sinnsir aca. Ní raḃadar ag teasdáil i n-aon áit sa tír aċt aṁáin ó ċorr-ḋuine. Do b'aisteaċ an rud é, aduḃairt Caoiṁġín leis féin. Níor ċreid sé é, ar dtús. Aċt na neiṫe litearḋa a sgríoḃ sé, i nGaeḋilg nó i Sacs-Ḃéarla: neiṫe a ḃain le feallsaṁnaċt, le h-árd-smaointe, le h-anam, le h-intleaċt, ní ċuirfeaḋ aoinne i gclóḋ iad i ḃfuirm leaḃair, agus is beag eagarṫóir páipéir a léiġfeaḋ iad ar fad. Duḃraḋ leis i gcoṁnuiḋe ná tuigfeaḋ an sluaġ iad.

“An raḃas ag taiḋḃreaḋ?” ar seisean i litir do'n Aṫair Muiris. “An raḃamar go léir ag taiḋḃreaḋ le linn an Oireaċtais úd—fadó, mar ṡaṁluiġeann sé ḋom féin anois. Cá ḃfuil an ‘Éire nua’? Cá ḃfuil an ‘spiorad nua’? Cá ḃfuil an intleaċt ṁór a ḃí ag éirġe,