Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/91

This page has been proofread.

83

“Cé an maiṫeas a ḃéaḋ san méid sin?” ar Caoiṁġín.

“Táir ró-ṡimpliḋe le ḃéiṫ i do ḃeaṫaiḋ ar ṗláinéid mar seo,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Tá eagla an doṁain ag ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ roiṁ árd-ċléireaċ. Dá mbéaḋ an Pápa 'na ċoṁnuiḋe i mBaile Áṫa Cliaṫ ní ḟeadar cad a ḋéanaḋ sí. Nuair a fuair an fear eagair amaċ go ḃfuil tusa agus an Canónaċ ċóṁ mór sin le ċéile ṫáinig sé ċugam agus duḃairt sé gur ṁór an náire ḋom gan sgríḃneoir breaġ, cliste mar ṫusa a ċoiṁéad san oifig. Ċuir sé milleán ṫar meoḋan orm. Orm-sa! 'Seaḋ go díreaċ. Anois tá post áiriṫe le fáġail agat, a ṁic ó! Ní ḃéiḋ baint agat le tuairisgeoireaċt ċoitċinn—aċt aistí speisialta ar imṫeaċta áiriṫe: tuairisgeoireaċt litearḋa ealaḋanta. Béiḋ sé ort fós príoṁ-aistí litearḋa a sgríoḃaḋ cúpla uair sa tseaċtṁain. Agus béiḋ an oiread eile tuarasdail le fáġail agat a's mar ḃí ċeana. Aċt tá an t-árd-eagarṫóir ag fanaṁaint leat 'na ṡeomra. Réiḋteoċaiḋ sé an ċeist ar fad.”

Agus do réiḋtiġ.

Ar teaċt a ḃaile do Ċaoiṁġín ḃí Úna 'na suiḋe agus í ag léiġeaḋ láiṁ-sgríḃinne an “Leaḃair Ṁóir.”

“Is iongantaċ a ḃfuil ráiḋṫe agat annso i dtaoiḃ ban-déiṫe na nGaeḋeal, a Ċaoiṁġín,” ar sise. “Is áluinn an sgéal é. Baḋ ḋóiġ le duine go raiḃ aiṫne agat ar na ban-déiṫe céadna.”

“Tá ceann aca i dtigín i nDuṁaċ Tráġa Ṁuirḃṫean cois Ċuain Áṫa Cliaṫ,” ar seisean. “Is uirṫe a ḃíos ag smaoineaḋ agus mé ag sgríoḃaḋ.”

“Is miṫid duit a ḃeiṫ ag éirġe ciallṁar anois,” ar sise. “Maraċ go dtáinig mé, agus an mí-áḋ i n-aoinḟeaċt liom, ḃéiṫeá go réiḋ, sonasaċ——”

“Níor ṫuigeas sonas dáríriḃ sul ar ṫáinig tú,” ar seisean.

“Aċt an trioblóid ṁór a ḃí ort le déanaiġe, nó le fada baḋ ċeart dam a ráḋ——”

“Do ċéas sí an ‘gnáṫ-ḋuine’ a ḃí ionam,” ar seisean, “agus tá an ‘fíor-ḋuine’ ag teaċt ċun cinn dá ḃárr. Moṫuiġim ‘Ríoġaċt Neiṁe’ im' ṫimċeall agus ionam ċeana féin. Ḃí an ceart ag na saoiṫe naoṁṫa.”

“Moṫuiġim-se aoiḃneas sa tsaoġal naċ raiḃ le moṫuġaḋ ariaṁ roiṁe seo,” ar sise.