Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/88

This page has been proofread.

80

Ċuaiḋ sé ar an tsráid. Ċuaiḋ sé síos ċun na tráġa. Ḃuail sé síos 'na ḋiaiḋ sin ar ḃóṫar na fairrge, agus fiaḃras 'na ṁeaḃair.

Ḃí an oiḋċe go geal, glórṁar, aċt níor ċuir sé suim i n-aon rud a ḃí le feicsint nó le moṫuġaḋ. Do ṡiuḃail sé ċóṁ luaṫ agus do ḟéad sé; do riṫ sé ar uairiḃ. D'iompuiġ sé ar ḃóṫar sléiḃe, agus do ṡiuḃail sé níḋ ba luaiṫe 'ná riaṁ. Anois agus arís do riṫ sé i mbárr an anama. Do ṡiuḃail sé agus do riṫ sé, do riṫ sé agus do ṡiuḃail sé i n-uaigneas na h-oiḋċe. Fá ḋeireaḋ ṫiar ní raiḃ sé i n-ann riṫ ná siuḃal. Do ċaiṫ sé é féin ar an dtalaṁ faoi sgáṫ an ċlaiḋe, agus do ġuiḋ sé ċun Dé go mbéaḋ deireaḋ leis.

Ba h-uaṫḃásaċ iad a ḋólás, a ċéasaḋ croiḋe, a ḃuaiḋirt anama. Ba léir dó fá ḋeireaḋ an dearmad mór do rinne sé. Níor ġlaċ sé le coṁairle Úna, níor lean sé ar a ḟíor-obair, níor ċuiṁniġ sé ar a aṫair agus ar a ṁáṫair. Ċuir sé an iomarca suime ann féin, agus sa ngráḋ, agus i n-aoiḃneas. Agus ṫáinig tubaiste air, ṫáinig mí-áḋ air, dá ḃárr. Dá mbéaḋ ciall aige i n-am ḃéaḋ sé ag obair i gcóir an ṗáipéir fós, agus am agus suaiṁneas aige i gcóir litriḋeaċta; ḃéaḋ a aṫair agus a ṁáṫair go compórdaċ sa mbaile; ḃéaḋ Úna 'na beaṫaiḋ. Aċt ní raiḃ ciall ná coguḃas aige, agus dá ḃríġ sin do ṫuit dólás agus donas agus bárr donais air. Ní raiḃ dúil aige i n-aon rud aċt aṁáin an bás.

Do luiġ sé annsin ar feaḋ uaire, agus do ṁeas sé gur ċosaṁail le h-Ifreann stáid a ċroiḋe agus a intinne. . . . Fá ḋeireaḋ d'éiriġ sé sár-ṫuirseaċ, agus do ṫuit a ċodlaḋ air . . .

Ṡaoil sé ar ndúiseaċt dó go raiḃ sé i n-áit áluinn, aoiḃinn, agus go raiḃ Úna le n-a ċois, agus í ag féaċaint air go gráḋṁar. Ṫáinig áṫas ṫar meoḋon ar a ċroiḋe. Ḃí sé cinnte gur ċuala sé a guṫ agus go ḃfaca sé glóire a súl. An ċéad nóimid eile ḃí sé 'na lán-dúiseaċt. Fairíor, ḃí Úna imṫiġṫe, aċt do b'iongantaċ an méid síoṫċána agus sonais a ḃí 'na aigneaḋ fós.

D'éiriġ sé 'na ṡeasaṁ. Ḃí an moċ-ṫráṫ ann.

Ḃí sé fíor-ċinnte go raiḃ anam Úna i n-aice leis. Duḃairt sé leis féin go mbéaḋ sé foiġdeaċ, calma, deaġċroiḋeaċ as sin amaċ, agus go leanfaḋ sé go dian, díṫċeallaċ ar obair a ṡaoġail. Níl i mbeaṫaiḋ ḋuine sa réim ċorporḋa aċt seal, agus ḃéaḋ a anam agus anam