Tír na n-Iongantas/26

Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXVI
[ 57 ]

XXVI.

Ṫug sé beiṫiḋeaċ beag de’n tsort seo aḃaile leis oiḋċe. Ḃí Deaideó sa mbaile roiṁe agus sin a raiḃ. Ḃí an ṁuinntir eile ag imṫeaċt ar fud na foraoise ar lorg biḋ. Aċt ḃí cosaṁlaċt ar Ḋeaideó naċ [ 58 ]dteastóċaḋ béile uaiḋ go ceann ráiṫe ḃí an oiread sin iṫte aige.

Ċaiṫ an Búrla an beiṫiḋeaċ beag a ṁarḃaiġ sé féin ag cosaiḃ an tsean leoṁain. Leag seisean srón air, aċt sin a rinne sé. Níor ḃlas sé ḋe. Níor biaḋ ḋó é. Ṫáinig múisíam ar an mBúrla nár blasaḋ de’n ḃiaḋ d’eiriġ leis féin ṫaḃairt aḃa le. Ba ṁór an masla é. Is beag nár ḃris a ġol air. Amaċ leis, ar eagla go ḃfeicfiḋe a ċorra ġṫe is ḃí sé, agus cé d’ḟeiceaḋ sé n-a suiḋe ag béal na pluaise aċt a dearḃṡúir agus í ag déanaṁ fleisg de noiníniḃ, le solus na gcruṁ lóċranaċ ḃí bailiġṫe ag béal na pluaise.

Ḃuail sé faoi ar an talaṁ n-a haice, agus ó ḃí olc air níor ṫaiṫniġ an obair ḃí ar siuḃal aici leis. Ní ḋeárna sé aċt an fleasg ḃí beagnaċ fiġte aice a ṫarraing uaiṫe agus a réabaḋ ó ċéile uirṫi Má ṫarraing agus má réab, fuair sé leadraḋ maiṫ mar luaċ saoṫair uaiṫi.

Ba ṁó an gean ḃí aige ar Ṁáire de ḃárr na bpalltóg ṫug sí ḋó, agus an beagánín beag cainnte ḃí fágṫa aige ṫáinig sé ar ais ċuige go breáġ. Ċaiṫ sé a ḋá láiṁ timċeall ar ṁuineál a ḋearḃṡúra agus ṫosaiġ air ag innséaċt dí nár ṫaiṫniġ na leoṁain leis, go raiḃ gráin aige ar Ḋeaideó, go raiḃ faoi éaluġaḋ uaṫa, go raċaḋ sé aḃaile ċuig a ṁáṫair agus go n-innseóċaḋ sé ḋí naċ mbíoḋ Máire mór leis, agus annsin. “Sáiṫfear isteaċ i bpoll dorċa ṫú,” ar seisean, “agus beiḋ tú gan biaḋ gan solus le do ṡaoġal.”

Níor ċuir an Búrla an oiread sin focal i ndiaiḋ a céile ó d’ḟágadar an Ḃrídeóg agus ba mór an luṫġáir ṫáinig ar Ṁáire iad a ċlos uaiḋ. Coṁairliġeaḋ ḋi ar ḟágáil na Brídeóige ḋóiḃ sna daḃaiġ máiṫreaċt ḋeanaṁ ḋó, aċt níor eiriġ léiṫi aċt go dona. Ba ṁor an gar naċ raiḃ a urlaḃra caillte ar fad aige!

Ṡíl sí a ṫuilleaḋ cainnte ḃaint as aċt ṫeip uirṫi glan. Ba ṁó an tsuim ḃí aige sna cruiṁ solusṁara ḃí timċeall orṫa ná i mbriaṫraiḃ Ṁáire. Níor ḟéad sí siolla eile ḃaint as. Ní uirṫi ḃí a áird ba ċosaṁail [ 59 ]aċt ar ġlórṫaiḃ na mbeiṫiḋeaċ allta ḃí le clos aca ó áirdiḃ na foraoise ag sgréaċġail agus ag béiciuġaḋ gaċ n-aon díoḃ de réir a ḋuṫċais féin.

Ṫáinig cuṁa ar Ṁáire naċ raiḃ neaċ ann laḃraḋ léiṫi. Ḃain sí cainnt as an mBúrla ċeana nuair ṫug sí an leadraḋ mór ḋó.

“Buailfead arís ṫú mara laḃraiḋ tú liom,” ar sise leis.

Níor laḃair.

Ṫug sí palltóg eile faoi ’n gcluais ḋó.

“’Nois a laḃraiḋ tú líom?” as sise go niṁneaċ.

Ṡíl an Búrla boċt naċ raiḃ aċt éagcoir sa saoġal. Ḃí na smaointe céadna n-a ċeann is ḃí an lá fadó bualaḋ é i nGailliṁ mar ġeall ar a ċísde ċailleaḋ. Níor ḟéad sé na smaointe duḃa sin a noċtaḋ ṫrí briaṫ- raiḃ, aċt marar ḟéad ḃí a rian le feiceál n-a ġnúis le solus na gcruṁ.

Ḃog a ḃéal. Ḃog na súile. Ṫáinig ḋá ḋeóir ṁóra faoi gaċ súil díoḃ. Ḃí liopa mór creaṫaċ air. Ḃí fad naċ gnáṫaċ n-a ċeannaċaiḃ. Anois agus arís, do éaluiġeaḋ orna lag naċ gcloisfiḋe aċt le duaḋ uaiḋ.

Ḃí Deaideó ag béal na pluaise agus é ag sgrogaḋ a ṁuineáil ag iarraiḋ iad ḟeiceál. Ní ḟaca sé a leiṫéid de ḃail ar ḋuine ná ar beiṫiḋeaċ le n-a ḃeó. Céard a ḃí ar siuḃal aca ar ċor ar biṫ?

Sgaoileaḋ an greim ḃí ag an ndeór ṁór san tsúil, agus siúd le fánaiḋ é go réiḋ mall. Aċt má d’éaluiġ an deór sin, ṫáinic ceann eile n-a ionad gur sgaoileaḋ é sin mar an gcéadna. Ċuaiḋ naoi gcinn díoḃ le fánaiḋ leicinne an Ḃúrla gan móran aċair, agus loinnir ṁaiṫ i ngaċ ceann díoḃ.

Ba ṁór é iongantas an tseanleoṁain a ċara beag ḟeiceál ag sileaḋ seód fliuċ! Ṫug sé an ṗluais air féin agus ṫosaiġ ag maċtnaṁ ar an sgéal.

Agus na cruiṁ ḃoċta ṡolusṁara, is beag nár báiṫeaḋ a lán díḃ!

Nuair ṫáinic a ċéile aḃaile ċuige ṫar éis ḃeiṫ ag fiaḋaċ ar fud na foraoise ar feaḋ na h-oiḋċe, ċaiṫ an [ 60 ]seanleoṁan tamall fada n-a foċair n-a cuas féin. Ag cur síos ar na seódaiḃ áilne do ṡil an Búrla ḃíodar gan aiṁreas! Ní ċreidfeaḋ a ċéile an sgéal uaiḋ i dtosaċ. B’éigin dó greim maiṫ ḃaint as a cluais leis an ḟirinne a ċur n-a luiḋe uirṫi! Ċreideaḋ sí a n-abruiġeaḋ sé n-a ḋiaid sin. Na coileáin ḃí ag éisteaċt leis an gcoṁráḋ, ċeapadar go mba ḃreáġ an rud é dá ḃféadaidis féin seóda dá saġas a ṡileaḋ, aċt níor ḟéad.

B’é sin céad ċaoineaċán an Ḃúrla i ḃforaois na leoṁan.