Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/87

This page has been proofread.

79

agam ċun é sin do ḋéanaṁ. Tá an ḟírinne agat mar ġeall ar na bailte móra. Tá siad feoċta, loitiġṫe. Aċt níl. Tá anam i ngaċ duine atá 'na ċoṁnuiḋe ionta. 'Sé an donas é go ḃfuil na ‘gnáṫ-ḋaoine’ i n-uaċdar. Ní fuláir dúinn ḃeiṫ foiġdeaċ agus ár ndiṫċioll do ḋéanaṁ gaċ lá dá maireann sinn ċun an ‘ḟíor-ḋuine’ atá fá ċeilt i ngaċ caṫruiġṫeoir a ṁúsgailt.

“Ṫug an Canónaċ Ó Maoilḃeanna seanmóirí iongantaċa uaiḋ le déanaiġe. Ċuir sé sgannraḋ ar a lán, óir ḃí bríġ a ṫeagaisg fíor-ċosaṁail le cumannaċt. Béiḋ éirġe amaċ imeasg na mboċt lá éigin, duḃairt sé, agus baḋ ṁaiṫ leis é. Tá mé féin boċt go leor anois, agus támuid i gcruaḋċás. Tá imniḋe ṁór orm faoi an ṁnaoi. Is dóċa go raċaiḋ sinn go Cluaintobair i ndeire na tréiṁse . . .”

Tamall 'na ḋiaiḋ sin ṫáinig sgannrad mór ar Ċaoiṁġín. Do ḃuail Úna breoite. D'éiriġ sí níḋ ba laige ó ló go ló. Ṫáinig an doċtúir ċuice, ṫáinig an Canónaċ gac lá dá féaċaint. I gceann coicṫiġise ċeap gaċ aoinne aċt aṁáin Caoiṁġín go raiḃ an bás i ngar di, agus maidir le Caoiṁġín féin gioḋ go raiḃ dóċas aige fós ḃí sé beagnaċ as a ṁeaḃair.

“A Ċaoiṁġín,” ar sise tráṫnóna, “is minic a ḃíomar ag tráċt ar an mbeaṫaiḋ agus ar an mbás; is minic aduḃrais naċ ḃfuil sa mbás aċt aṫrú clóḋa; is minic aduḃrais go raiḃ ċóiṁ-ċeangal agus cáirdeas idir ár n-anmanna fad ó, agus go mbéiḋ ċóiṁ-ċeangal agus cáirdeas eatorṫa go deo na ndeor. Anois, a Ċaoiṁġín, éiriġeaḋ do ċroiḋe, agus bíoḋ meisneaċ agat, agus bíoḋ dóċas ionat. Agus béiḋ m'anam i ngar duit i gcoṁnuiḋe, agus béiḋmid i n-aoinḟeaċt le ċéile arís, agus——”

Aċt ní féidir leis creiḋeaṁ go raiḃ sí ag imṫeaċt. Do ṗóg sé í, agus duḃairt sé go mbéaḋ saoġal fada sonasaċ roimpi. Maidir leis an ḃfeallsaṁnaċt níor ċuiṁniġ sé uirṫe.


CAIB. a XXIV.—TRÁĠAIḊEAĊT.

“Go dtugaiḋ Dia solus na ḃflaiṫeas dá h-anam! Tá sí imṫiġṫe uainn,” arsan Canónaċ.

Ċuaiḋ Caoiṁġín amaċ as an tseomra. Níor léir dó cad a ḃí dá ḋéanaṁ aige. Ḃí a ċroiḋe céasta, ḃí a intinn trí n-a ċéile.