Bhí Áindrías an Ime na chomhnaidhe i mBaile ui Mún i
nGleann an Bhaile Dhuibh. Bu leis Baile ui Mún, áit fiche bó
⁊ tarbh leobhtha. Ghlac an Seónstanach Mór é air scór ceithre
chroc dhéag ime do dheánadh air fhichid bó an tSeónstanaigh.
Seachtmhain roimhe Shamhain chuaidh an Seónstanach siar ⁊
seacht ngearráin ⁊ péire cliabh air ghach gearrán fá choinne a
chuid ime. D’fhiafraigh bean Áindriáis Mhóir de Áindrías, go
dé gheánfaidh mé? Tá an t-im ithte agad. D’fhiafraigh Áindrías,
bhfuil oiread ime agad a’s gheánfadh sinn aniu? ⁊ dubhairt sise,
tá. Nuair d’ith siad a sáith, dubhairt an Seónstanach, a Áindriáis,
is cóir duid an solathar do thabhairt domh, ⁊ dubhairt Áindrías,
ní’l solathar air bith agam. D’ith mé é uilig. Dubhairt an
Seónstanach, a Áindriáis, cuirfidh mé ’un an phríosúin thú.
⁊ dubhairt Áindrías, na cuir, acht cuir chugam na fiche bó
bliadhain eile ⁊ bhéarfaidh mé mionna nach n-ithim aon ghreim
ime go ceann bliadhna. Rinne siad an margadh. Thoisigh
Áindrías ⁊ a bhean ag sábháil an ime. Bhí deich mba(th) aig
[ 199 ]Áindrías é fhéin ⁊ shábháil sé an t-im uilig go deárn sé ocht
gcroc ⁊ fiche air shon an dá bhliadhan. Thainic an Seónstanach
an tseachtmhain roimhe Shamhain ⁊ ceithre gearráin déag leis,
péire cliabh air ghach gearrán. Thug sé leis a chuid ime. Ní
bhéidh luach píngne de roinn agam leat, arsa Áindrías. Tá mé
ar tógáil gan aon ghreim ime fhagháil le bliadhain. Cuirfidh mé
stoc bolog chugad air an bhliadhain seo chugainn. Maith go
leór. Rinneadh an margadh. Thainic an t-eallach scór go leith.
Chaith an t-eallach a n-am annsin go dtí an foghmhar. Thug an
Seónstanach leis iad go h-aonach an fhoghmhair Bhealach Seanaidh
é fhéin ⁊ Áindrías leis. Dhíol sé an t-eallach le Connachtach ⁊
dubhairt an Connachtach: is mor an náire nach bhfuil eallach
níos fearr agaibh ná tá. Acht ní’l áit an bhídh ann bhur gcuid
eallaigh na ann bhur ndaoiní. Dubhairt an Seónstanach go robh
eallach agus daoiní ocú co maith ⁊ bhí i gConnachta agus a
ghlacadh a mbiadh co maith fosta. Phléideáil an Seónstanach ⁊
an Connachtach air feadh tamaill agus chuir siad geall thrí leath-ghuinea
cia ocú buachaill an Chonnachtaigh no buachaill an
Seónstanaigh is mó d’íosadh de im. H-innsigheadh an scéal do
Áindrías agus do bhuachaill an Chonnachtaigh ⁊ dubhairt an
bheirt gur mhaith mar tharlaidh, go robh a sáith ocrais orrthú.
Chuaidh siad isteach i dteach an ósta. Fiafruigheadh díobhtha
go dé d’iosadh siad le n-a gcuid ime. Dubhairt an bheirt: Arán
min choirce agus préataí. Fuaras sin dóbhtha. Fiafraigheadh
díobhtha go dé an mhéid ime. Dubhairt Áindrías ceathramhadh
cloiche. Níor bhfhada go robh sin críochnaighthe. Ghair
Áindrías ceathramhadh cloiche eile do gach aon ocú. Nuair a
thainic an t-im, bhuail Áindrías dorn air an bhórd ⁊ dubhairt
nach robh ceart dha dheánamh le ceachtar ocú. Gur cheart
dóbhtha deoch fhagháil. Fiafraigheadh go dé an deoch ⁊ dubhairt
sé: Deoch ime. Go dé an mhéid ime? Léighigidh ceathramhadh
cloiche an fear dúinn. Thainic sé léighte ⁊ ann dhá bpigín.
D’ól Áindrías deoch ⁊ d’iarr sé na préataí ⁊ an t-arán do thabhairt
leóbhtha as an chasán, go bhfaghadh sé a chuid do dheánamh.
Rug sé air fhód de’n im ann a dhorn. Chuir sé ann a bhéil é.
Bhain sé greim mór as. D’ól sé bolgam as an phigín. Dhóirt
cuid de’n im anuas fríd an fhéasóig mhóir. As ocht Dé, a
mháighistir! féach anonn air. Ní fhéadaim do bhéith beó ag
amharc air an bheathach shalach. Díol an geall ⁊ an tráth
rachaidh muid abhaile íocfaidh mé fhéin a leath. Bhain Áindrías
an geall acht d’fhág sé Áindrías an Ime mar ainm air go bhfhuair
sé bás.
Áindrías an Ime
[ 197 ]
Áindrías an Ime.