Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Fear agus a Chlann Mhac

181867Aesop a tháinig go h-Éirinn — An Fear agus a Chlann MhacPeadar Ua LaoghaireAesop
[ 12 ]

13.—AN FEAR AGUS A ĊLANN ṀAC.


Ḃí fear ann, agus ḃí ainim airgid air, agus ḃí sé ag dul ċum báis. Ní ḟeidir aoinne ḋ’á ċlaínn cá raiḃ an t-airgead i ḃfolaċ aige, agus ḃí eagla orṫa go ḃfaġaḋ sé bás gan an áit d’ínsint d’aoinne agus go mbeidís i n-éaġmais an airgid. Tar éis maċtnaiṁ agus cóṁairle ḋóiḃ, isé ċeapadar gur ḃ’ ḟearr a ḟiafraíġe ḋé cá raiḃ sé i ḃfolaċ. Níor ṫug sé freagra orṫa go ceann aḃfad. Ċuireadar an ċeist ċuige airís agus airís eile. Fé ḋeire dúḃairt sé, “Tá sé curṫa troig goileiṫ i dtalaṁ, sa ṗáirc sin amuiċ.” Níor ḟéadadar a ṫuille eóluis d’ḟáġail uaiḋ. Fuair sé bás agus do cuireaḋ é.

Siúd ag lorg an airgid iadsan. Do ṫeip orṫa a ḋéanaṁ amaċ sa ṗáirc, áit ba ḋóiċíġe ’ná a ċéile ċum an airgid do ḃeiṫ ann. Ḋéineadar poll ṫall agus poll aḃfus, fé mar ċeapadar go mb’ ḟéidir go ḃfaiġdís é, aċt ní ḃfuaradar a ṫuairisg.

Fé ḋeire ṫánadar i dtusaċ na páirce agus do róṁradar ṫórsa an uile órlaċ di, troig go leiṫ ar doiṁneas. Ní ḃfuaradar an t-airgead. Ní raiḃ sé ann ċuige. “Cad a ḋéanfam anois?” arsa duine acu. “Cuirimís arḃar sa ṗáirc,” arsa duine eile, “agus bíoḋ rud éigin againn de ḃár ár saoṫair.” Do deineaḋ san, agus an bara arḃair a ḃí ar an bpáirc sin sa ḃfoġṁar a ḃí ċúgainn do baineaḋ é agus do buaileaḋ é agus cuireaḋ d’á ḋíol é, agus do ḋein sé níos mó airgid ’ná mar ċeapadar a ḃí i ḃfolaċ agá n-aṫair ó ṫusaċ. Ṫugadar an saoṫrúġaḋ céadna ar ḋá ṗáirc i gcóir na h-aṫḃliaġna, agus ḋéineadar a ḋá oiread airgid, agus mar sin dóiḃ go dtí go raḃdar neaṁspleáġaċ go maiṫ.

An Múineaḋ.

Nuair a ḃéir ag dul ċum báis fág agad’ ċlainn cóṁairle a leasa agus fonn na cóṁairle sin do ḋéanaṁ orṫa. Is áḋḃaraíġe ḋóiḃ san ’ná airgead mór.