62740Séadna — Caibidiol 27Peadar Ua Laoghaire
[ 231 ]
CAIBIDIOL A SEACHT A’S FICHE.

Ní raibh aon tseó ach a raibh de cheól agus de rinnce i gcistin Dhiarmuda an oídhche sin. Bhí beirt phíobairí ann agus beirt bheidhlidóirí agus fear cláirsighe, i dtreó ná raibh aon stop leis an gceól. Nuair a stadadh píobaire bhíodh an píobaire eile ar siúbhal, agus nuair a stadadh bheidhlidóir bhíodh an bheidhlidóir eile ar siúbhal, agus ba mhinicíghe bhíodh an cúigear ar siúbhal i n-aonfheacht ’ná mar a bhíodh aoinne acu ’na stad—i dtusach na h-oidhche pé ’r domhan é.

Bhí leac bhreagh mhór leathan sa n-úrlár ann, ar aghaidh na teine amach, agus dá mbéitheá thíos sa tseómra ag éisteacht leis an obair thabharfá an leabhar gur cith bróg a bhí ag tuitim ar an lic sin i gcaitheamh na h-oídhche, ach go bhfreagraidís na bróga an ceól. Geallaim dhuit go raibh allus ar Nóra an Tóchair agus ar a beirt driothár, agus gur chuireadar-san allus ba mhó ’ná é ar thuille d’á raibh ann.

Nuair a bhídís cortha ó bheith ag rinnce bhíodh an deoch ag Micil dóibh, ach ní leigeadh sé air go mbíodh sé ag faire ortha chun an díghe a thabhairt dóibh. Ní óladh na rinnceóirí puínn de’n fhíon. Bhí a fhios acu dá n-ólaidís puínn dé go raghadh sé ní h-amháin sa cheann acu, ach ins na cosaibh leis, agus dá dtéidheadh an fíon ins na cosaibh go raibh deire leis an rinnce.

Shuígheadh an chuideachta tamall, anois agus airís, idir dhá ghreas rinnce, agus gheibhtí amhrán breagh bríoghmhar ceólmhar ó dhuine éigin acu. Bhí cuid acu go raibh uchtach agus guth cinn acu ar áilneacht agus go dtógfadh sé [ 232 ]an ceo de chroidhe dhuine éisteacht le sgol maith amhráin uatha.

Bhí duine des na píobairí go raibh ceól sídhe aige. Sheinneadh sé an ceól sídhe ar an bpíb go minic, uaidh féin. Ba ró dheacair, ámhthach, a chur fhiachaibh air é sheinnt nuair iartí air é. Deireadh sé nár cheart é sheinnt i láthair daoine mar gur cheól ró aerach é.

Nuair a bhíodar go léir cortha, tnáithte, buailte amach, traochta, ó’n rinnce d’iaradar ar an bpíobaire an ceól sídhe do sheinnt dóibh. Dhiúltuigh sé ar feadh abhfad. Dúbhairt sé go raibh an ceól ró aerach agus nár cheart é sheinnt i gcuideachtain. Thugadar deoch eile d’fhíon an rígh dhó agus bhíodar ag tathant air choídhche go dtí go mb’ éigean dó géilleadh. Ghleus sé an phíb. Theann sé an mála. D’éist an chuideachta fé mar bhéidís gan anam gan anál.

Ba ghearr gur h-airigheadh mar bhéadh gnúsachtach bhreagh bhog réidh ag gluaiseacht mór-thímpal an tíghe lasmuich. Ansan shamhluigheadh na daoine mar bheadh gaoth ag séideadh leis an ngluaiseacht, agus gur bh’ í an ghaoth a bhí ag déanamh na gnúsachtaighe agus nár bh’ í an phíb. Ansan do ghluais ceól aoibhinn tríd an ngnúsachtach agus tháinig idir cheól agus gnúsachtach isteach sa tigh. Do neartuigh ar an ngnúsachtach agus tháinig mar bhéadh creathán agus luasgadh sa bhfuaim. Ba ghearr gur h-airigheadh an tarna fuaim agus é ag crith agus ag luasgadh ar an gcuma gcéadna, agus an ceól aiteasach aoibhinn tríd, agus gan é féin agus an ceól agus an fuaim eile ag baint ó chéile, ach iad ag cabhrughadh le chéile, i dtreó gur bh’fhearr de an ceól an fuaim agus gur mhísle de an fuaim an ceól. Ar ball do labhair an trímhadh fuaim agus é ag crith agus ag luasgadh agus ceól aoibhinn tríd, a bhain leis féin. Bhain [ 233 ]an trímhadh fuaim sin geit as a raibh láithreach. Thabharfaidís an leabhar gur ghlór duine é!

Ansan do ghluais mar bheadh caise ceóil, de’n cheól ba mhísle agus ba bhinne, ba chaoíne agus ba chneasda d’ár airigh aoinne den mhuíntir a bhí láithreach riamh roimhe sin, agus do mheasg sé ar an ngnúsachtach agus ar an nglór daona agus ar an sórd gaoithe do samhluigheadh bheith leó, agus do ghluais an measgadh mór-thímpal an tíghe i bhfuirm sídhe gaoithe. Bhí ag neartughadh ar an nglór agus ar an bhfuaim, agus ag géarughadh ar an measgadh agus ar an gcasadh tímpal, go dtí gur cheap na daoine go raibh an tsídhe gaoithe ag rinnce ar fuid an tíghe. Bhíodh sí anso agus bhíodh sí ansúd. Do léimeadh sí anonn agus do léimeadh sí anall. Do luigheadh sí síos agus do ritheadh sí fan an úrláir mór-thímpal, dar leó. Ansan, le léim d’á dtugadh an ceól, do sgeinneadh sí anáirde imeasg na mbataí snaidhm agus do sguabadh sí mór-thímpal thuas, i dtreó gur dhóich leis na daoine go n-airighdís sgiathána na n-eun inti. Ansan do mheasadh na daoine go n-airighdís, tríd an gceól, mar bhéadh osnaidheal ghoil. Ar ball is i n-a thrithíbh gáirí a bhíodh sé. Ansan d’airigheadar go gléineach ag labhairt tríd an gceól mar bhéadh glór leinbh. Ba ghearr go raibh glór eile leinbh ’ghá fhreagairt sin, an dá ghlór ag freagairt a chéile agus ag freagairt an cheóil. Ansan do labhair an trímhadh glór, mar bhéadh glór mná óige, agus nár airigh aoinne d’á raibh láithreach aon ghlór daona riamh chómh binn, chómh h-áluinn, chómh h-aoibhinn leis. Ba ghearr gur fhreagair glór eile mná an glór san, agus má ba bhinn é an chéad ghlór, ba bhinne agus ba mhísle ’ná san an tarna glór, agus iad ag freagairt a chéile agus ag freagairt an cheóil go cruinn agus go blasta. Ansan, fé mar a [ 234 ]h-osgalóchaí dorus éigin, tháinig borradh agus árdughadh agus neart sa cheól go léir. Do ghéaruigh ar an ngluaiseacht agus do neartuigh ar an bhfuinneamh agus tháinig tuille aoibhnis ins na guthanaibh. Iad ag eirighe os cionn a chéile agus ag tuitim fé bhun a chéile. Iad ag casadh mór-thímpal ar a chéile. Iad anuas ar an úrlár. Iad anáirde ar na frathachaibh. Iad sa chúinne seo, sa chúinne sin, sa chúinne úd. Go dtí go raibh sgáth ag teacht ar daoinibh, agus iad ag strac-fheuchaint thar a nguailnibh feuchaint ar labhair aoinne.

Ansan do neartuigh airís ar an gceól, fé mar a h-osgalóchaí dorus eile ba mhó ’ná an chéad dorus. D’eirigh borradh agus neart agus fuaimint ceóil. É ag iompáil agus ag casadh agus ’ghá iomlosg féin ar an úrlár, agus fan na bhfallaí, agus fan bhuaic an tíghe thuas. É tamall ’na bhúirtheach agus tamall ’na liúireach. É tamall i n-a árd-ghol agus tamall i n-a ochlán bróin, gur dhóich leat go mbainfeadh sé osna ó’n gcloich. É tamall eile ’na sgeartaireacht gháirí agus suilt agus mórdhála agus mórtaise, gur dhóich leat go dtógfadh sé na mairbh as an úir. Glórtha na mban agus glórtha na leanbh ag labhairt agus ag freagairt go soiléir, tríd an mbúirtheach ba throime, tríd an ngol ba bhrónaíghe, tríd na gáirí ba shultmhaire, agus ansan do h-airightí anois agus airís, tríd an éirleach go léir, liach fhada chaol, choímhtheach, mhillteach a chuireadh fionachrith ar a raibh láithreach.

Ansan do h-airigheadh, ag gluaiseacht i n-aonfheacht, mar bhéadh fuaim faraige, an bhúirtheach agus an liúireach agus an liacharnach, an gol agus an gháirí, glórtha na leanbh agus glórtha na mban. Iad fillte ar a chéile agus casta ar a chéile agus brúithte ar a chéile. Iad fé bhun a chéile agus os cionn a chéile agus istigh i n-a [ 235 ]chéile. Iad i n-áit agus i n-áit agus i n-áit eile. Ansan iad ins gach aon bhall i n-aonfheacht go dtí go gceapadh na daoine gur istigh ’na gcluasaibh féin a bhíodh an chaismirt! Ansan do h-airigheadh fuaim eile sa cheól, fuaim mar bhéadh cogarnach tóirthníghe. Do ghluais sé fan an urláir, ag borradh agus ag caolughadh agus ag fothramáil. Chuaidh sé tré shaileachaibh an tíghe agus tré adhmad na gcathaoireach agus tré chnámhaibh na ndaoine, agus é ag crith agus ag luasgadh. Do neartuigh air agus do neartuigh air go dtí gur bhailigh sé chuige na ceólta agus na glórtha eile, agus gur sguab sé leis mór-thímpal an tíghe iad mar a dhéanfadh cuilith guarnain. Ansan do neartuigh ar an dtóirthnigh agus do throimigh uirthi, agus do ghéaruigh an casadh agus an luasgadh agus an crith sa n-adhmad agus ins na cnámhaibh, go dtí go raibh luas croídhe agus meidhreán cinn ag teacht ar gach aoinne a bhí láithreach.

Ansan do ghluais glór leinbh an simné amach. Do lean glór mná é. Ansan do ghluais glór mná an simné amach agus do lean glór leinbh é. Ansan do ghluais liach amach agus do lean liach eile í. Ansan do ghluais amach an simné an chéad ghlór duine do h-airigheadh sa cheól. Do lean na ceólta eile iad-san, i ndiaigh ar ndiaigh. Ba ghearr ná raibh le h-aireachtaint istigh ach an tóirthneach, ag luasgadh agus ag crith. Ansan do chiúnuigh agus do chiúnuigh ar an dtóirthnigh, agus do laguigh agus do laguigh ar an luasgadh agus ar an gcritharnach, do mhaoluigh ar an bhfuinneamh agus do chlaochluigh ar an neart, go dtí ná raibh sa tóirthnigh ach gnúsachtach. Ansan do laguigh ar an ngnúsachtach go dtí ná raibh inti ach anál. Ansan do stad sí.

Do ghlaoidh an coileach!

Ní túisge ghlaoidh an coileach ’ná a chuir Báb an Leasa [ 236 ]liach aisti agus thuit sí ’na cnaipe. Níor chuir aoinne cor dé. Ba dhóich leat gur fé dhraoidheacht a bhíodar. Fé dheire phreab an tíncéir mór ’na shuídhe.

“Airiú, moladh le Dia,” ar seisean, “cad tá oraibh! Beireadh beirt agaibh ar an gcailín sin, a mhná,” ar seisean, “agus tógaidh amach fé’n ngaoith í.”

Thógadar amach fé’n ngaoith í agus tháinig sí chuici féin.

“Cá bhfuil an sagart?” arsa duine éigin.

“Tá sé imthighthe abhaile fadó riamh anocht,” arsa Micil.

Ba ghearr gur tháinig Báb an Leasa isteach airís agus í go lán láidir, agus í ’ghá áiteamh go tur ar na mnáibh a rug amach í nár ghádh dhóibh an saothar, agus gur bh’ oireasa gnótha bhí ortha; ná raibh blúire uirthi ach oiread le h-aoinne acu féin; gur chirte dhóibh go mór leigint di féin; gur neamhchúramach a bhíodar!

Do spreag an píobaire suas port ná raibh aon cheól sídhe ann agus do ghluais an rinnce airís chómh h-aibigh agus dá mb’é tusach na h-oídhche bhéadh ann. Do ghlaoidh an coileach airís agus airís ach má ghlaoidh níor chuir Báb an Leasa ná aoinne eile aon tsuím ann. Do ghluais an ceól agus an rinnce; na píobairí ag déanamh uanuigheachta ar a chéile; an leac d’á greadadh leis na brógaibh; an biadh agus an deoch d’á gcaitheamh fé mar a thagadh dúil ag aoinne ionta; go dtí gur bhuail solus an lae chúca an dorus isteach.

Do fuaradh fear na cláirsighe ’na shámh chodladh, agus duine des na píobairíbh ar meisge. Ach ní raibh codla ná meisge ar fhear an cheóil sídhe, bíodh gur ól sé a dhóithin de’n fhíon.

Caibidiol 27
62740Caibidiol 27