Tír na n-Iongantas/38

Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXXVIII
[ 88 ]

XXXVIII.

Lean Satan dá sgéal:—

“Ḃí caiptín nuaḋ againn mar duḃras agus ba ḋóiġ linn go mbeaḋ fonn ar an gcaiptín sin filleaḋ aḃaile. Ní raiḃ. Ní raiḃ uaiṫi, ní raiḃ ó’n ḃan-ċaiptín aċt a clann ḟáġáil, agus ċaiṫeamar na bliaḋanta fada ó ṡoin ar ḃur lorg agus gan de ċéird againn aċt ag taisdeal na dtíorṫa allta ar lorg na mbeiṫiḋeaċ fiaḋáin agus ġá ndíol. Ní raiḃ fear d’ḟuirinn na Brídeóige naċ mbíoḋ ag guiḋe Dé go n-eireóċaḋ linn siḃse ḟáġáil. mar ḃí ḟios aca naċ ḃfeicfidís a dtír ḋúṫċais go deó go ḃfuiġfiḋe siḃ. Aċt níor ṫaiṫniġ an obair sin liomsa. Ċuireas uisge-faoi-ṫalaṁ ar bun. Ṡileas caiptíneaċt na Brídeóige ḃaint de do ṁáṫair. Ḃí droċ obair ann aċt níor eiriġ liom. Dá n-eiriġeaḋ ní annseo ḃéinn anois....”

Leig an beiṫe-ṁnaċ boċt osna as, agus ṫug Máire Ḃán deoċ eile uisge ḋó.

“Níor ḃain sí an ceann díom mar ḃí tuillte agam,” ar Satan, “aċt ċuir sí isteaċ i mbád beag mé gan biaḋ gan deoċ aċt gan aon ċrúisgín aṁáin uisge. Ċeapas go raiḃ mo ré ṫart nuair ċonnaiceas an Ḃrídeóg ag dul ó léargus orm. Ṫuit an oiḋċe. Ḃíos liom féin—ċaiṫ tú féin oiḋċe ar an ḃfairrge leat féin a ċailín....” naċ Máire atá ort?”

“Seaḋ,” arsa Máire.

“A Ṁáire,” ar seisean agus leag sé láṁ go cineálta ar a ceann, a Ṁáire, ar seisean, “ċeapas go raiḃ mo ċiall agus mo ṁeaḃair ag imṫeaċt uaim nuair [ 89 ]ċonnaiceas na lasraċa fada dearga ag eirġe aníos as an ḃfairrge. A leiṫéid de ḋaṫanna ní ḟaca tú ariaṁ....

“Ċonnaic,” arsa Máire, “Ċonnaiceas na lasraċa céadna. An Burla ba ċionntaċ leis. Ċuir sé an ḟoraois trí ṫeiniḋ....”

“Ṫáiníg taom beag orm, agus ar ḋúiseaċ ḋom ar maidin céard d’ḟeicfinn aċt an Ḃrídeog soir uaim ag bun na spéire agur í ag déanaṁ ar an tír ḃí trí ṫeiniḋ....

“Agus cá ḃfios doṁ naċ ḃfuil mo ṁáṫair ṁúirneaċ annseo anois féin.”

“Ní ḋéanfainn iongantas de dá mbeaḋ.... aċt taḃair deoċ dom, táim ag fáġail ḃáis leis an tart.”

Ḃí droċ-ċosaṁlaċt ag teaċt air, cinéal fiaḃrais ḃí ag teaċt ais de bárr ar ḟulaing sé. Ḃí truaiġ ag an gcailín beag ḋó, don ḃeiṫeaṁnaċ sin ba cinntaċ le bás a haṫar aċt ní raiḃ an leiġeas i ndán dó ar an saoġal seo. Ċuiṁniġ sí annsin ar ṗaidreaċaiḃ d’ḟoġ luim sí ó na mná riaġalta i nGailliṁ agus ṫosuiġ uirṫi ġá ráḋ go duṫraċtaċ, agus an beiṫeaṁnaċ boċt ḃí ag fáġáil ḃáis ġá ráḋ n-a diaiḋ ċoṁ maiṫ is ḃí ann. Ag dul i laige ḃí a ġlór siúd, Ag dul i dtréise ḃí glór Ṁáire Ḃáin, agus an ḃeirt aca ar a ndíċeall ag paidreóireaċt. Ṫuit an oiḋċe. Leig an beiṫeaṁnaċ osna lag as. Ḃí an Bás ag folluṁain ós cionn an ṗuill....

Is annsin ċuiṁniġ an cailín beag go mb’ ḟéidir nár baistiġeaḋ an beiṫeaṁnaċ, Duḃ irt seisean nár ċuala sé ariaṁ gur baistiġeaḋ, agus níor ċuala nár bais- tiġeaḋ. Ḃí roinnt uisge sa gcupóig fós ag Máire agus ṫug sí baiste urláir ḋó. Annsin do ḋún sé a ḋá ṡúil leig osna eile as, agus d’éalaiġ an t-anam uaiḋ....

Ċaoin Máire é, aċt níorḃ ḟada ḋi ġá ċaoineaḋ nuair a sí an sgréaċġail agus an tormán ċuici. D’eiriġ cuaiḋ go béal an ṗuill, agus ċonnaic sí beiṫiḋiġ [ 90 ]allta na foraoise ag imṫeaċt ṫairsti n-a cosnáirde agus uaṁan orra. Ḃí an lá ann faoi seo agus ċonnaic sí mar ḃeaḋ sneaċta donn ar an maċaire ar an taoḃ ṫall de’n aḃainn. Ní sneaċta ḃí ann ar ċor ar biṫ ar ndóiġ aċt na milliúm milliún seangán mór donn agus iad ag gluaiseaċt rómpa ṫar an maċaire agus ag iṫe gaċ ḃí rómpa sa mbealaċ. Níor ḟágadar crann ná sgeaċ gan lomaḋ, agus an t-ainṁiḋe boċt ar eiriġ leó ṫeaċt air agus é n-a ċodlaḋ níor ḟágadar a ċnáṁa féin n-a ndiaiḃ gan iṫe.

Ṫáiniceadar go dtí an aḃainn. Ṡíl Ṁáire go gcuir- feaḋ an t-uisge cosg leó. Níor ċuir. Ní ḋeárnadar aċt droiċead beó ḋéanaṁ díoḃ féin agus anonn leó. Má báiṫeaḋ na mílte milliún díoḃ. d’eiriġ leis na sluaiġte eile ḋul anonn ós cionn a gcorp agus a gcuid duḃán fada i ḃfastóḋ n-a ċéile ionnós naċ sguabfaiḋe leis an sruṫ iad....

Ṫáinig uaṫḃás ar Ṁáire nuair ċonnaic sí na sluaiġte niṁneaċ seo ag déanaṁ uirṫi, agus d’éaluiġ leiṫi ar nós na n-ainṁiḋe eile agus í ag ceapaḋ go mba ḃreáġ an rud é go raiḃ an dé imṫiġte ó Satan sul ar ṫáinic na feiṫidí niṁneaċa seo air. Is beag an méid feóla dḟagaḋ ar ċnaṁaiḃ an ḃeiṫeaṁnaiġ!


∗             ∗

Ḃí tuitim na h-oiḋċe ann nuair ṡroiċ sí an ṗlásóg atá i ḃfogus do ṗluais na leoṁan. Ḃí an seanleoṁan n-a ċodlaḋ ag béal na pluaise agus crúb leis timċeall ar an mBúrla. Ḃí áṫas an doṁain uirṫi go raiḃ a dearḃraṫair ar fáġail arís, agus ḃí sí ar tí é féin, agus an leoṁan a ḋúiseaċt nuair ċonnaic sí duine ag teaċt amaċ o’n gcoill agus ag ionnsaiġe an tsean- leoṁain le guna. Is dóċa naċ raiḃ aon urċar ag an duine fíoċmar seo san nguna, mar séard ḃí faoi ḋéanaṁ ceann an leoṁain a sgoilteaḋ le stoc an ġuna. Leig Máire béic; dúisiġeaḋ an leoṁan; ṫóg sé a ċeann, agus níor bualaḋ é.

[ 91 ]Annsin ḃí an ċoraiḋeaċt ann. Ṫug an leoṁan foġa faoi an té ṡíl é ṁarḃaḋ, agus bíoḋ ’s go raiḃ sé gan gléas troda, gan fiacail gan iongain gan súil, d’eireó- ċaḋ leis an té d’ionnsaiġ é a ċlaoiḋ maraċ go dtáinig triúr nó ceaṫrar eile agus eangaċa teanna aca, agus ċaiṫeadar na líonta seo n-a ṫimċeall gur fágaḋ an seanleoṁan sínte ar an talaṁ agus é i ḃfastóḋ sna líontaiḃ....

Deaideó boċt! Ba truaiġ é a ċás!

Aċt is goire caḃair Dé ná an doras. Ḃí an sean leoṁan n-a ṗríosúnaċ aċt is ag cáirde ḃí sé n-a ṗríosúnaċ. Bean an Ċaiptín agus culaiṫ fir uirṫi d’ionnsaiġe an leoṁan! agus cé ṫiocfaḋ de ċaḃair uirṫi aċt fuireann na Brídeóige!

Bí an-oiḋċe aca i bpluais na leoṁan, ag Máire Ḃáin agus ag an mBúrla agus ag a máṫair agus ag a gcáirde uile, idir fear agus leoṁan, agus ar maidin le eirġe na gréine ċuadar go dtí an Ḃrídeog, ṫógadar na séolta móra bána uirṫi, agus ṫogadar na seólta beaga duḃa uirṫi, ṫugadar a haġaiḋ ar muir agus a deireaḋ ar tír agus níor airiġeadar an bealaċ go raḃadar istiġ i gcuan aoiḃinn áluinn na Gailliṁe.