Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/2/6

285710Táin Bó Cuailnge ’na dhráma — An Dara Gníomh, An Séamhadh RadharcPeadar Ua Laoghaire
[ 45 ]

AN SÉAṀAḊ RAḊARC.


Oilill agus Fionnaḃair, ’na seasaṁ.


Fionn.—Is dóiċ liom, a aṫair, gur amú atáimíd go léir ag dul. Measaim gur ġaḃamair an bóṫar so ċeana indiu.

O.—Ní deirim, a ’nġín ó, ná go ḃfuil an ceart agat.

(Tig Méiḃ isteaċ.)

M.—Is deas an obair í seo! Tá ár sluaġ ag dul anonn ’s anall ag measgaḋ ar a ċéile agus ag déanaṁ toirmisg dá ċéile. Is baoġal go n‑eireóċaiḋ bruiġean eatarṫa. Tá fiċe míle ’ṡliġe curṫa ḋínn againn ó ṁaidean agus ní’limíd míle go leiṫ níos sia soir ná ḃíomair ar maidin!

(Tig Fearġus isteaċ. Deineas Méiḃ suas ar Ḟearġus agus buailean sí buille ḋorn fan na cluaise air.)
Is maiṫ an sás eóluis do ḋéanaṁ tu! Ní misde ḋúinn ḃeiṫ ag braṫ ort! Is gearr go mbeimíd i nEaṁain agat! Tuigim ṫu. Tuigim an rud atá istiġ id’ ċroiḋe ċoṁ maiṫ agus a ṫuigean tú [ 46 ]féin é. Tá riġneas agat dá ċur orainn i dtreó go mbeaḋ uain ag Conċoḃar agus ag laoċra Ulaḋ ar ḃeiṫ ollaṁ dúinn. Ní ḟeadar-sa ná go mb’ ḟéidir go ḃfuil sgéala curṫa agat ċúċa. Níor ḋóiċiġe riaṁ é. Tusa! An Fearġus mac Rosa úd nár ḋein feall riaṁ!

F.—Is fíor é, a ríogan! Níor ḋein Fearġus mac Rosa feall riaṁ!

M.—Níor ḋein dar ndóiċ! Ní feall ḃeiṫ i ngéilsine ḋoṁsa agus páirt do ṫógáilt le Conċoḃar. Ár sluaġ do ċoimeád annso ag gluaiseaċt ó ṫuaiḋ agus ó ḋeas, ó ṫuaiḋ agus ó ḋeas; gan aon ċiscéim do ṫaḃairt soir. Ní feall é sin. Ní heaḋ i n‑aon ċor. Ní mar sin a léiġtear feall i n‑aigne Ḟearġuis. An rud dob ḟeall ó ḋuine eile ar Ḟearġus ní feall ó Ḟearġus ar ḋuine eile é. Abraḋ Fearġus a roġa rud, deirim-se gur feall orm-sa ó Ḟearġus ḃeiṫ ag cur an ṁór-ṡlóiġ so ar míriar ar ṁaiṫe le Conċoḃar. An té atá ’gá ḋéanaṁ deirim gur fear fill é. Agus deirim gur fear fill Fearġus.

(Ag taḃairt fé n‑a ḃualaḋ arís. Gaḃas Fearġus an láṁ ’na ġlaic ’ġá ċosaint féin ar a mbuille.)

F.—Go réiḋ! a ’nġín Eoċaiḋ. Ní ṫuigean tusa an obair, agus dá ḋeasgaiḃ sin leog doṁsa caint do ḋéanaṁ. Dá mba ná beaḋ sa tsluaġ so aċ a ḃfuil fé láiṁ ag na seaċt Mainiḃ ní ró ṫapaiḋ a féadfaí iad do ċur ar siuḃal. Níor ḃ’ ḟoláir aireaċas maiṫ cruinn do ḋéanaṁ nó do ċuirfeaḋ caime na mbóiṫre agus anacra na sliġe tríoċa céad díoḃ i n‑acran i dtríoċa céad eile. Dá mba ná beaḋ againn aċ an méid atá ag na Mainiḃ agus ag Macaiḃ Máġaċ níor ḃ’ ḟoláir [ 47 ]a ḋá oiread san, ní heaḋ aċ a ṫrí oiread, aireaċais do ḋéanaṁ. Fé mar a méaduiġṫear an líon ní foláir an t‑aireaċas do ṁéadú ar a ḋúbailt. Tá ċeiṫre ollċúige Éirean annso againn ar aon tslógaḋ agus iad le stiúrú againn tré ḃoiṫriḃ cama cuṁnga, i dtír ċas anacair. Is maiṫ an té ḟéadfaḋ iad do stiúrú agus eólus do ḋéanaṁ dóiḃ agus gan a leogaint do ḋuine ná do ḃeiṫiḋeaċ acu iomard ná toirmeasg a ḋéanaṁ do ḋuine ná do ḃeiṫiḋeaċ eile acu. Is minic náċ foláir do ċuid de’n tsluaġ seasaṁ aḃfad i n‑aon inead ċun tuille do leogaint ṫórsa. Is minic náċ foláir do ċuid acu dul sgaṫaṁ i ndiaiḋ a gcúil ċun gan tuille acu do ċur i n‑aiṁréiḋ. Is aṁlaiḋ mar atá an sgéal, ní’l an fear san beó d’ḟéadfaḋ an mór-ṡluaġ so do láiṁseáil i gceart mara mbeaḋ an riar a ċuir Méiḃ féin orṫa nuair a ċuir sí gaċ drong um a rí agus gaċ réim um a ríogra agus gaċ buiḋean um a dtaoiseaċ. Ní buiḋean ná cualaċt atá fé láiṁ gaċ rí agus ríoġḋaṁna d’ ḟearaiḃ Éirean annso aċ mór-ṡluaġ fé leiṫ! Ní féidir na mílte fear so do ċur ar siuḃal agus ar gluaiseaċt i gceart gan aimsir do ṫógaint ċuige. Dá mba ṁian liom-sa feall do ḋéanaṁ ar Ṁéiḃ agus páirt do ġaḃáil leis an ḃfear a ḋein an feall orm féin, ní ḃeaḋ agam aċ an ġluaiseaċt do ḃrostú. Annsan do ḃeaḋ toil Ṁéiḃ agam dá ċur ċun cinn. Do ṁolfaḋ Méiḃ mo ḋúṫraċt agus mo ḋílse. Ba ġearr go mbeaḋ toirmeasg agus fearg agus tnúṫ agus miosgais idir ḃuiḋniḃ agus idir ríġṫiḃ agus idir ṫuaṫaiḃ agus idir ċineaċaiḃ an ṁór-ṡlóiġ. Ba ġearr go n‑imreóċaidís an faoḃar ar a ċéile [ 48 ]agus isé Conċoḃar a ḃeaḋ buiḋeaċ ar ball. Do cuireaḋ orm-sa an t‑éolus do ḋéanaṁ. Ṫuigeas im’ aigne go raiḃ orm é ḋéanaṁ sa ċeart. Ṫuigeas im’ aigne gur ḃ’ ḟearr é ḋéanaṁ sa ċeart, agus aimsir do ṫógaint ċuige ná é ḋéanaṁ le diṫineas agus an obair go léir do lot agus an tsluaḋ do ċur ag marḃaḋ a ċéile. Aċ ní hé an té a ḋeinean an ceart a ġeiḃean creideaṁaint uait-se, a ríogan, aċ an té a ḋeinean do ṫoil.

M.—Ní foláir a adṁáil go ḃfuil an ċaint go maiṫ agat, a rí. Measaim áṁ, go ḃfuil an ní sin réiḋtiġṫe agat. Caṫin a ḃeam ag druidim soir ó ṫuaiḋ?

F.—Ní mise d’ ḟreagróċaiḋ an ċeist sin, a ríogan. Ní féidir doṁsa a ṫuille eóluis a ḋéanaṁ do’n ṁór-ṡluaġ so. Ní curfar feall im’ leiṫ arís de ḃarr na hoibre seo.

M.—Sin feall eile!

F. (Ag cur smuta gáire as).—Is feall é ḋéanaṁ agus is feall gan é ḋéanaṁ. Is cuaiḋ an ġéilsine í sin, a ríogan. Náċ dóiċ leat féin gur cruaiḋ? Cad ’deir Oilill leis an ngéilsine sin? Ar hiaraḋ riaṁ a leiṫéid ar aon ḟear?

O.—Measaim go ḃfuil mearḃal tuigsiona sa sgéal. Pé aimsir atá riaċtanaċ ċun na hoibre do ḋéanaṁ ar an gcuma is fearr ’na n‑eireóċaiḋ ár gcuaird linn ní haimsir amú í. Ní ṁeasaim go ndéarfaḋ Méiḃ gur b’ eaḋ.

M.—Má caiṫtear an aimsir do’n réir seo beiḋ cáirde fada againn sara mbeimíd i gCuailnge, ní áirṁiġim ḃeiṫ i nEaṁain!

F.—Tá do ḋóiṫin daoine agat, a ríogan, ċun an eóluis seo do ḋéanaṁ. Cuir ’ġá ḋéanaṁ iad. [ 49 ]Ní gá ḋuit ḃeiṫ ag braṫ orm-sa. Ní cóir agus ní ceart an obair do ċur orm-sa. Ní cara agam-sa Conċoḃar. Is naṁaid agam é. Níor ṁisde liom eólus a ḋéanaṁ do’n ṁór-ṡluaġ so isteaċ i gcúige Conċoḃair dá mba ná beaḋ ṫíos leis aċ Conċoḃar féin. Aċ tuigim go ḃfuiltear ar aigne léir-sgrios a ḋéanaṁ ar ċúige Ulaḋ go léir. Is boċt an saoṫar d’ Ḟearġus ṁac Róiġ mór-ṡluaġ do stiúrú ċun a ṫíre dúṫċais féin do sgrios!

M.—Agus, a Ṁic Róiġ, cad ’na ṫaoḃ ná duḃraís an méid sin ar dtúis?

F.—Táim i ngéilsine d’ Oilill agus do Ṁéiḃ. Ní raiḃ dul agam ó’n ngéilsine go dtí gur briseaḋ briaṫar rí liom agus gur cuireaḋ idir ḋá olc mé, agus gur cuireaḋ feall im’ leiṫ ar gaċ taoḃ. Déarfaḋ Ultaiġ go raiḃ sé ceangailte orm an t‑eólus do ḋéanaṁ an ḟaid nár cuireaḋ feall im’ leiṫ. Aċ déarfaḋ Ultaiġ ná fuil an ceangal san orm a ṫuille nuair a tugaḋ an easonóir dom. Ní gá ḋom an ní sin do léiriú níos mó ḋuit-se, a Ṁéiḃ.

M.—Ní gá ḋuit an ní sin do léiriú ḋúinn i n‑aonċor. Ṫuigeamair nár ḃ’ ḟéidir d’ Ḟearġus feall do ḋéanaṁ agus ḃí iongna orainn nuair a ċonaiceamair an riġneas. Aċ caiṫimís uainn é mar sgéal agus dein an t‑eólus.

F.—Is léir do t’ aigne fein, a ríogan, náċ féidir dom.

M.—Tá go maiṫ. Caiṫfear duine éigin eile d’ḟaġáil ċuige.


285710An Dara Gníomh, An Séamhadh Radharc