Tír na n-Iongantas/23

Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXIII
[ 51 ]

XXIII.

Gan súile uḃlaċáin ḃeiṫ i do ċeann ní mórán d’ḟeadṫá ḟeiceál i bpluais na leoṁan aċt aṁáin nuair a ḃíoḋ an ġrian an-árd sa spéir. Tráṫ ḃíoḋ d’ḟéadṫá baraṁail a ṫaḃairt ar ḋéanaṁ na háite mar ḃíoḋ na maidí gréine anuas ann trí ṗollaiḃ beaga ḃí san díon.

Ba ḋeacair do ḋuine an ṗluais ḟáġail gan treóraiḋe. Ḃí a béal faoi ḃun aille móire cloiċe, agus póirse fada cam cuṁang ag dul isteaċ ann. Dóib ḃog ḋearg ḃí i mballaiḃ an ṗóirse seo agus n-a ḋíon, aċt istiġ sa bpluais féin cloċa beaga agus fréaṁaċa crann is mó ḃí le feiceál. Ḃí an dóib ḃog ḋearg sa bpluais féin freisin, agus i ndiaiḋ iséasúir na básitiġe ḃíoḋ slam- anna móra ḋi ag tuitim anuas ar ṁullaċ na leoṁan.

Ċoṁnuiḋ na leoṁan san bpluais seo le fada d’aimsir de réir cosaṁlaċta. Ḃí carnán mór cnáṁ ag béal na huaiṁe ġá ṫuaraḋ le gréin agus le báistiġ. Cnáṁa na mbeiṫiḋeaċ d’iṫ na leoṁain le n-a cíantaiḃ ḃí annseo. Ní raiḃ aċt corr-ainṁiḋe sa ḃforaois naċ raiḃ cnáṁ le sinnsir éigin leis le taḃairt faoi deara annseo ar ṗlásóig na ḃfleaḋ. Ḃí cnáṁa geala droma ann ḃí gan smior gan smúsaċ le n-a céadta bliaḋan, agus cinn eile a raiḃ cuid ḃeag de’n ḟeóil fágṫa orṫa fós féin. Ḃí cloigne agus cosa agus glúine agus rúitíní agus loirgne caiṫte ar ṁullaċ a ċéile ann. D’ḟeicṫeá ceann asail ag déanaṁ mór le cnáṁ droma daiṁ, agus loirgne capaill ḟiaḋain n-a luiḋe go socair ar easnaċaiḃ an ċineáil gaḃair ḃí le faġáil san ḃforaois seo. Duḃairt Máire Ḃán gur ṫug sí plaosg fir duiḃ faoi deara ann. D’aiṫniġ sí gur fear ḃí ann ar a ḟolt agus ar a ḟéasóig sgáinte. B’iongantaċ an goile ḃí ag clainn leoṁan agus an lear mór feóla sin a iṫe!

Ba ṁór an fás ḃí san lusra timċeall ar an gcarnán gránda seo Ḃí féar ann ḃí i ḃfad níos aoirde ná an Búrla. Is minic ṫéiḋeaḋ sé amuḋa ann agus ċluinṫeá ag sgréaċġail é le eagla. Nuair a ḃíoḋ Máire Ḃán [ 52 ]féin ann ní ḟeicfiḋe aċt bárr a cinn ós cionn na lusra. Ḃí crann mór géagaċ ag béal na pluaise, agus ní raiḃ aon ċineál éanlaiṫ dar ṁair san ḃforaois naċ mbíoḋ ag ceileaḃar ann le eirġe an lae. Mara ngaḃṫa anḟada isteaċ san bpluais le codlaḋ ḋéanaṁ dúiseó- ċaidís ṫú le n-a gcuid ceóil ar maidin.

Ní raiḃ aċt droċ-solus san bpluais aċt faoi ṁeaḋon lae. Annsin d’ḟeicṫeá préaṁaċa na gcrann ag fás anuas ort agus ag iarraiḋ breiṫ ort le méaraiḃ fada cama caola. Is minic ċuaiḋ folt Máire i n-aiṁréiḋ sna fréaṁaċaiḃ seo.

Ní raiḃ ḟios cén méad mór ḃí san uaiṁ seo. Ḃí cuasanna agus póirsí agus bóiṫríní fada cama ag dul isteaċ faoi’n talaṁ aċt ḃíodar ċoṁ duḃ dorċa duaiḃ seaċ sin nár ḟéaċ Máire ná an Búrla cé’n ḟad ionnta.

I gceann de na cuasannaiḃ dorċa seo ḃíoḋ coṁnaiḋe ar Ṁáire. Ḃí crann mór éigin ag fás ós a ċionn, ba ċosṁail, mar ḃí na fréaṁaċa anuas ann, agus toirt mór sna fréaṁaċa ba ṁó. Ní ḟaca an cailín beag aon ċrann i nÉirinn ḃí ċoṁ mór leis na fréaṁaċaib seo. Ḃí áit ṡocail aici ann, mar níorḃ ḟada san áit í go dtug sí isteaċ gaḃail ḟéir agus rinne nead ṡeasgair ḋi féin.

Le n-a ṡeanċaraid, leis an leoṁan mór is mó ċaiṫeaḋ an Búrla an aimsir. Ba ṁó an cion ḃí ag leoṁan ar an mBúrla ná ḃí aige as a ál féin. Ní sásóċaḋ aon rud é aċt an Búrla ṫeannaḋ isteaċ ċuige gaċ oiḋċe ag dul a ċodlaḋ ḋó. An cuas n-a mbídís ní raiḃ sé ró-ḟada ó neid Ṁáire, agus is minic ċluineaḋ sí an leoṁan ag srannaḋ san oiḋċe nó a dearḃráṫair ag cogarnġail ṫrí n-a ċodlaḋ. Ní ḃíoḋ cor dá gcuireaḋ an beiṫiḋeaċ mór allta ḋe i gcaiṫeaṁ na hoiḋċe naċ gcluinfiḋe i gcuas Ṁáire, agus ṫigeaḋ sgannraḋ uirṫi go raiḃ sé ar tí a dearḃráṫair a alpaḋ. Aċt beag an baoġal ḃí air. Ḃíodar róċeanaṁail ar a ċéile.

Ní ró-ḃuiḋeaċ ḃí a ċéile ḋó go raiḃ an ḃeirt ṗáisdí faoi n-a ċoimirce aige. Ḃí a dóṫain le déanaṁ aici [ 53 ]agus soláṫar ḋó roiṁe seo; aċt anois ḃí beirt eile ann. Ag dul i n-aois ag dul i mbaois, deireaḋ sí léiṫi féin.

Aċt ḃí a ṁalairt de sgéal aice sul i ḃfad. Ag dul i ḃfluiċe agus i mboige ḃí an dóib ḃí sna ballaiḃ agus i ndíon na pluaise. Ḃeaḋ orṫa a ḋul ar ṫóir pluaise eile maraċ Máire. An cuas codalta ḃí ag an mbain- leoṁan ba ṁeasa. Gaċ uile ṁaidin dá n-eirġeaḋ uirṫi ḃíoḋ ualaċ maiṫ dóibe fluiċe ar a druim. Aċt ċuiṁniġ Máire ar ḃeart rinne an áit te teolaiḋe tirm ḋi. Ṫug sí isteaċ lán a gaḃail de na cnáṁaiḃ geala ḃí ag béal na pluaise agus ṫosaiġ ġá sáṫaḋ san dóib ós cionn leapṫan na bainleoṁan mar ṡáiṫfiḋe spala beaga i moirtéil. Ċoinniġ na cnáṁa an dóib ó ḃeiṫ ag tuitim anuas uirṫe.

Ba ṁór an caiṫeaṁ aimsire ag Máire agus ag an mBúrla an obair seo, agus ní ḟada go raiḃ an ṗluais go maiseaċ agus go hornáideaċ aca le cnáṁa beiṫiḋeaċ éagsaṁail, gur ceapaḋ go raiḃ ciall ag an seanleo- ṁan mór ċoṁ maiṫ le neart.

Ag dul i méid a ḃí a ċliú imeasg a ṁuinntire.