Suantraidhe agus Goltraidhe/Níor Cruinnigheadh Liom-sa Ór

270688Suantraidhe agus Goltraidhe — Níor Cruinnigheadh Liom-sa Ór1914Pádraig Mac Piarais
[ 16 ]

NÍOR CRUINNIĠEAḊ LIOM-SA ÓR.

Níor cruinniġeaḋ liom-sa ór;
An clú do fríṫ liom, d’ḟeoḋ;
San ngráḋ do fuaras brón
Mo ṡaoġal do ṡeirg:

De ionnṁus ná de ġlóir
Ní ḟágfad in mo ḋeoiḋ
(Liom-sa, a Ḋia, is leor)
Aċt m’ainm i gcroiḋe leinḃ.