Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Sealgaire agus an Colúr

Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Sealgaire agus an Colúr
[ 11 ]

12.—AN SEALGAIRE AGUS AN COLÚR.


Ċuaiḋ sealgaire amaċ lá ag sealgaireaċt. Ċonaic sé colúr ar ċrann. Ċuir sé saiġead fé ṡraíng a ḃoġa. Do leig sé é féin ar a leaṫ ġlúin ċum an urċair do ċaiṫeaṁ. Díreaċ le línn é ḃeiṫ ċum an urċair do ċaiṫeaṁ, agus a ġlúin ag teaċt ċum tailiṁ, do ċuir sé órdóg a ċoise deise ar aṫair níṁe a ḃí ’na luíġe sa ḃféar laistiar dé. Do rug an t-aṫair níṁe ar ṡáil air. Do léim sé suas gan an t-urċar do ċaiṫeaṁ agus do ċuaiḋ an t-eun saor.

Do ġluais an níṁ ó ḟiacal na péiste tríd an sáil agus tríd an gcois agus tríd an gcolainn ar fad, agus ba ġearr go raiḃ an duine i n-uaḋaċt ḃáis.

“Á!” ar seisean. “Ṫáinig an t-olc tímpal. An bás a ċeapas do’n eun isé is trúig ḃáis dom féin!”

An Múineaḋ.

An t-é ḋeinean an t-olc is air a ḃíon iarsma an uilc, .i. an peacaḋ. Ní túisge ṫugan an duine toil do’n ṗeacaḋ ’ná ṡatlan sé ar aṫair níṁe. Cuirean an peacaḋ fiacal níṁe ann agus gaḃan an niṁ sin tré n-a ċroíḋe agus tré n-a anam.

Téiḋan an t-éun saor, áṁ. Ní ṫéiḋan an peacaḋ ṫar an t-é ḋeinean an t-olc. An t-é ḟuilgean an t-olc ní ḃíon aon smól de’n ṗeacaḋ air.