Éamonn Ua Ciórrthais

90440Téacsanna ó na Gleannta — Éamonn Ua Ciórrthais1906
[ 201 ]
Éamonn Ua Ciórrthais (?).

Bhí baintreabhach mná i Leitir-Mhic-a-Bháird. Bhi beirt mhac aici – Padraig Ua Ciórrthais an fear bu sine ⁊ Éamonn ab óige. D’fhás siad suas go robh siad ann a mbuachaillí. Aon lá amháin dubhairt Éamonn le n-a mhathair: A mhathair! imtheachaidh mise go bhféachfaidh mé m’fhortún fhagháil domh fhéin. Tá an talamh beag: go leór aig mo dhearbhbhrathair. Cia ocú fearr leat toirtín beag ⁊ mo bheannacht no toirtín mór ⁊ mo mhallacht? is fearr liom toirtín beag ⁊ do bheannacht. Ghléas air ⁊ d’fhag beannacht aig n-a bhunadh. Thug a mhathair a beannacht dó. Bhí sé mall trathnóna nuair d’fhág sé an baile. Ní’l ann acht go bhfuair se trasna Ghaoth-Beara go dtainic an oidhche ⁊ chodail sé an oidhche sin anusan Gharbhchoill. Air thuitim ’na chodladh dó thainic annsair Cú Beag na Garbhchoilleadh. Sé do bheatha, a Éamuinn Ui Ciórrthais, arsí. Cuid air leith ⁊ coimhreainn ⁊ rud le tabhairt annsair na coileáin. Gheobh tú sin, a choileáin uasail! Thug dithe cuid air leith ⁊ coimhreann ⁊ rud le tabhairt annsair na coileáin. A Éamuinn Ui Ciórrthais, arsa ’n cú, tá mé buidheach díod. Ce b’air bith áit i mbéidh tú i ngeibhionn, deán scairt air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Air maidin lá air n-a bhárach go luath, luath, d’eirigh ⁊ chuaidh sé air shiubhal ⁊ shiubhail roimhe níos fuide na thig liomsa ’innse. Fa dheireadh trathnóna go mall chonnaic sé cúairt ⁊ caisleán mór. Thainic sé ’un an geafta. Fiafruigheadh de, go dé bhí sé dha iarraidh. D’innis sé dóbhtha gur buachaill bhí aig iarraidh aimsire. Ní robh muid sinne aon lá ariamh nach robh buachaill de dhith orrainn, arsa ’n geaftóir. Go dé an obair a bhfuil tú maith aige. Saoilim nach bhfuil obair fá ’n teach nach dtig liom a dheánadh. Go dé ’n tuarastal atá tú dha iarraidh go ceann lá ⁊ bliadhain? Fágfaidh mé sin aig an rí. Ce b’air bith tuarastal is fiú mé, bhéarfaidh sé domh é. Air maidin lá air na bhárach chonnaic sé mórán spící air an bhadhbhdhun ⁊ ceann daoiní air chuid ocú. D’fhiafraigh sé, go dé tá mé ’g dul a dheánadh aniu. Teiseanadh dó bóitheach nar cartadh le seacht mbliadhna, ⁊ mur mbéidheadh sé cartaighthe trathnóna, go gcuirfidhe a cheann air spíce. Fuair sé grape, ⁊ an chéad cheann a chaith sé amach, sé an rud a thainic seacht gcinn asteach. Chaith sé ceann eile amach ⁊ thainic ceithre cinn déag asteach. Ó tím, arsé, is goirid go robh an teach seo líonta ⁊ rachaidh mo cheann-sa air an spíce. Tá mé i ndrocháit, arsé. Ni’l imtheacht air an bhás agam. Aréir chuala mé trí scairt mhóra thíos anns an ghleann. [ 203 ]D’fhiafraigh mé go dé bu chiall dó sin. Dubhairt an cócaire liom gur trí fathaigh a thainic annseo do iarraidh nighean an ríogh le pósadh air an fhear bu mhó ocú. No go scriosadh sé a rioghachta mur bhfaghadh sé í. Sin no fear a throidfeadh é. Chuir nighean an ríogh ar gcúl é go ceann bliadhna go bhfaghadh sí gaiscidheach a throidfeadh é. Nach bhfuil oidhche air bith nach leigeadh siad trí scairt le h-athas go robh siad oidhche eile níos neise do’n phósadh. Anois tá mé réidh. Ní’l imtheacht air an bhás agam. Tá mé i ngéibhionn. Rinne sé scairt air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Chonnaic sé Cú Beag na Garbhchoilleadh ag reathaidh annsair. D’innis dithe go dé mar bhí sé. Dona thú, arsí. Amhairc annseo ann m’ascaill dheis. Fuair sé grape an-bheag astigh ann a h-ascaill. Tabhair leat í-sin ⁊ tabhair gráinín de’n aoileach amach air an dorus léithe. Bí fhéin as an chasán. Rinne sé sin ⁊ thoisigh an t-aoileach ag eirigh i n-áirde ⁊ ag teacht amach co tiugh a’s bhí an dorus ábalta é do leigean amach. Níor bhfada go robh an bóitheach folamh. Tá do thasc deánta, arsa ’n cú. Féadann tú siubhal thart go dtí an oidhche. Féadann tú má’s é do thoil é siubhal go bhfeicidh tú na fathaigh. Chuaidh sé síos ’n an ghleanna. Air dhul síos dó chonnaic sé fear tárrnochttha crochta as crann. Gur b’é do bheatha, a Éamuinn Ui Ciórrthais! arsé. Is tú adhbhar an ghaiscidhigh is fearr anns an domhan. Buail buille de do chlaidhimh air an ghad seo. Tá mo chúig caoil anns an aon cheangal. Agus leig mise anuas. Ní bhuailfidh mé buille. Ce b’air bith ar chuir suas thú, leigeadh sé anuas thú. Shiubhail leis ’un an ghleanna ⁊ níor bhfada dhó go bhfaca sé an faitheach (fathach) ag tairngt air. Rinne sé gaire mór. Go dé adhbhar do gháire? arsa Éamonn. Tá, go bhfuil d’oiread-sa do fheóil úr agam le h-ithe aniu. Is mór liom ann aon ghreim thú. Is beag liom ann dhá ghreim thú, ars’ an faitheach. Ní’l eagla orm, ars’ Éamonn. Deán do dhithcheall. Thoisigh an troid. Throid siad go dtí trathnóna go mall agus bhí cumadh air an fhaitheach go mbéidheadh sé ro-ábalta aig Éamonn. Smaoitigh sé gur dhona an rud é an faitheach é do mharbhadh. Thug sé léim i n-áirde. Bhuail sé i gcomhrac a chinn ⁊ a mhuineáil é. Chaith sé an ceann de go glan. Thug é-fhéin léim eadar an ceann ⁊ an cholann. Níor bhac díod, ars’ an teangaidh a bhí sa cheann, dha bhfaghainn-se air an cholainn arís, thusa ⁊ fir an domhain (fir fagháil), ní bhainfeadh de mé. D’fhan sé annsin gur fhuaraigh an ceann ⁊ an cholann. Thainic abhaile. Labhair an Crochaire Tárrnochttha: A Éamuinn Ui Ciórrthais, a dheagh-ghaiscidhigh, mharbhuigh tú [ 205 ]an faitheach aniu. Buail buille beag de do chlaidhimh air an ghad seo ⁊ leig mise anuas. Ní bhuailfidh, arsa Éamonn. Is dóiche gur b’é do dhrochghniomharthaí fhéin a d’fhág innsin thú. Ce b’air bith ar chuir suas thú, tugadh sé anuas thú. Thainic sé na bhaile. Ní robh acht dhá scairt anns an ghleann an oidhche sin. Lá air na bhárach fuair sé teach a bhí lán feadógaí, a leigean amach, aire do thabhairt dóbhtha air feadh an lae, ⁊ a gcruinniughadh asteach trathnóna. Nuair a scaoil sé amach na feadógaí, d’imthigh siad an uile chearn ⁊ ní robh aon cheann le feiceál aige. Bhí sé buaidheartha ⁊ scairt sé aríst air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Dona thú, arsa ’n cu, nach bhfuil ábalta na feadógaí do chruinniughadh. Amhairc ann m’ascaill chlí. D’amhairc ⁊ fuair sé fídeóg bheag ann. Nuair is maith leat iad do chruinniughadh seinn air sin. Sheinn sé air an fhídeóig ⁊ chruinnigh na feadógaí as (g)ach uile chearn a robh siad isteach gur dhruid sé an dorus. Shiubhail leis síos ’un an ghleanna go dtainic fhad leis an Chrochaire Thárrnochttha. A Éamuinn Ui Ciórrthais, is tú an gaiscidheach is fearr san domhan. Mharbhuigh tú an faitheach ané. Chart tú an bóitheach ané. Chruinnigh tú na feadógaí asteach aniu. Muirfidh tú faitheach eile aniu. Buail buille beag de do chlaidhimh ⁊ leig mise anuas. Ní mé a chuir suas thú ⁊ ní me a leigfeas anuas thú, arsa Éamonn. Shiubhail leis síos ’un an ghleanna. Thainic an faitheach mór ann a aracais a bhí i bhfad níos mó na’n chéad cheann. A Éamuinn Ui Ciórrthais, a dhailtín bhig, bheadaigh! Mharbhuigh tú mo dhearbhbhrathair ané, acht bhéarfaidh tú díol ann aniu. An íde chéadna fuair do dhearbhbhrathair ané, gheóbh tusa é aniu. Thoisigh an troid ⁊ ní robh acht trumparacht ann go dtí sin. Throid siad go robh sé ’g éirigh dorcha. Ghlac Éamonn ochtach amháin. Thairrn sé a chlaidhimh. Leis an bhéim sin bhain se an ceann de’n fhaitheach. Thug sé léim eadar an ceann ⁊ an cholann mar rinne sé aroimhe. Thainic sé abhaile. Ní robh acht aon scairt amháin san oidhche sin. Air maidin lá air n-a bhárach d’éirigh Éamonn, dubhairt an rí leis: Tá loch annseo ’bhfuil trian de mo dhúithche folaighthe aige. Caithfidh tú é ’bheith taomtha tirim agad aig an trathnóna. Scairt Éamonn air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Amhairc astigh ann mo chluais dheis, arsa’n cú. Fuair sé an spanóg bu lugh chonnaic sé ariamh. Tóg lán na spanóige ⁊ caith síos an cnoc é. Níor fhan aon dheór amháin ann. Shiubhail leis sios ’un an ghleanna. Sé do bheatha, a Éamuinn, arsa’n Crochaire. Tá beirt de na fathaigh marbh agad. Tá dhá dtrian de nighean an rí bainte agad. Muirfidh [ 207 ]tú an faitheach mór aniu. ⁊ buail buille beag de do chlaidhimh air an ghad seo. A’s beidh mo chuideadh agad go bráthach. Ní mé chuir suas thú ⁊ ní mé bhéarfas anuas thú. Shiubhail leis síos ’un an ghleanna. Thainic an faitheach mór ann a aracais. Bhí sé éagsamhalta. A Éamuinn Ui Ciórrthais, a sclábhuidhe mhallaiglithe, mharbhuigh tú mo dhá dhearbhbhrathair acht is goirid go mbuinfidh mise do ceann díod. An íde chéadna fuair do dhá dhearbhbhrathair gheóbh tusa. Thoisigh an troid ⁊ níor bhfiú brobh é go dtí sin. Thóg Éamonn a chlaidhimh le meisneach ⁊ dóchas. Bhuail an faitheach i gcomhrac a chinn ⁊ a mhuineáil. Chaith an ceann air shiubhal fad naoi n-eitire ⁊ naoi n-iomaire. Leím é-fhéin eadar an ceann ⁊ an cholann mar rinne aroimhe. Thiontaigh ’un an bhaile gur chas dó an Crochaire Tárrnochttha. A Éamuinn Ui Ciórrthais, arsé, tá nighean an ríogh bainte agad. Tá na trí faithigh marbh. Ní fheicfidh mise níos mó thú. Scaoil mise as seo. Agus má chuirim fearg ort a choidhche thig leat mo cheangal suas air ais. Gheánfaidh mise sin, arsa Éamonn. Bhuail sé buille beag de’n chlaidhimh ⁊ ghearr sé an gad. Thuit an Crochaire anuas go talamh. D’amhairc sé go fiata air Éamonn. Mharbhuigh tú mo thriúr dearbhbhraithreacha acht muirfidh mise thusa, arsa’n Crochaire. An íde chéadna fuair do chuid dearbhbhraithreacha gheóbh tusa. Ní fiú liom do mharbhughadh ⁊ ní mhuirfidh mé thú as siocair gur scaoil tú mé. Rug sé air Éamonn, bhain de a chuid éadaigh ⁊ cheangail suas é air an chrann chéadna air a robh sé fhéin. B’iomdha scread ⁊ gártha cruaidh a bhí aig Éamonn. Thug an Crochaire rása. Rug sé air nighean an ríogh. Léim sé amach air an dorus ⁊ í leis. Ní robh fhios soir no siar ce an áit a deachaidh sé. Chonnaic seirbhíseach de chuid an ríogh Éamonn crochta as an chrann. Ghlac truaighe é ⁊ ghearr sé an gad. Bhí lúthgháir air Éamonn ⁊ rinne sé deifre go teach an ríogh. Bhí buaidhreadh mór annsin nighean an ríogh imthighiste. Ghlac fearg mhór an rí. Dubhairt sé gur b’é Éamonn bu chiontaidh ⁊ nach dtiúbhradh rud air bith acht a cheann do chur air spíce sásughadh dó. Deán rud eile liom, arsa Éamonn. Shaor(th)aigh mé do nighean ⁊ mharbhuigh mé na trí fathaigh. Anois tabhair domh lá ⁊ bliadhain le do nighean do thabhairt air ais. Mur bhfaghaidh mé í, tiocfaidh mé air ais má bhídhim beó ⁊ cead agad annsin mo cheann do chur air spíce. Gheánfaidh mé sin leat, arsa an rí. D’imthigh Éamonn ⁊ shiubhail sé mórán. Fa dheireadh ní robh fhios aige cá robh sé ’g dul. Ní fhuair sé aon tuairisc. Trathnóna amháin ⁊ é an-tuirseach tharlaidh gur chas dó teach i n-imeall coilleadh. Chuaidh sé [ 209 ]asteach. Ní robh aon duine ann acht aon seanóir amháin críonliath. D’iarr sé lóistín na h-oidhche. Dubhairt an seanóir go bhfuigheadh ⁊ fáilte. D’éirigh air maidin go luath lá air n-a bhárach. D’fhiafraigh an seanóir cá robh sé ’g dul. D’innis dó mar thug an Crochaire Tárrnochttha leis nighean an ríogh ⁊ go robh sé a gcuartughadh. Is truagh nar fhan tú annsan bhaile, arsa an seanóir. Ní fheicfidh tú é a choidhche. Siubhailfidh mé go bhfaghaidh me bás, sin no go bhfaghaidh mé nighean an ríogh. Má ní tú siubhal anmhór, trathnóna tiocfaidh tú air theach eile cosamhail leis seo ⁊ gheóbh tú lóistín go maidin. Má tí tú go mbéidh graethe agad leis a choidhche, deán scairt air sheabhac Ghleann Dath Buidhe. Rinne sé sin ⁊ trathnóna go mall tharlaidh air an teach ⁊ chuaidh sé asteach. Fuair sé seanóir cosamhail leis an chéad seanóir. D’fhan aige go maidin. D’innis dó brígh a shiubhail. Má tí tú, arsa an seanóir, go mbéidh graethe agad leis a choidhche, deán scairt air dhobhrán donn Loch an Iubhair. Má ní tú siubhal maith béidh tú aig dearbhbhrathair domhsa trathnóna go mall. Sin dearbhbhrathair domh a robh tú aige aréir. Mur dtugaidh an fear a mbéidh tú aige anocht tuairisc dhuid ní bhfuigh tú é air dhruim an domhain. D’imthigh roimhe ⁊ ní siubhal a bhí sé acht ag reathaidh. Trathnóna go mall fuair se an teach. Fuair sé biadh ⁊ leabaidh mhaith. Go luath air maidin d’éirigh ⁊ d’innis do’n tseanóir brígh a shiubhail ⁊ go dé mar chaith sé an dá oidhche eile aig an da sheanóir eile. Is truagh liom do scéal, arsa an seanóir, do leitheidsa de bhuachaill bhréagh a bheith air shlighe a chaillte. Ní fheicfidh tú an Crochaire Tárrnochttha a choidche ⁊ is maith dhuid, na mhuirfeadh sé thú. Pill ’un an bhaile. Ní phillfidh mé go marbhfar mé. Sin no go bhfeicfidh mé nighean an ríogh. Cuirfidh mise giota eile thú, arsa an seanóir. Gabh síos ’un an chladaigh ⁊ má tí tú bád, gabh asteach inntí. Na labhair focal air bith. Chuaidh sé síos ’un an chladaigh ⁊ chonnaic sé bád beag baoideach miotail. Buachaill beag baoideach anns an bhád. Maide rámha i ngach láimh aige. Chuaidh sé asteach anns an bhád. Chuaidh an bád ’un fairge. Ní robh fhios aige cá deachaidh sí acht go deachaidh sí i bhfad. Fa dheireadh bhuail sí asteach air thalamh. Shiubhail sé suas an t-oileán. Chonnaic sé seanchaisleán mór dubh. Chuaidh sé asteach ⁊ chonnaic sé annsin nighean an ríogh. Rinne sí fearadhfháilte mhór roimhe. Is maith mar tharlaidh, arsí. Tá an Crochaire Tárrnochttha air shiubhhal as baile ⁊ ní thiocfaidh sé go ceann thrí lá. Chuir mise cúl air gan a phósadh go ceann bliadhna. Tá sé as baile [ 211 ]anois ⁊ ní thiocfaidh sé go ceann thrí lá. Béidh muid i bpléisiúr an tamall sin fhéin. Aig ceann na dtrí lá dubhairt nighean an ríogh, caithfidh mise thusa fholach. Tá an Crochaire Tárrnochttha ag teacht. D’fholaigh sí Éamonn. Thainic an Crochaire. Mothuighim boladh an Éireannaigh bhradaigh, bhréagaigh annseo, arsé. Mothachaidh tú sin, arsí, fhad a’s tá mise ann. Air maidin go luath lá air n-a bhárach d’imthigh an Crochaire ⁊ dubhairt nach mbéidheadh air ais go ceann dá lá. Dubhairt Éamonn le nighean an ríogh: mur bhfaghaidh muid plan éiginteach oibriughadh, ní bhfuigh muid buaidh air an Chrochaire go deó. Go dé ghéanfaidh muid? arsa nighean an ríogh. Leig thusa ort, arsa Éamonn go bhfuil cion mór agad air ⁊ go bhfuil buaidhreadh ort an pósadh do chur air gcúl. Deán iolghárdas mór nuair a thiocfaidh sé abhaile. Rinneadh sin uilig. Bhí bród mór ⁊ athas air an Chrochaire ⁊ dubhairt sé, dha mbéidheadh fhios agad fios an fhir atá agad, bhéidheadh tilleadh athais ort. An féidir do mharbhughadh? Ni shaoilimse go bhfuil aon ghaiscidheach anns an domhan ábalta do mharbhughadh. Rinne sé gáire mór. Tím anois go bhfuil do ghrádh bainte agam. Innseachaidh mé dhuid go dé mhuirfeadh me. Ní thig mise do mharbhughadh, arsa an Crochaire, go ngearrtar an crann mór sceach tá air bharr na binne thíos aig an fhairge. Dha ngearrfaoi an crann, air thuitim dó léimfeadh sionnach mór amach; a’s a bhfuil de chonairt anns an domhan, ní mhuirfeadh siad an sionnach go dtigeadh Cú Beag na Garbhchoilleadh as Éirinn. Mhuirfeadh Cú Beag na Garbhchoilleadh é. Air thuitim do’n tsionnach, léimfeadh lach amach as an tsionnach. D’imtheachadh sí san spéir. An méid seabhaic atá san domhan, ní mhuirfeadh siad an lach acht amháin seabhac Ghleann Dath Bhuidhe. Dha marbhfaoi í bhéarfadh sí uibh air lár na fairge. An méid dobhráin atá san domhan, ní bhfuigheadh sé an uibh sin acht Dobhrán Donn Loch an Iubhair. Na dhiaidh sin ⁊ uilig ní bhéidhinnse marbh go mbuailtí an uibh sin air an bhall dubh atá thíos air thóin mo ghoile. Thúsaigh nighean an ríogh ag damhsa le h-athas ⁊ dubhairt gur bhfada léithe go dtí lá an phósta. Tá mise ag imtheacht anois, arsa an Crochaire, ⁊ ní thiocfaidh mé air ais go dtí trathnóna amárach ⁊ annsin ní imtheachaidh mé níos mó. D’imthigh sé ⁊ d’fhág sé slán aig nighean an ríogh go bpillfeadh sé air ais. Thainic Éamonn asteach ⁊ bhí an scéal mór aig nighean an ríogh dó. Ní’l am air bith le cailleadh, arsa Éamonn. Caithfidh muid túsughadh dh’obair. Fuair siad dhá thuagh. Thoisigh siad do ghearradh an [ 213 ]chrainn go tiugh ⁊ go dían. Níor bhfada gur ghearr siad an crann. Air thuitim do’n chrann léim an sionnach amach. Scairt Éamonn air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Níor luaithe bhí an focal ráidhte ná chonnaic siad an cú i ndiaidh an tsionnaigh. Sin an áit a robh an rása ⁊ an choraidheacht, acht níor bhfada go bhfuair an cú greim muineáil air ⁊ léim an lach fhiadhain amach as an tsionnach. D’éirigh sí i n-áirde anns na spéirí. Scairt Éamonn air sheabhac Ghleann Dath Bhuidhe. Le preabadh na súl bhí an seabhac le feiceáil i ndiaidh an lacha. Níor bhfada gur bhuail an seabhac an lacha ⁊ iad amuigh os ceann na fairge. Air thuitim do’n lach rug sí uibh ⁊ thuit sí síos air lár na fairge. Scairt Éamonn air Dhobhrán Donn Loch an Iubhair (do) theacht go deifreach ⁊ an uibh do thabhairt annsair. Anns an am sin chonnaic siad an Crochaire Tárrnochttha ag tairngt orrthú ⁊ bhí sé ag éirighe lag. Bu luaithe leis an dobhrán do bheith aig Éamonn ná’n Crochaire Tárrnochttha. Bhí a bhéal fosgailte ag iarraidh do bhéith fagháil anála. Rug Éamonn air an uibh o’n dobhrán. Chaith sé asteach i mbéal an Chrochaire i. Thuit sí síos ⁊ bhuail sí an ball dubh a bhí air thóin a ghoile. Thuit an Crochaire Tárrnochttha marbh. Bhí lúthgháir mhór air Éamonn ⁊ air nighean an ríogh. Rachaidh muid anois ’un an bhaile, arsa Éamonn. Bhí luingis go leór anns an chuan. Líon siad long lán óir ⁊ airigid. Ní robh fhios ocú go dé an bealach a rachadh siad. Chonnaic siad an bád beag miotail ag teacht asteach o’n fhairge mhór. Chuaidh an bheirt asteach san bhád. Chuir an bádóir crúca i bhfasta anns an luing ⁊ chuaidh sé ’un fairge. Ba luaithe é go mór ná’n ghaoth Mhárta go dtainic sé asteach faoi theach an tricheadh seanduine. Bhí lúthgháire mhór air an tseanduine rompú. Chaith siad an oidhche sin aig an tseanduine le pléisiúr. Lá air n-a bhárach fuair an seanduine cartannaí ar cuireadh an t-ór ⁊ an t-airgead orrthú. Thug siad leóbhtha an seanduine. Thainic siad go teach an dara seanduine. Chaith siad oidhche annsin i bpléisiúr. Thug siad leóbhtha an dara seanduine go teach an chéad seanduine. Chaith siad oidhche i bpléisiúr aige ⁊ thug siad a n-aghaidh air an bhaile na trí sheanduine leóbhtha. Nuair thainic siad go caisleán an ríogh bu é an lá deireannach de’n bhliadhain é. Bhí iolghárdas os ceann cumais air an rí roimhe n-a nighean ⁊ roimhe Éamonn. Béidh mo nighean agad mar mhnaoi fhad a’s bhéidheas sí beó ⁊ is cinnte gur maith an airidh ort í. Rinneadh banais a mhair seacht n-oidhche ⁊ seacht lá. Bhí an lá deireannach comh maith leis an chéad lá. Tá siad fhéin ⁊ a gclann ⁊ a n-iaraimh aim sonas ⁊ ann séan.