272202Tír na n-Iongantas — VIIPádraic Ó Conaire
[ 13 ]

VII.

Ní ḋeárna sé féin ná an Caiptín Mongaċ mórán moille sa gcaḃán go ndeaċa an ḃeirt aca suas an staiġre ḃeag, agus ċuala Máire Bán ag siuḃal anonn ’s anall os a cionn ar urlár na luinge iad.

Ḃí sí ag éisteaċt go haireaċ agus faitċíos an doṁain uirṫi, aċt níor eiriġ leiṫi aċt focal fánaċ a ċlos uaṫa. Ní ċloiseaḋ si aċt pébrí ċainnt a ḃíoḋ ar siuḃal aca ag dul ṫar ḋoras an ċabáin ḋóiḃ. Ní ró- ḟada gur ṫuig sí guraḃ é an mairnéalaċ mór, ar ar ṫug a haṫair Satan, a ḃí ag déanaṁ an ċuid is mó de’n ċainnt agus go raiḃ a haṫair ag iarraiḋ é ṡásuġaḋ. B’eigin di cúpla uair nó trí a méara a ṡáiṫeaḋ isteaċ n-a cluasaiḃ leis na mionnaiḃ duḃa, a ḃí ag bruċtaġail amaċ as béal an ṁairnéalaiġ, a ċoinneál uaiṫi. Ċuala sí an tSiúr Máire Aindréis a ráḋ go minic go mba ṁór an peaca mionn a ṫaḃáirt: cá’r ḃfios di naċ mbeaḋ sí ag déanaṁ peaca agus a ḃeiṫ ag éisteaċt leó?

Ḃíodar ag doras an ċabáin.

“Ceann sionnaiġ! Ceann sionnaiġ, adeirim! Dar a ḃfuil. . . . .”

An mairnéalaċ a ḃí ag cainnt. Ṡáiṫ sí na méara ’na cluasaiḃ.

Níor ċuala sí a ṫuille de’n ċainnt ar feaḋ tamaill. Ní raiḃ le clos aici aċt torann na gcos os a cionn agus an t-uisge ag plabaḋ i n-aġaiḋ cliaṫáin na luinge.

An mairnéalaċ arís—

[ 14 ]“Bean ruaḋ agus clann!” as seisean.

“Níl sí ruaḋ,” ars’ a haṫair.

Sin ar ċuala sí.

“Agus an cat! an cat duḃ! Dar....” arsa an mairnéalaċ agus iad ag an doras an ceaṫraṁaḋ uaire.

“Agus cá ḃfios dúinn naċ ḃfuil “pram” aca le aér taḃairt do na páisdiḃ ar urlár na luinge!” ars’ an mairnéalaċ go fonóideaċ.

Ṫáinig fearg ar an gCaiptín, agus ċuir sé an ruaig r an mairnéalaċ mór ar Ṡatan an creasa iongantaiġ.

Nuair a ṫáinig an Caiptín anuas an staiġre ḃeag ṫosaiġ sé ag coṁráḋ le n-a ṁnaoi, aċt ḃí Máire Ḃán sáṫaċ sean le tuigsint nár innis sé aon ċeó ḋi faoi ’n mairnéalaċ mór agus a ċuid cainnte.

Dá n-innseóċaḋ is cinnte go mbeaḋ aiṫméala uirṫi go dtug sí a clann dílis léiṫe ar an turas ba ċonta- ḃairtiġ dá dtug a fear ariaṁ. Níor ṫuig neaċ díob, aċt an Caiptín Mongaċ aṁáin, go raiḃ an ḟuireann biṫeaṁnaċ bradaċ, agus an dream cneaṁaire calma ba ṁeasa dár ṡeól fairrge ariaṁ ar bórd aca, agus go mb’é Satan an ċreasa iongantaiġ ḃeaḋ i n-ann iad a ġríosaḋ le aċrann agus toirmeasg a ċur ar bun. Ṫuig sé naċ mbeaḋ uaiḋ aċt an leiṫsgéal. Agus ḃí an leiṫ- sgéal aige: ní ḃeaḋ air aċt a ráḋ leis an ḃfuirinn aineólaiġ go raib ceann sionnaiġ agus cat duḃ agus bean ruaḋ ar bórd aca agus ḃeaḋ droċ-obair ann. Ní ḃeaḋ air a ċur i gcuiṁne ḋóiḃ gur ḟágadar calaḋ ar an Aoine, ar an 13aḋ lá de ṁí na Saṁna!

Aċt dá ċorruiġṫe dá raiḃ an cailín beag ċeap sí go mba ṁór an gar gur ṫuit a ċodlaḋ ar an mBúrla agus naċ ḃfaca sé mairnéalaċ mór an ċreasa.